Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 8
I ndiaidh tréimhse in Ollscoil Ife, sa Nigéir, sna 1970idí luatha d’fhill sé ar Leeds, mar ar chaith sé deich mbliana ag léachtóireacht le Béarla sular ceapadh ina Ollamh le Béarla é agus ina Cheann ar Scoil an Bhéarla, na Meán agus Léann na hAmharclannaíochta in Ollscoil Nua Uladh sa bhliain 1984, agus gan slánaithe aige ach seacht mbliana is tríocha ··· I léachtlann de chuid Chúil Raithin in 2001, i ndiaidh dó dhá uair an chloig de shárléargas a thabhairt as a sheasamh ar fhilíocht Ghaeilge na Mumhan sa seachtú haois déag, chualathas mac léinn amháin a rá ‘dá mba mar sin a bheadh gach léacht ollscoile ní fhágfainn an foirgneamh choíche.’ Bhí sé de chlú ar Welch gur roinn sé a mhóréirim leis na glúine de mhic léinn, agus in amanna, in áiteanna nach mbeifí ag dréim leis
Nárbh iomaí Ollamh Ollscoile nó múinteoir scoile nó buachaill nó cailín a bhí ag déanamh céim ollscoile a thug cuairt air i Rann na Feirste agus roinn sé leo go fial fáiltiúil an chuid ab fhearr de sheanchas, de bhéaloideas agus de chanúint dhúchasach Rann na Feirste (2014). Sna 1970idí agus sna 1980idí ba ghnách le Micheál Ailf Ó Murchú, léachtóir le Gaeilge san ollscoil, cuid mhac léinn Ollscoil Uladh a thabhairt chuig John le héisteacht le saibhreas cainte nach raibh a leithéid ag mórán eile ··· Mhair John ag tabhairt ranganna do mhic léinn as Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh, agus iad ar chúrsaí Gaeltachta, go raibh sé thar na ceithre scór bliain d’aois
I gceann ar bith de na liostaí mórluachacha sin a chuirtear le chéile anois is arís de príomhshaothair na tíre, ba cheart go mbeadh ann gan agó, gan agús.’ In Scríobh 5 (1981) d’fhoilsigh sé an t-alt ‘An Duinníneach – comhar liteartha.’ I measc na n-onóracha a bronnadh ar Phroinsias bhí Duais Raidió Jacob in 1978, Gradam Shean-Nós Chois Life in 1998, Gradam Aitheantais na bPíobairí Uileann in 2006, agus, gan amhras, dochtúireacht oinigh Ollscoil Uladh in 2002
Bhí dochtúireachtaí oinigh aige ó Ollscoil na hÉireann, ó Ollscoil Ghlaschú agus ó Ollscoil Uladh. Dúirt Breandán Ó Buachalla: Ní chuirfeadsa fiacal ann: chomh fada agus a bhaineann liomsa, b’é príomhscoláire Gaeilge a linne féin é gan dabht, agus is áirithe liom go n-áireofar fós ar cheann de mhórscoláiri na haoise seo é, duine den bhfíorbheagán acu a raibh cáil idirnáisiúnta dáiríre air. Dúirt Calvert Walkins, Ollamh na Teangeolaíochta in Harvard, i léacht ag Scoil Shamhraidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath in 1981: Across the past four decades, no other scholar has explained so much of the Irish language so well
Tugadh raidhse onóracha di ó 1966 ar aghaidh: in éineacht le naonúr eile toghadh í ina ball saoil den Mhainistir; i 1970 tugadh ballraíocht saoil di in Irish Actors’ Equity; thug Ollscoil na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Uladh agus ollscoileanna i Meiriceá dochtúireachtaí di; d’ainmnigh Cearbhall Ó Dálaigh [B5], Uachtarán na hÉireann, í mar bhall de Chomhairle an Stáit i 1975 agus ba í an chéad ealaíontóir í ar tugadh an gradam sin di
Tar éis scolaíochta i dTír Chonaill agus i nDún Dealgan bhí sí in Ollscoil Uladh, Cúil Rathain
Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Breataine Bige dochtúireachtaí oinigh air. Idir 1951 agus 1971 bhí cuid mhaith aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar
Bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge bliain amháin. Ar 26 Deireadh Fómhair 2005 bronnadh an chéim onórach Dochtúir sa Léann air in Ollscoil Uladh