Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Ba iad William John Watson, ollamh le Ceiltis in Ollscoil Dhún Éideann, agus Elizabeth Catherine Carmichael a thuismitheoirí ··· Cuireadh oideachas air sa Royal High School agus in Ollscoil Dhún Éideann ··· Bhí sé ina léachtóir le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú ó 1935 go dtí gur cheap Ollscoil Dhún Éideann é mar ollamh i 1938 i gcomharbacht ar a athair ··· Bhí seisean ina reachtaire ar Acadamh Ríoga Inbhir Nis agus ar an Royal High School sular ceapadh é sa phost in Ollscoil Dhún Éideann ··· Tá bailiúchán Carmichael–Watson i dtaisce in Ollscoil Dhún Éideann
Bhí a athair Walter Bruford (1894-1988) ina ollamh le Gearmáinis in Ollscoil Dhún Éideann agus bhí páirt aige i mbunú Scoil Eolais na hAlba (School of Scottish Studies) i 1951; ba í Gerda Hendrick a mháthair ··· Tar éis do Alan céim a bhaint amach in Ollscoil Cambridge agus obair a dhéanamh le haghaidh dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ceapadh é mar Chartlannaí Taighde i Scoil Eolais na hAlba ··· Deir Almqvist: ‘Tá a bhuíochas ag dul i slí nach beag don saineolas dosháraithe a bhí aige ar bhéaloideas Inse Orc agus na Sealtainne, gur cheannródaí é sa taighde atá ar siúl go leanúnach ar mhalartú traidisiún idir na dúichí Nordacha agus na dúichí Gaelacha.’ Ceoltóir maith ba ea é, dar le Mark Trewin in Tocher 52 (‘Alan Bruford’s Compositions’); sheinneadh sé an liút, an chlairnéid agus an chláirseach agus chum sé breis agus seasca fonn agus dúirt fúthu go raibh siad ‘designed preferably to be played on the fiddle in the accepted style of Scottish (sometimes Irish) dance music.’ Rinne Léitheoir in Ollscoil Dhún Éideann de i 1995
Chuir na deartháireacha spéis sa chamanacht i meánscoil Phort Rí. Is sa léann Ceilteach a bhain Calum a chéimeanna amach in Ollscoil Dhún Éideann ··· ‘Déarfainn gur fearr a thuig sé an Ghaeltacht ansiúd ná éinne eile sa tír sin’, a deir Seán Ó Súilleabháin. Nuair a bunaíodh Scoil Eolais na hAlba in Ollscoil Dhún Éideann chuaigh sé a bhailiú béaloidis dóibh sin i 1951
Dar le hÉnrí Ó Muirgheasa (Duanaire na Midhe) gurb é an fáth a bhfuil lámhscríbhinní Pheadair Uí Ghealacáin[q.v.] in Ollscoil Dhún Éideann go bhfuair Abercromby ar iasacht iad agus nár thug ar ais iad, agus gur ag an Ollscoil sin a d’fhág sé a lámhscríbhinní le huacht.
Feirmeoir bocht ba ea a athair ach cuireadh oideachas air sa bhaile, i scoil i mBáideanach agus i gcoláistí eile sula ndeachaigh sé go hOllscoil Dhún Éideann mar a raibh sé, meastar, ag foghlaim diagachta
Bhí sé ar an ngannchuid nuair a theip ar an gcumann sin sa Mhí. Is idir 1822 agus 1854 a bhí obair an scríobhaí á déanamh aige agus tá na 25 lámhscríbhinn dá dhéantús in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste; Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; Coláiste Ollscoile na Gaillimhe; Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; Acadamh Ríoga na hÉireann; Ollscoil Dhún Éideann; an Leabharlann Náisiúnta; Leabharlann Phoiblí Bhéal Feirste; agus Ollscoil Cambridge
Ar na dánta is miníce a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets..., 2000 deir John Minahane go bhfuil na dánta neamhfhoilsithe bailithe le chéile ag Pádraig Ó Macháin i dtráchtas dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann. Is beag atá foilsithe i dtaobh a shaoil
Bhí sé tamall ag obair sa Ghàidhealtachd do Scoil Eolais na hAlban. Bhí sé ina mhac léinn ag Kenneth Jackson [q.v.] in Ollscoil Dhún Éideann 1953-57 agus an léann Ceilteach agus an Fhraincis mar ábhair aige
Deir Flower nár chaith sé ach tréimhse ghairid ansiúd toisc trioblóide lena radharc. Chuir sé isteach ar ollúnacht na Ceiltise in Ollscoil Dhún Éideann in 1882
He was sympathetic, generous and cheerful (even in the comparative poverty in which he lived at one time) – “a scholar with strong human and even political sympathies”, as he was described in the foreword to his History of Ireland, 1933’. Thug na tíortha Ceilteacha ómós dó: dochtúireacht ó Ollscoil na hÉireann, 1925; ó Ollscoil na Breataine Bige, 1966: ó Ollscoil Dhún Éideann, 1967. D’fhreastail sé ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge 1908 agus arís in 1910
na Gaillimhe, agus i 2004 bhronn Ollscoil na hÉireann scoláireacht taistil air agus chaith sé an dá bhliain in Ollscoil Dhún Éideann, Albain