Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 9
Ceapadh é ina ardmháistir ar Choláiste Mhuire nuair a osclaíodh é 4 Deireadh Fómhair 1931 ag 6 Sráid Fhearchair ··· Bhíodh foirne an-mhaithe drámaíochta aige i gColáiste Mhuire agus is minic a bhuaigh sé an chéad duais ag Féile Drámaíochta na Scol ··· Ba é a roghnaíodh ina chathaoirleach nuair a thug Domhnall Ó Corcora[q.v.] léacht ag an gcéad Oireachtas athbhunaithe i 1939. Dúirt Earnán de Blaghd[q.v.] ina thaobh: ‘Ag féachaint siar ar bhlianta anacracha tosaigh an choláiste [Coláiste Mhuire] dom, cuirim in iontas é ó uair go chéile go mbeadh an buan-rath agus an síormhéadú ar an Choláiste dá mbeadh Ard-mháistir eile seachas an Bráthair Ó Tatháin againn’ ··· Is cosúil go raibh fadhbanna sláinte ag cur air go hóg ina shaol nuair a bhí sé i gColáiste Mhuire agus i Luimneach
‘Ba é an Bráthair Ó Muircheartaigh a bhí ina uachtarán ar Choláiste Chaoimhín, agus de bharr a ndúirt seisean faoi, tairgeadh post sa mheánscoil nua lán-Ghaelach, Coláiste Mhuire ··· Duine dá dhaltaí ba ea Dónall Ó Móráin[q.v.]: ‘Bhí mé ag ullmhú do scrúdú na hardteistiméireachta i gColáiste Mhuire i mí na Bealtaine 1942 nuair a dhíol mo mhúinteoir Béarla cóip den chéad eagrán de Comhar liom ··· Mar bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge ghlacadh sé páirt i gcomórtais drámaíochta agus ba é a bhí i gceannas ar fhoireann drámaíochta Choláiste Mhuire; ba spéis leis dráma a scríobh ach chaill Proinsias Mac Diarmada[B5] ceann a scríobh sé sula raibh sé léite aige fiú; tá dráma aonghnímh dar teideal An Luighchán i measc a lámhscríbhinní agus an dáta 5 Deireadh Fómhair 1940 leis ach ní léir gur stáitsíodh é riamh
Thug sé cuairteanna ar gach ceantar Gaeltachta agus ar na háiteanna i gContae an Chláir mar a raibh an teanga le cloisteáil go fóill. I 1931 bhí sé féin agus an Bráthair Micheál Ó Tatháin ar bhunaitheoirí Choláiste Mhuire, Baile Átha Cliath ··· Caomhánach freisin: ‘It could be truthfully said that there were few more qualified to become a founding member of the two Irish-speaking colleges, Coláiste Mhuire and Coláiste Chaoimhín, than Micheál S
Chruthaigh sé go maith mar lúithnire timpeall an ama sin agus bhuaigh craobh de chuid na hollscoile sa dornálaíocht. Bhí sé tamaill ag múineadh i scoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr agus i gColáiste Mhuire ar an gCnoc Beag i gCeatharlach sular ceapadh é ina chigire bunscoile i 1924
Chaith sé tamaill ag múineadh: i nDún Dealgan; i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath; in Ard Aidhin, mar a raibh sé ina uachtarán ar Mheánscoil Dháibhéidh
Bhí sé ag obair anseo is ansiúd ar fud na hÉireann: i gCeanannas Mór, i mBóthar na Trá i nGaillimh, i gCaisleán Dhroimeanaigh, Fionnradharc, Scoil Uí Chonaill agus Coláiste Mhuire (Cearnóg Pharnell) i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan agus san Iúr
Ó 1933 go ndeachaigh sé amach ar pinsean bhí post aige i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea an tseanmháthair úd a thóg é ach ní labhraíodh sí leis í
Fuair a iníon Brighid, mar shampla, a fuair meánoideachas sa Bishop Foy School, scoláireacht a thug go Coláiste na Tríonóide í mar ar casadh uirthi a fear céile Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh (1917–1967), mórfhoilsitheoir na Gaeilge. Bhí Séamas ag múineadh i gColáiste Mhuire, Ráth Maonais, i ndeireadh a shaoil oibre. Fuair a bhean Bríd bás 31 Eanáir 1955
É féin agus an Blaghdach a thug ar John Marcus O’Sullivan, an tAire Oideachais, tacú le bunú Choláiste Mhuire i 1931. Bhí sé ina Aire Rialtais Áitiúil 1927-32, ina Aire Oideachais 1948-51, ina Aire Oideachais arís 1954-57 agus ba é an chéad Aire Gaeltachta é 1956-57