Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 19
Do fuair tabhairt suas i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí ··· D’imigh sé fá dhéin na hAstráile i ndrochshláinte agus is ansin do fuair bás’. An t-aon James Cogan a bhí i gColáiste Cholmáin ba é James Cogan ó Theach Srafáin, Cill Dara, é ··· Dearbhaíonn an tAthair Seán Mac Oitir, Uachtarán Choláiste Cholmáin, gurbh é an coláiste féin a chuirfeadh an scoláireacht ar fáil agus nach foláir nó ba bhuachaill cliste amach is amach an Cógánach seo
Timpeall an ama seo bhíodh sé i láthair ag feiseanna na Mumhan, an filleadh beag air agus é ag baint duaiseanna sna comórtais rince. Faoi 1908 bhí post aige i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí ··· I 1909 bhí an leagan de “Parliament na mBan” sa lámhscríbhinn i gColáiste Cholmáin i gcló aige in An Lóchrann agus san iris chéanna “Eachtra Chondla Mhic Chuinn Chéadchathaigh” i 1911 agus “Ceisneamh Inghine Ghoil Átha Lóigh” i 1912–13
Tar éis bunoideachais sa sráidbhaile chuaigh sé go Coláiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí ··· Chaith sé na blianta 1920-34 ina ollamh i gColáiste Cholmáin ag múineadh Gaeilge agus Matamaitice
Níor Ghaeilgeoirí na tuismitheoirí ach taispeánann Daonáirimh 1901 agus 1911 go raibh triúr dá dtuismitheoirísean beo go fóill agus go raibh Gaeilge agus Béarla acu. Tar éis bunoideachais sa scoil náisiúnta sa Bhaile Nua ghnóthaigh sé scoláireacht a thug goColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, é ··· Chaith sé trí bliana ag múineadh i gColáiste Cholmáin agus ghnóthaigh HDipEd i 1928
Cuireadh oideachas air i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí ··· D’fhill sé ar Éirinn agus chaith trí bliana ag múineadh i gColáiste Cholmáin
Más fíor sin, b’fhéidir go raibh sé ar an gcéad duine riamh a fuair meánoideachais trí mheán na Gaeilge. Chaith sé an tréimhse 1909–10 mar oide sóisearach i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí
Múinteoir i scoil náisiúnta na Gráinsí, fear de mhuintir Dhíomsaigh a raibh Gaeilge aige, a mhisnigh Máirtín chun cur isteach ar scoláireacht le dul go Coláiste Cholmáin
I gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhearmaí, fuair sé an marc is airde in Éirinn i scrúduithe ardteistiméireachta 1937, chomh maith le scoláireacht ollscoile
Tar éis meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn agus i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, thug scoláireacht é chuig Coláiste Ollscoile na Gaillimhe
Théadh an teaghlach ar a laethanta saoire go Cill Fhionnúrach gach bliain. Chaith Proinsias an chuid is mó de 1916-21 i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, mar ar tháinig sé faoi thionchar sagairt dar sloinne de Róiste
Ó 1852 go 1855 bhíodh sé ag freastal ar scoileanna Charraig an Ime agus Mhaigh Chromtha; ó 1855 go 1859 bhí sé ag foghlaim i scoileanna Laidine i Maigh Chromtha agus i gCeann Toirc; chaith sé dhá bhliain ansin i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad in 1861
Bhí sé tamall i Scoil Ullmhúcháin Mr Wall i Maigh Chromtha (mar a raibh an tAthair Peadar tuairim an ama chéanna), tamall i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí agus tamall, b’fhéidir, ar scoil i Sasana sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na nGael i bPáras
Tar éis bunscolaíochta bhí Aindrias i gColáiste Cholmáin sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad
Bhí triúr deirfiúracha aige, Anna (sé bliana i 1901), Louisa (5) agus Kathleen (4). Bhí sé ar scoil i gCeann Toirc sula ndeachaigh sé go dtí an Mhainistir Thuaidh agus ansin go Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí
de Barra, Ráth gCormaic, agus d’fhostaigh sé sin é chun cóipeanna a dhéanamh de LSS an Athar Cinipheic, iarshagart paróiste na háite sin, sular aistríodh iad go Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí’. D’aistrigh sé ‘Carraig Dhonn’ go Gaeilge do Éilís Ní Mhurchú agus dúirt sí é ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh i mBéal Feirste ar 26 Meán Fómhair 1902
Deirtear gur fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí ar dtús agus gur chaith sé tamall i gColáiste Cholmáin
Idir 1912 agus 1920 chaith sé tréimhsí gairide ag múineadh sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí, i gColáiste Sheosaimh i mBéal Átha na Sluaighe, i gColáiste na Toirbhearta i gCorcaigh, agus i gcoláiste in Greenock i nGlaschú
Bhí sé ar scoil i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí
Bhí sé ar an gcéad bhuíon mac léinn a d’fhreastail ar Choláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, in 1858