Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 29
D’éag sé i mBeirlín 3 Samhain 1967 (dáta san idirlíon). Seo a leanas achoimre ar thuairisc Acadamh Ríoga na hÉireann ar thurgnamh Doegan in Éirinn ··· Ba iad Coiste an Léinn Ghaelaigh san Acadamh a stiúraigh an scéim ··· Cuireadh na ceirníní i dtaisce san Acadamh ach tugadh cóipeanna de cheirníní a gcúigí féin do Choláiste Ollscoile Chorcaí, Coláiste Ollscoile na Gaillimhe agus do Choláiste Ollscoile na Banríona, Béal Feirste ··· Bhí comhoibriú na gcoláistí sin le fáil ón tús agus ó shin, go háirithe nuair a bhí athmháistriú á dhéanamh ar na ceirníní ó lár na 1990idí amach agus CD-ROM á réiteach ag an Acadamh ··· Ted Kendall, Hertfordshire, a rinne an t-athmháistriú ar na ceirníní theas agus thuaidh agus ba é Ciarán Ó Duibhín an scoláire Gaeilge a bhí i bhfeighil gnóthaí san Acadamh. Níl á lua anseo ach na daoine in Beathaisnéis a rinne ceirníní do Doegan agus a chomhghleacaithe: Amhlaoibh Ó Loingsigh [B5], Diarmuid Mac Coitir [B5], Seán Ó Conaill [B4], Pádraig Mac Meanaman [B9], Aodh Ó Dubhthaigh [B1: 68], Domhnall Bán Ó Céileachair [B4: 97], Pádraig Ó Cruadhlaoich [B1], Conchúr Ó Síocháin[B1], Micheál Ó Cionnfhaolaidh [B4], Micheál Turraoin [B5], Labhrás Ó Cadhla[B3], Fionán Mac Coluim [B1], Tomás Ó Lócháin [B5], Stiofán Ó hEalaoire [B1], Seán Ó Domhnaill [B1].
Leath na lámhscríbhinní a d’fhág an Brianach le huacht ag an Acadamh Ríoga ba é Brian a scríobh iad ··· Gheofar tuiscint ar an tábhacht a bhain leis i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: tús an athréimnithe, 2001 le Máirtín Ó Murchú. Foilsíodh a shaothar scolártha in Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann
Ba í an Scoil seo faoi deara gurbh é Baile Átha Cliath lárionad domhanda an léinn Cheiltigh ar ball. Bhíodh Meyer ar cuairt go Baile Átha Cliath go minic roimh 1903 agus go háirithe chun léachtaí Todd a thabhairt san Acadamh ··· In Hail and farewell tá cur síos greannmhar ar an gcuairt choicíse a rinne Meyer i dteach Uí Mhórdha. In 1907 cuireadh cúram Fhoclóir an Acadaimh ar Mheyer
I ndiaidh tamaill ghairid ag obair ar fhoclóir na Sean-Ghaeilge san Acadamh Ríoga fuair sé post mar Leabharlannaí Cúnta sa Leabharlann Náisiúnta agus d’fhan sa phost sin go dtí 1948. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Comhar i 1942, é ina bhall den choiste eagarthóireachta, agus scríobhadh sé ann colún cúrsaí reatha faoin ainm pinn ‘Aithirne.’ Cuimhnítear go háirithe ar ráiteas láidir ann nuair ab éigean do Nollaig de Brún éirí as a phost mar Aire Sláinte i mí Aibreáin 1951 ··· ‘Idir an dá linn,’ dúirt sé, ‘beidh an sop so le fáil in áit na scuaibe.’ Is faoina uachtaránacht (1973–76) ar Acadamh Ríoga na hÉireann a socraíodh go gcuirfí tús le Foclóir na Nua-Ghaeilge
Daoine mar Sheán Ó hÓgáin[B2], James Cogan[B3] agus Tomás Ó Néill Ruiséal[B3] a chastaí air i leabharlann an Acadaimh Ríoga nó in áiteanna eile, bhí siad ar aon fhocal leis go raibh gá le gníomh ··· 1927–40 agus ar feadh trí bliana eile ina uachtarán ar an Acadamh Ríoga
Bhí obair seachas logainmneacha ar siúl aige agus is i rith na tréimhse sa tSuirbhéireacht a rinne sé cóipeanna de lámhscríbhinní d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus do Choláiste na Tríonóide ··· In 1852 freisin bhí sé i gceist go gcuirfeadh sé féin agus an Donnabhánach foclóir mór Gaeilge le chéile, ach, cé gur fhág William Elliott Hudson[q.v.] £200 le huacht agus gur thug John Martin (1812-75) £200 eile, ní dheachthas ar aghaidh leis an bhfiontar ag an am sin. In 1853 rinneadh comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann de agus 29 Meitheamh 1854 ceapadh é ina Ollamh le Stair agus Seandálaíocht na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach a bunaíodh an bhliain sin
Toghadh ina chomhalta den Acadamh Ríoga é in 1847 agus bhronn siad bonn óir Cunningham air an bhliain dár gcionn ··· Bhí tosaithe aige tuairim 1832 ar Annála Ríoghachta Éireann a aistriú agus anois bhí idir am agus eolas aige le heagrán a réiteach; bhí i gceist ar dtús gurbh é an tAcadamh Ríoga a d’fhoilseodh ach ar deireadh ba é George Smith a thug amach na sé imleabhar in 1848–51
Maireann thart ar scór lámhscríbhinn leis, cuid acu i Leabharlann Harvard, cuid eile i leabharlann John Rylands i Manchain, cuid eile in Acadamh Ríoga na hÉireann
In 1854 fuair sé post in Acadamh Ríoga na hÉireann ag clárú lámhscríbhinní
D’éirigh leis an Acadamh Ríoga cuid de na lámhscríbhinní a cheannach.
Chuir Petrie an chín lae á haistriú agus tá sin i lámhscríbhinn san Acadamh Ríoga
Tá léirithe ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar (1996), sa scagadh a dhéanann sé ar an ábhar ilghnéitheach atá sna 25 lámhscríbhinn dá shaothar sa Leabharlann Náisiúnta, san Acadamh Ríoga agus i gColáiste na Tríonóide, go raibh spéis mhór aige sa pholaitíocht chomhaimseartha agus gur Sheacaibíteach láidir é; tá i gcló aige go leor de na haistriúcháin ar ghiotaí i nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus roinnt dá ráitis inspéise in Eólas ar an domhan i bhfuirm chomhráidh idir Sheán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg
Tá stair na lámhscríbhinne seo, atá in Acadamh Ríoga na hÉireann, inste ag W.M
His analysis of the problems of contemporary society reveal the same acute social and historical sensitivity as that which enabled him to cast so much light on the workings of the society of the Celtic past.’ Cibé a bhí ar siúl aige i rith an chogaidh níor laghdaigh ar a dhíograis timpeall léann na Gaeilge; cuimhnítear nach raibh ach triúr nó ceathrar sa láthair nuair a thug sé léacht Rhys (‘The linguistic and historical value of the Irish law tracts’) i Londain 1943 agus an blitz faoi lánréim. I 1937 chuir Acadamh Ríoga na hÉireann chuig an Roinn Oideachais tuarascáil a bhain le bunú Scoil an Léinn Cheiltigh le bheith mar chuid d’Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
O’Kelly in iris seandálaíochta Chorcaí agus in imeachtaí an Acadaimh Ríoga, agus fíor-chorralt in Éigse agus Celtica
Léiriú ar a ghníomhaíocht agus ar mhéid a thionchair is ea go raibh sé: ina bhall de Choiste Riartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1973–79); ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha (1981-96); ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh (1985–95); ina Leas-Uachtarán arAcadamh Ríoga na hÉireann (1965-66 agus 1981–83); ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman in 1967 agus ina chathaoirleach 1973–76; ina chathaoirleach ar an gClóchomhar ar feadh i bhfad; ina Éarlamh ar Oireachtas na Gaeilge in 1991. Chuir Seosamh Watson eagar ar Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe (1986)
Deir Ó Murchú: ‘In 1989 thug Acadamh Ríoga na hÉireann cuireadh dó dhá thionscnamh a ghlacadh idir lámha agus a bhfoilsiú.Concordancear fhoclóir Anna Nic Grianna, Rann na Feirste, a bhfuil 3,000 leathanach de lámhscríbhinn bhéaloideasa dá cuid ar fáil, agus bailiúcháin a dhéanamh de fhocail agus nathanna ón fhoinse chéanna nach bhfuil sna gnáthfhoclóirí.’ Bhuail an galar multiple myeloma é sé bliana sular cailleadh i gCeanada é 18 Eanáir 1992
In Studia Hibernica 31, 2000-2001 tá ‘Sloinnteoir an Chorragánaigh’ le hÉamonn Ó hÓgáin (Acadamh Ríoga na hÉireann)
Dualgais eile a thit air ná comheagarthóireacht Ériú, iris na Scoile, agus an chuid d’fhoclóir an Acadaimh Ríoga a bhain leis an litir D a ullmhú
Eolas eile atá ag Mac an Bheatha go gcaitheadh sé an Fáinne i gcónaí, go raibh lámh aige i mbunú Chraobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge agus go raibh sé ina phátrún ar feadh blianta fada ar an gcraobh sin, go gcaitheadh sé an-chuid ama sa Leabharlann Náisiúnta agus san Acadamh Ríoga
., 1990, lch 408, do litir Loftus in Acadamh Ríoga na hÉireann)
Is dóigh gur thart ar an am seo a d’aistrigh sé beatha Naomh Seanáin go Béarla; tá cóip a rinne Antoine Ó Briain in Acadamh Ríoga na hÉireann
I measc na n-institiúidí eile a raibh sé bainteach leo i rith a shaoil bhí an Cumann le Béaloideas Éireann agus Acadamh Ríoga na hÉireann
Foilsíodh mar leabhar é i 1939 faoin teideal Betha Phátraic, the tripartite life of St Patrick. Ar ais in Éirinn 1925 bhí sí ag obair mar “Vocational Instructor in Irish” le Comhairle Contae na hIarmhí 1925-7.’ Is ó 1928 go 1938 a bhí sí ag obair i gColáiste Gairmoideachais Ráth Maonais, ó 1931 go 1938 ina Léachtóir Cúnta sa Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó 1927 go 1938 ina heagarthóir cúnta ag obair ar chlár lámhscríbhinní Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann
Dúirt David Greene: ‘The years abroad brought him to deepen his interest in two areas in which there has been a constant demand for teaching in American universities: on the linguistic side, the relations between Celtic and other Indo-European languages and, on the literary side, the thematic study of the early Irish sagas’. Deir Daniel Binchy sa sceits bheathaisnéiseach in Celts and Aryans: Survivals of Indo-European speech and society , 1975: ‘In 1966 he was elected President of the Royal Irish Academy but resigned office after a few months on a question of principle’. D’fhoilsigh Rolf Baumgarten liosta a shaothair in uimhir speisialta chuimhneacháin de Celtica i 1976
1350–1750), le Tomás Ó Rathile[B2], arbh fhéidir a rá faoi gur caibidil sa stair sin é. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann na Scríbheann Gaeilge agus ina bhall d’Acadamh na Breataine agus d’Acadamh Ríoga na hÉireann
Hamilton (1882-1918), scoláire dlí i gColáiste na Tríonóide, abhcóide, ball de Acadamh Ríoga na hÉireann; tá ábhar leis sna hirisí seandálaíochta agus ba é a scríobh An Account of the Honourable Society of King’s Inns, Dublin, 1915. Phós sí ina dhiaidh sin an tUrramach George F
Toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann, den Royal Historical Society, den Choimisiún Logainmneacha, agus de Choimisiún na Lámhscríbhinní. Bhí triúr mac agus triúr iníonacha ag an lánúin
Tá páipéir Uí Earáin i dtaisce in Acadamh Ríoga na hÉireann agus ina measc tá leabhair nótaí, dialann agus litreacha