Líon alt a aimsíodh: 1
Sa chlann ag an Diarmuid Óg úd (nó Darby, Mount Prospect, Luimneach) bhí: Hayes, an tAimiréal, duine de chaptaein Nelson, a phós Susan Finucane, iníon le breitheamh, agus ar mhac leis Standish Hayes; Standish a bhí ina Phríomh-Aighne ag an rialtas, an fear ar thit sé ar a chrann Riobard Emmet a chúiseamh, an fear a rinne Bíocunta an Ghiolla Mhóir (Guillamore) de agus arbh é a mhac an ginearál airm (an fear a bhfuil an carachtar “Jack Hinton” in úrsceal Lever bunaithe air) a bheadh ina dhara Bíocunta ar ball; James a bhí ina chathaoirleach ar Ard-Ghiúiré Phort Láirge, seanathair Standish James; Katherine ar phós a hiníon (Frances Barry) Dudley Persse agus ar ghariníon aici dá réir sin an Bantiarna Gregory