Líon alt a aimsíodh: 30
2010 Tá a bheathaisnéis scríofa ag Liam Mac Con Iomaire, Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000; deir an staraí Gearóid Ó Tuathaigh ar chlúdach an leabhair: ‘Agus, trí chuntas Mhic Con Iomaire ar shaol agus ar shaothar Uí Eithir gheibhimid, freisin, léargas luachmhar ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn mar a bhí sa dara leath den fhichiú haois.’ Ní hí an tsuáilce is lú sa leabhar sin a bhfuil de shleachta as dialanna Uí Eithir agus as litreacha ann, agus a bhfuil ann de chuimhní a chairde agus a lucht aitheantais ··· an Chláir, agus Bríd (Delia) Ní Fhlatharta (d’éag Eanáir 1973) de bhunadh Ghort na gCapall, Árainn; ‘Cúlra Bhreandáin’ is teideal don chéad chaibidil i leabhar Mhic Con Iomaire agus is leor a lua anseo go mba dheirfiúr í a mháthair leis na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta[q.v.] agus Tomás Ó Flaithearta[B5] ··· Ar 12 Deireadh Fómhair sheol sé abhaile chuig Liam Mac Con Iomaire tuarascáil i dtaobh staid na Gaeilge sa Ghaeltacht a bhí coimisiúnaithe ag Bord na Gaeilge ··· Is scéal casta suimiúil iontach a insíonn Mac Con Iomaire ar an gcúirtéireacht ó Mhárta 1957 ar aghaidh) ··· Dúirt fear scannánaíochta clúiteach eile, Seán Ó Mórdha, gurbh é an scriptscríbhneoir par excellence é (Mac Con Iomaire)
Tá cuntas cuimsitheach iarbháis ag Liam Mac Con Iomaire san iris Pléaráca 92 (‘Seán Chóilín Ó Conaire [1913-1991]’) ··· Ó Fátharta, Tomás Ó Neachtain, Liam Mac Con Iomaire) airgead: chun go n-aistreofaí a chorp siar go Ros Muc, a fhód dúchais; chun leac chuimhneacháin a chur air; agus chun ócáid cheolmhar bhliantúil a eagrú i Ros Muc ina onóir ··· ‘Bhí a athair agus a mháthair “luchtaithe le hamhráin”, mar a deireadh sé féin, agus cé go raibh fonnadóirí maithe go flúirseach ina thimpeall i Ros Muc deireadh sé go mba é Pateen Chóil Shíle Ó Fiannachta (duine den tseisear a bádh go tubaisteach i Snámh Bó le linn a óige) an t-amhránaí ab fhearr dár chuala sé riamh’ (Mac Con Iomaire) ··· Deir Mac Con Iomaire: ‘Chaith sé tréimhse eile i Sasana níos deireanaí nó gur fhill sé ar Éirinn go buan agus go ndeachaigh sé ag cónaí i nGaillimh, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol.’ Fiche bliain a chaith sé i nGaillimh, is cosúil ··· ‘D’fhág an timpiste céanna seachrán ar a chuimhne, rud a d’fhág an stór mór amhrán a bhí ina cheann aige, cé is móite den bheagán atá curtha ar bhuantaifead, ar throigh gan tuairisc’ (Mac Con Iomaire)
2010 Tugann Liam Mac Con Iomaire ómós dó in Foinse 12 Deireadh Fómhair 2003 agus tá cuntas air i leathanach na marbh san Irish Times 11 Deireadh Fómhair 2003 ··· Gheofar cuntas ar an gcairdeas a bhí eatarthu agus ar obair sin na beirte sa Chomhdháil in Breandán Ó hEithir: iomramh aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire ··· Deir Mac Con Iomaire: ‘Is de bharr a chuid oibre i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn re órga na Comhdhála i gcaogaidí an chéid seo chaite, is mó a bheas cuimhne ar Thomás Mac Gabhann, go háirithe de bharr gurbh é a bhunaigh Club Leabhar na Sóisear chun léitheoireacht na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc daltaí meánscoile na tíre.’ B’fhéidir a rá gurbh é fear an lucht oibre é i measc oibrithe lánaimseartha ghluaiseacht na Gaeilge ··· Deir Mac Con Iomaire, agus é ag tagairt do bhanchéile Thomáis, Teresa Brennan as Dúthamhlacht in aice le Baile na Lorgan: ‘Dhíoladh an bheirt acu trí dhosaen cóip sa tseachtain de Inniu nuair a tháinig an nuachtán sin amach ar dtús.’ Chaith Tomás tréimhse i gCathair na Mart mar a gcuirtí an páipéar i gcló ó 1949 amach ··· MAC GABHANN, Tomás (1921-2003) Tomás MAC GABHANN 1921 2003 Glaschú, Albain M ceardchumannaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed
Sa chlár teilifíse ‘Agallamh an tSathairn’ dúirt Séamus Ennis le Liam Mac Con Iomaire nach raibh Béarla aige ··· Thug sé tuairim 200 amhrán do Shéamus Ennis: 212 a dúirt Séamus le Liam Mac Con Iomaire, ach b’fhéidir go raibh poirt rince á gcur san áireamh aige ··· na Gaillimhe, agus a bhean Máire Nic Chon Iomaire ··· Phós sé Bairbre Ní Cheannabháin ón Aird Mhór i 1939 agus rugadh triúr mac agus beirt iníonacha dóibh ··· Gheofar tuairim den mhéid a scríobh Mac Aonghusa uaidh in Clár amhrán Bhaile na hlnse: clár na n-amhrán i Roinn Bhéaloideas Éireann a bailíodh i mbarúntacht Bhaile na hlnse, 1976 le Ríonach Ní Fhlathartaigh
na Gaillimhe, in Foinse 10 Meitheamh 2001 agus cuntas ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil ··· leo gur faoina seanmháthair féin a chum Pádraig Mac Piarais an scéal “Bríd na nAmhrán”, an bhean as Conamara a shiúil go Baile Átha Cliath chuig an Oireachtas’ (Mac Con Iomaire)
Tá an buneolas ar fad ina thaobh le fáil in Comhar, Nollaig 1994 ag Liam Mac Con Iomaire (‘Ar Maos le hAmhráin: Seosamh Ó hÉanaí 1919-1984’) agus ag an údar céanna in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely ··· Foilsíodh beathaisnéis le Liam Mac Con Iomaire: Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche, 2007 ··· Amhránaí maith ba ea Pádraig agus col ceathrair leis ba ea an t-amhránaí Colm Ó Caoidheáin[B4]; deir Mac Con Iomaire: ‘Ceantar an-saibhir go deo é ceantar Charna ó thaobh amhráin, scéalta agus béaloideas go ginearálta agus tá cáil ar leith ar na hAirdeanna, an Aird Thoir agus an Aird Thiar' ··· Dúradh leis roimh Cháisc 1937 gan filleadh ar an gcoláiste agus is dóigh le Mac Con Iomaire gur neafais éigin ar nós caitheamh toitíní a bhí i gceist; is nuair a shroich sé Carna Aoine an Chéasta a chuala sé go raibh a athair marbh ··· Níl amhras ar Mhac Con Iomaire ach go ndearnadh éagóir mhór air: ‘Ba mhór an feall é go gcaithfeadh fear óg meabhrach mar é an scoláireacht a chaitheamh in aer agus a shlí bheatha a shaothrú feasta le hallas a chnámh’
(Bhí an t-alt seo le Diarmuid Breathnach i gcló in Foinse 21 Eanáir 2007) Cuntais iarbháis eile: Irish Times 18 Eanáir (‘Journalist Seán Mac Réamoinn dies in Dublin hospital aged 85 years’); Irish Times 20 Eanáir (‘Broadcaster inspired generations with love of Irish culture’); Nuala Ó’ Faoláin, Sunday Tribune 21 Eanáir (‘I never saw anyone turn away at the door for fear of being bored by Seán Mac Réamoinn’); Irish Times (Beocheist: ‘Imeacht an Iarla’ le Eilís Ní Anluain) 23 Eanáir; Sunday Independent 28 Eanáir (‘In memory of Seán Mac Réamoinn’ le Eoghan Harris); The Guardian 15 Feabhra (‘Seán Mac Réamoinn: Progressive Irish broadcaster dedicated to preserving Gaelic’); Comhar, Feabhra 2007 (‘Seán Mac Réamoinn 1921-2007’ le Liam Mac Con Iomaire ··· MAC RÉAMOINN, Seán (1921-2007) Seán MAC RÉAMOINN 1921 2007 M Scoil Choinneach, Baile Átha Cliath Ardscoil na mBráithre Críostaí, Cluain Meala, Co ··· Bhí tionchar go háirithe ag an Ollamh Liam Ó Briain air ··· Thugadh a iníonacha Seona agus Laoise agus a mhac Brian tacaíocht leanúnach gan staonadh dóibh ··· Gheofar tuairim den gcion a bhí air agus an tábhacht a bhain leis i dtuairisc an Irish Times ar a shochraid ar 22 Eanáir agus ar ar labhair cuid dá chairde ina thaobh i ndiaidh an aifrinn éagnairce i nDún Droma; ina measc bhí Séamus Heaney, Garret FitzGerald, Ciarán Mac Mathúna, Nuala Ó Faolain, John Horgan, Louis Marcus, Bob Collins, Richard Ryan, Dr Harri Pritchard-Jones, an t-iriseoir Mary Maher…
Tá cuntas ag Liam Mac Con Iomaire air, agus ar a bhean Baba (Bairbre), in Conamara: An Tír Aineoil/The Unknown Country, 1997 ··· Deir Mac Con Iomaire: ‘Chaith “An Capall” blianta fada sa Sruthán Buí go dtí Aoine an Chéasta 1974, tráth ar tugadh ar cheann téide go Dún Mánuis í, áit a ndearna Colm Mhichael Labhráis suas as an nua í.’ Buaileadh buille ar ghnó na móna nuair a thosaigh daoine ag úsáid Kosangas agus d’iompaigh Johnny ina iascaire go lánaimseartha: bhí an trálaer Naomh Cáilín ceannaithe aige i 1959 ··· Ar a bhealach go Sasana ar an mBeet a bhí Johnny an lá sin ...; ba í an phingin ba chiallmhaire a chaith sé riamh í!’ (Mac Con Iomaire) ··· Phós siad i 1962 agus bhí cúigear iníníocha agus cúigear mac acu
2010 Anuas go 2005, agus í 89 bliana d’aois, bhí sí rannpháirteach go rialta ar feadh 13 bliana i gclár úd Raidió na Gaeltachta, ‘Leagan Cainte’, ar a raibh Liam Mac Con Iomaire ina chathaoirleach ··· Tá aistí ómóis ag Liam Mac Con Iomaire in Foinse 30 Meán Fómhair 2007 (‘Banríon gan choróin an Phobail Ghaelaigh’) agus foilsíodh cuntas ar a saol in The Irish Times 29 Meán Fómhair ··· Ailt Mac Con Iomaire, L ··· Rugadh iníon agus beirt mhac dóibh ··· Ag tagairt do Chompántas Amharclainne na Gaeilge in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (1993:132) deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Stáitsigh an Compántas roinnt drámaí spéisiúla sna caogaidí, go háirithe aistriúchán Eibhlín Ní Mhurchú ar Ile le Eugene O’Neill.’ Ó 1957 amach bhíodh sí ag aisteoireacht sa Damer (Ní Chinnéide 2008) agus ar 16–21 Samhain 1959 bhí sí ar dhuine d’Aisteoirí na Gaeltachta agus an phríomhpháirt aice sa dráma Oidhreacht bhideoig mhóir le Proinsias Mac Diarmada[q.v.], agus in 1960 bhí sí i bpáirt Mháire Magdailéin sa dráma An chúis in aghaidh Íosa, aistriúcháin ar Procès à Jésus (Fabbri 1960)
Comhghleacaí leis sa seomra nuachta ba ea Liam Mac Con Iomaire agus bhí seo le rá aigesean faoi Phádraig (atá i gcló sa tuairisc bháis in The Irish Times 23 Meitheamh 2007): Bhíomar beirt inár mbaill de mheitheal oibre ar dheasc na nuachta, nach raibh a sárú le fáil ó thaobh meanman agus comhluadair ··· Ba mhac é le Pádraig Ó Siochrú, múinteoir scoile i Máistir Gaoithe, fear ar tugadh ‘Príomhoide Gaelach na hÉireann’ air toisc gurbh eisean an chéad mhúinteoir scoile sa tír a raibh scoil lán-Ghaelach ar bun aige (An Claidheamh Soluis 26 Nollaig 1915) ··· Chuir Pádraig Ó Siochrú go mór leis an gcomhluadar sin, lena sháracmhainn grinn agus lena scéilíní spéisiúla agus barrúla faoina shaol san Arm, go háirithe sa Chéad Chath ar an Rinn Mhóir i nGaillimh idir 1948 agus 1958, agus faoi Thaibhdhearc na Gaillimhe, áit a raibh sé ina dhlúthchara ag daoine mar Aodh Mac Dhubháin[q.v.] agus Siobhán Nic Chionnaith[q.v.] ··· Tá liosta fada de na drámaí a scríobh sé do pháistí in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (Uí Nia 1998): Fágaim le huacht é (1956); Carraig an aifrinn (1962); Peats Aerach agus an Bás (1964 agus 1971); An baile faoin loch (1988); Sláinte chugat, a rí (1988); Ceol na sí (1993), An choill draíochta (1994); Liam na Leisce agus teach na gaoithe (1996) ··· Bhí sé pósta ar Úna Ní Fhaoláin agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu
Tá aiste ar shaothar an fhile seo ag Gearóid Denvir in Léachtaí Cholm Cille XXIX: foinn agus fonnadóirí, 1999 agus tá eolas ina thaobh freisin in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 agus ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil, 1997 ··· Deir Mac Con Iomaire: ‘Ar shochraid Joe Shéamais Sheáin ([Seosamh Ó Donnchadha [q.v.] ‘Filí Bhaile na mBroghach’) .. ··· Ba iad a thuismitheoirí Máire Ní Thuathail (Máire Choilm Mháirtín) ó Chnoc na hAille agus Pádraig Learaí Ó Fínneadha, an file a scríobh Bóithríní an Locháin agus amhráin eile, 1994; ba é Learaí an seachtú mac acu ··· Bhí mac agus beirt iníonacha acu
Roghnaíodh é féin agus Breandán Ó hEithir mar ‘Galwaymen of the Year’ an bhliain dár gcionn (Liam Mac Con Iomaire, Iomramh aonair, 2000) ··· Liam Mac Gabhann, iriseoir cáiliúil in Scéala Éireann, a chuir in aithne é do Alec Newman agus Jack White san Irish Times agus d’fhaigheadh sé obair uathu ag scríobh ‘Irishman’s Diary’ (mar ‘Pro-Quidnunc’) agus míreanna don ‘Portrait Gallery’ ··· Scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine a raibh cáil an léinn orthu nó stádas bainte amach acu sa saol, agus a bhí cairdiúil le Proinsias féin, na baill go léir nach mór – Liam Ó Briain, Eibhlín Ní Bhriain[B8], Donal Foley[B4], Máirtín Ó Cadhain, Dáithí Ó hUaithne, Annraoi Ó Liatháin[B1], Tomás Diolún [B2], Criostóir Mac Aonghusa, Tomás de Bhaldraithe, Máire de Paor, Breandán Ó hEithir, Liam de Paor, Art Ó Beoláin ..., gan ach na mairbh in Beathaisnéis a liostú ··· MAC AONGHUSA, Proinsias (1933–2003) Proinsias MAC AONGHUSA Gulliver 1933 2003 Bóthar na Trá, Gaillimh M Coláiste Iognáid, Bóthar na Mara, Gaillimh uachtarán ar Chonradh na Gaeilge [B9] polaiteoir craoltóir scríbhneoir iriseoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed ··· Tá eolas ar a shaol anuas go 1972 ar fáil in ‘Proinsias Mac Aonghusa ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 21 Aibreán 1972
Tá cur síos uirthi, agus ar a muintir siar go 1821, ag Tim Robinson in Stones of Aran: Labyrinth, 1995 agus ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil... ··· Ba chuimhin léi tae a réiteach do Phádraig Mac Piarais[B4], Tomás Ághas[B1], Éamonn Ceannt[B4], agus Joseph Mary Plunkett ··· Ospidéal i gcomhair leanaí ba ea é agus ba chuid den oiliúint mic léinn altranais a chur i bhfeighil páistí ina dtithe féin, cibé teaghlach a raibh gá acu lena leithéid de bheartas
Sholáthair duine dá iardhaltaí, Liam Mac Con Iomaire, craoltóir, beathaisnéisí, iriseoir, an t-eolas seo a leanas nuair a d’iarramar sin air: ‘Múinteoir dúthrachtach bunscoile é agus fuair roinnt mhaith dá chuid daltaí scoláireachtaí meánscoile sular tháinig an córas meánoideachais isteach ··· Chuir sé liosta cuimsitheach focal chuig an Athair Láimhbheartach Mac Cionnaith[B2], cúnamh a admhaíodh in Foclóir Béarla agus Gaedhilge (1935) ··· I measc na gcairde a bhíodh ag plé cúrsaí litríochta leis bhí Criostóir Mac Aonghusa[B8], Dr Pádraig Ó Finneadha[B8] an tAthair Benedict [Micheál Langton B1] agus an tAthair Eric Mac Fhinn[B8]
Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an tír aineoil ..., 1997 agus deir sé: ‘Is mar cheannródaí forbartha tuaithe agus mar cheannaire nádúrtha pobail a fhanfas cuimhne ar Chóilí Ó hIarnáin, ní hamháin ina oileán dúchais féin ach i ngach oileán eile ar chósta na hÉireann.’ Tá cuntas air freisin ag Tim Robinson in Stones of Aran: Pilgrimage, 1986 ··· ‘Chaith sé os cionn sé bliana fichead ar chriú bhád tarrthála Árann agus cúig bliana déag ina chaptaen uirthi’ (Mac Con Iomaire) ··· Bhí rud éigin diamhair eatarthu agus dá fhaid dá mbeadh Breandán gan teacht ar an oileán, ba dhóigh leat gur aréir a d’fhágadar slán ag a chéile agus gurb í an athmhaidin acu í mar lena n-athchaidreamh’ (caint atá taifeadta ag Mac Con Iomaire in Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000) ··· Chuir Muiris Mac Conghail síos ar an gcairdeas a bhí aige le Breandán Ó hEithir [q.v.]: ‘B’fhacthas do Bhreandán gur laoch a bhí i gCóilí
2010 Foilsíodh cuntais Liam Mhic Con Iomaire ar an amhránaí sean-nóis seo in Foinn agus Fonnadóirí ··· When one hears such high excellence of singing, one searches in vain for praise that won’t seem incompetent or patronising’ (i gcló ag Mac Con Iomaire) ··· Ó DONNCHADHA, Máire Áine [Ní Dhonnchadha] [Mhic Mhathghamhna] (1919-1991) Máire Áine NÍ DHONNCHADHA Máire Mhic Mhathghamhna 1919 1991 An Cnoc, Co ··· na Gaillimhe Coláiste Ullmhúcháin Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co ··· Chuaigh sí ina dhiaidh sin go Coláiste Ullmhúcháin Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co
2010 ‘Duine de bhádóirí móra ár linne’ a thugann Liam Mac Con Iomaire air i gcuntas iarbháis in Foinse 24 Meitheamh 2001 ··· a bhí ag Cóil Choilm Deáirbe agus ag Nan Mharcuisín (Ní Chualáin) as Inis Oirc, ar Inis Mhic Cionnaith (An tOileán Mór), sular athraíodar amach go Doire Fhátharta [an Cheathrú Rua, Co
Tá eolas air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an tír aineoil..., 1997 agus ag Nollaig Ó Gadhra sa nóta eagarthóra a chuir sé i 1984 leis an dara cló de Cois fharraige le mo linnse ··· Ag cabhrú lena athair a bhí sé ó d’fhág sé an bhunscoil agus deir Mac Con Iomaire gur chaith sé os cionn 25 bliain ina shaoiste ag an gComhairle Contae ar bhóithre Chois Fharraige ··· Ba dhuine é den cheathrar mac agus ceathrar iníonacha a rugadh do Stiofán Ó Conghaile, fear a raibh gabháltas beag talaimh aige, agus a bhean Máire Ní Choncheanainn ··· D’iarr Ó Duilearga agus Seán Mac Giollarnáth [B3] air béaloideas a bhailiú ina cheantar féin ··· Bhí sé pósta ar Mháire Ní Chualáin agus bhí triúr mac agus iníon amháin acu
Agus deartháir le Seán is ea Pat, a bhfuil clú air mar dhéantóir agus mar dheisitheoir seolta báid; tá cur síos air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil, 1997 agus deir sé ann gur col ceathar le Seán agus Pat ba ea Séamus Mac an Iomaire[B4] a scríobh Cladaigh Chonamara, 1938 ··· Ba iad Seán Cheoinín as Leitreach Ard agus Maighréad Nic Con Iomaire as Fínis a thuismitheóirí ··· Foilsíodh freisin téip dá amhráin á gcasadh ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ··· In Boston a rugadh Máire Ní Dhioráin, bean Sheáin, ach bhí ar a tuismitheoirí filleadh ar Éirinn nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona thall i 1932; bhí gaol ag Máire leis an lúithnire Pádraic Mac Donnchadha (‘Peait na Máistreasa’) [B5] agus chum Seán amhrán ina onóirsean ··· Rugadh mac agus seisear iníonacha dóibh
San iris sin, faoin ainm pinn ‘An Strainséir’, scríobhadh sé an colún ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ sula ndeachaigh Breandán Ó hEithir[q.v.] ina bhun (Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire) ··· I nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath, a rugadh an mac seo le John Iremonger agus Annie Murphy ar 14 Feabhra 1918 ··· In Súil Tharam: Aistí Aimsir Éigeandála, 2001 deir Proinsias Mac Aonghusa gur shínigh sé achainí go scaoilfí Ezra Pound saor: ‘Nuair a hathraíodh an rialtas sa bhliain 1951 agus go raibh Fianna Fáil ar ais arís, dúirt Ambasadóir Mheiriceá le haire rialtais áirithe gur cumannach a bhí in Val agus nár cheart a leithéid a bheith sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ··· D’aistrigh sé Rothaí Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann[B1] faoin teideal The Hard Road to the Klondyke, 1962 agus Dialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh[q.v.] mar An Irish Navvy, 1964
Tá cuntas air: ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: Tír Aineoil, 1997; ag Pádraig Ó Héalaí in Béaloideas 69, 2001 ··· MAC DIARMADA, Tom Phaddy (1909-2001) Tom Phaddy MAC DIARMADA 1909 2001 M scéalaí/seanchaí [B9] scéalaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed ··· Bhí a athair, Éamonn Mac Diarmada, feirmeoir, ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach ar chladach an Locháin Bhig i 1917 ··· bhí cuimhní sona ag Tom ar an gcaitheamh aimsire agus ar an ngreann a bhíodh ar an tinteán acu nuair a bhailíodh na comharsana isteach chun tamall den oíche nó de lá fliuch a chur thart.’ Ba é an tAthair Eric Mac Fhinn[q.v.] a chuir Tom ag breacadh béaloideasa nuair a bhí sé óg; seoladh ar bhailigh sé go dtí Coimisiún Béaloideasa Éireann ··· Mac Fhinn freisin a mhol dó dul go dtí an tOireachtas athbhunaithe i 1939; théadh sé chuig an bhFéile nach mór gach bliain agus bhuaigh 19 duais sna comórtais scéalaíochta
Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: Tír Aineoil, 1997 agus in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely ··· Ba é an tríú duine ab óige é den deichniúr clainne a bhí ag Joe Phádraig Sheáin Fhéilim Mac Donncha agus ag Anna Phádraig Sheáin Risteaird Mac Donncha; in Conamara: Tír Aineoil tugann Mac Con Iomaire tuairisc ar a thriúr deartháireacha agus a sheisear deirfiúracha ··· MAC DONNCHA, Seán (1919-1996) Seán MAC DONNCHA 1919 1996 An Aird Thiar, Co ··· Bhí iníon agus ceathrar mac aige féin agus Bríd ··· Nia leis is ea Seosamh Mac Donncha, captaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe uair, iaruachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge
2010 Tá cuntas air ag Liam Mac Con Iomaire in Anois 21 Meitheamh 1987 ··· San fhógra báis luadh iníon agus beirt mhac a bheith aige féin agus a bhean chéile Bláthnaid
Ní bréag ar bith “Rí-Éigeas an Bhéil Bheo” a thabhairt air.’ Is mar sin a bhain Liam Mac Con Iomaire an ceann den phortráid taitneamhach aige in Conamara: an tír aineoil (1997) ··· Deir Mac Con Iomaire gur scríobh sé drámaí eile nach bhfuil tuairisc orthu anois ··· na Gaillimhe, a rugadh an mac seo le Cóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, gabha, agus Máire Ní Dhonnchadha ar 21 Meitheamh 1929 ··· Ó 1970 ar aghaidh bhí leabhair do pháistí a d’aistrigh sé i gcló ag an bhfoilsitheoir céanna: Goll agus Gilín: An turas geimhridh (1970) (Brian Anson); Pangur an tIascaire (1971) (Attilio agus Karen); An sicín agus an mac tíre (1971) (Attilio agus Karen); Dónal agus an leac oighir (1971) (Attilio agus Karen); An luichín dána (1971) (Aichinger); Inniu is ciaróg mé (1972) (Reinl); An nathair bheag (1972) (Aichinger)... ··· I dtús 1971-2 thug Riobard Mac Góráin (Gael Linn) go dtí Halla Damer i mBaile Átha Cliath é ar feadh ceithre mhí chun trí dhráma a léiriú ann
Ag an Aifreann éagnairce dúirt Liam Mac Con Iomaire go raibh cloiste aige gur chuir a fheabhas a bhí Gaeilge ag cuid de mhuintir na cathrach ionadh ar Mháirtín Ó Cadhain [B4] agus gurbh iad Gearailt Mac Eoin, file, agus Lorcán a bhí i gceist aige ··· Chuir Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] agallamh air in earrach 1982 i gcomhair Raidió RTÉ (cartlann raidió RTÉ) ··· Ní raibh ach beagán Gaeilge aige ach bhí bá aige léi ó d’fhreastalaíodh sé tamall ar rang Mhichíl Mhig Ruaidhrí [B1], ‘the greatest seanchaí of our time’ (dar le hEoin Mac Néill), a bhí ag garraíodóireacht in Stradbrook Hall, an Charraig Dhubh, san am sin ··· Is insuime gur mar ‘máistir’ na Raidió-Traenach a thagraíonn Mac Aonghusa don phost ··· Tá aistriúcháin a rinne sé ar dhánta le Yeats i gcló in Byzantium, 1991 in eagar ag Gabriel Rosenstock agus Gearailt Mac Eoin
Cuireann Liam Mac Con Iomaire síos ar thoradh eile a bhí ar an saothar sin: Ba mhinic Ó Buachalla faoi agallamh ar Féach [clár nótáilte teilifise] faoi stair Ghluaiseacht na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge agus chuir sé féin agus [Breandán] Ó hEithir aithne mhaith ar a chéile ··· (Mac Con Iomaire 2000:305) In 1962 d’aistrigh sé go post léachtóra i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus shaothraigh dochtúireacht in 1970 ··· (Mac Con Iomaire 2000:211) Seo mar a mhínigh sé an scéal: D’ardaíos an scéal le Comhairle na Gaeilge ··· Tuigeadh dom gurbh é an rud ba chiallmhaire agus ab onóraí dom féin ná éirí as’ (Mac Con Iomaire 2000:212) I mí Dheireadh Fómhair 1970 a d’éirigh sé as an gComhairle agus as an gCoiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge ··· Leabhair Mac Con Iomaire, L
In Breandán Ó hEithir: iomramh aonair (2000) le Liam Mac Con Iomaire gheofar cuntas ar shaol na scoláirí i nDroim Conrach i rith na bliana 1945–46 ··· Is léir ar chuntas Mhic Con Iomaire gur cairdeas fadsaolach a snaidhmeadh idir Aindreas agus Breandán Ó hEithir i rith na tréimhse sin ··· Mac Con Iomaire, L ··· Ag Aifreann na marbh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath, dúirt a mhac gur taibhríodh d’Aindreas uair gur casadh an t-athair air ··· Ón uair a chonaic sé léiriú de ‘Oíche mhaith agat, a Mhic Uí Dhomhnaill’ ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in aois a sheacht mbliana dó ba mhór a spéis i gcúrsaí amharclainne (‘An mhuintir seo againne,’ Scéala Éireann, 27 Feabhra 1960) agus is insuime, agus gan ach an scór bliain aige, agus é go fóill i gColáiste Phádraig, gur stáitsíodh dráma leis, ‘Clocha na Coighcríche’, in Amharclann na Péacóige i rith Oireachtas na Gaeilge (15 Deireadh Fómhair 1950 ar aghaidh)
Tar éis samhradh a chaitheamh sa Ghearmáin ag cur slachta ar a cuid Gearmáinise tháinig sí ar ais chugainn i Roinn na Gaeilge lán de thuairimí nua díograiseacha a raibh fonn uirthi a thriail orainne agus ar ár gcuid grúpaí teagaisc.’ In Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000 tugann Liam Mac Con Iomaire as dialann scríbhneora Tim Robinson sliocht i dtaobh cúrsa iriseoireachta sa Cheathrú Rua i bhfómhar 1978: ‘The course ended with a workshop ... ··· Cuireann Mac Con Iomaire féin leis an méid sin: ‘Bhí sé den ádh orm a bheith i láthair in oifigí Bhord na Gaeilge oíche amháin a raibh sí ag taispeáint do ghrúpa múinteoirí an chaoi le Gaeilge chomhráiteach a mhúineadh do dhaoine fásta
Deifiúr leis is ea an t-amhránaí Éilís Ní Shúilleabháin a bhfuil cuntas ag Liam Mac Con Iomaire uirthi i leabhar Vallely ··· Bhí an sean-nós ar a dtoil acu siúd agus dob uathu a fuair sé a chéad bhlaiseadh dhe.’ Liostaíonn Ó Liatháin na pearsana a chuaigh i gcion air ina óige: a chomharsana, na múinteoirí i Scoil Bharr d’Inse agus i gColáiste Íosagáin, Bess Cronin (Ó Cróinín [B5]), Domhnall Ó Ceocháin[B4], Pádraig Mac Suibhne[B5], Pádraig Ó Cruadhlaoich[B1], Dónall Ó Mulláin[B4], Seán Eoghain Ó Súilleabháin [B5, lch 297] ...
Tá eolas ar Mhairéad agus ar a muintir ag Liam Mac Con Iomaire san athchló de Amhráin Mhuighe Seóla a tugadh amach i 1990 ··· Is ó Mhairéad a scríobh Bean Mhic Choisdealbha na foinn atá le naoi gcinn déag de na hamhráin atá sa chnuasach sin ··· In Inniu 19 Samhain 1954 bhí litir ón Dr Seán Mac Cana i dtaobh an choirn airgid sin agus dúirt sé gurbh é Pádraig Mac Piarais [B4] a bhronn as a phóca féin é agus dúirt go raibh sé féin agus Mairéad toilteanach an corn a thabhairt do chumann éigin i ndilchuimhne an Phiarsaigh ··· Is mar sin a tharla do Mhairéad a bheith i gCill Scíre agus gur casadh uirthi Seán Mac Cana i dteach an tsagairt paróiste, an tAthair Maitiú Maguidhir[B3] ··· Thóg siad seisear clainne, ceathrar mac agus beirt iníonacha