Líon alt a aimsíodh: 33
Is é a deir Alan Titley: ‘Nuair a fuair sé bás .. ··· Tá léachtaí a thug Breandán Ó hEithir, Alan Titley, Gearóid Ó Tuathaigh, Gearóid Denvir agus Louis de Paor ar ghnéithe dá shaothar, dá pholaitíocht agus dá mheon le fáil in Léachtaí Uí Chadhain (1989) in eagar ag Eoghan Ó hAnluain ··· Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan de i gcló é in Scríbhneoirí faoi Chaibidil (2010), in eagar ag Titley ··· Léigh sé cuid mhór le linn dó bheith i ngéibheann agus deir Alan Titley: ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe ··· ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’ Tá cuntas ar a bheatha in Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975) le Titley agus in De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain (1987) leis an tSr Bosco Costigan, i gcomhar le mac a dheirféar, Seán Ó Curraoin
Bhí Welch in aon rang le Alan Titley ó na naíonáin bheaga ar aghaidh agus tá cuntas greannmhar ar eachtra a bhí ag an bheirt agus iad ina ndaltaí scoile sa leabhar Japhy Ryder: ar shleasaibh na Mangartan (2010) ··· Ba é a dúirt a chomharba, An tOllamh Pól Ó Dochartaigh, gur thug Bob Welch míchaidreamhach air féin, ina leabhar ar a mhac Egan, ach gurb ‘é fírinne an scéil é go bhfaca sé an mhaith san oiread sin daoine nach dtiocfadh a leithéid a shamhlú leis.’ Ag cuimhneamh siar ar laethanta a n-óige, i gcuntas iarbháis a scríobhadh do Lagan Press, tráchtann Alan Titley ar an cheannródaíocht ba dhual dá sheanchara ··· Ar thórramh Bob in Eaglais Naomh Eoin i gCúil Raithin, d’aithris Alan Titley dán Gaeilge de chuid Sheáin Uí Ríordáin, sular aithris sé dán gairid dá chuid féin, i mBéarla, dán a bhí cumtha aige in ómós do Bob ··· Sa chúigiú bliain ar scoil dó scríobh Welch aiste dar teideal, ‘Thus Spake Zara MotorCar’ agus is cuimhin le Titley oícheanta a chaitheamh amach ón ‘Snotty Bridge’ mar a mbíodh Welch ag scansáil lena chara Tom Murphy faoi Dostoyevsky agus an chuid eile den chomhluadar lán iontais á gcoimhéad
Sa nuachtán céanna 12 Meitheamh 2013 tá cuntas ag an scríbhneoir Alan Titley ar a chumas scríbhneoireachta agus craoltóireachta ··· Scríobh Alan Titley: Bhí sé ar dhuine de laochra úd Radio Éireann a mhínigh an tír di féin ··· Is é a deir Alan Titley faoi: ‘Ceann de sheoidleabhair na hÉireann é An Duinníneach
In An Duine is dual, tá aistí ar stíl agus ábhar an cholúin sin ag Alan Titley (‘An prós poiblí agus an fear polaitiúil’), ag Breandán Ó hEithir (‘Iriseoir’) agus ag Seán A ··· Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair, agus Seán Ó Coileáin agus Louis de Paor ina n-aíonna aige ann, agus tá i gcló in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 ··· Tá an t-ábhar sa chlár sin in eagar ag Titley
Cé is moite dá bhfuil in alt seachtainiúil Alan Titley (‘Crobhingne,’ The Irish Times), ag Micheál Ó Conaola in Foinse (Irish Independent 1 Meitheamh 2011) agus i ngnáthchuntas iontaofa The Irish Times 21 Bealtaine 2011, is beag aird a tugadh ar a bhfuil sa dírbheathaisnéis úd ··· O’Connor ar leabhar Patrick Kavanagh; The loves of Cass Maguire (1967) le Brian Friel; Famine (1968) le Tom Murphy; Philadelphia here I come (1972) le Brian Friel; Tagann Godot (1990) le Alan Titley ··· With the notable exception of Titley’s Tagann Godot (1990) and Antoine Ó Flatharta’s An Solas Dearg (1995) there has been no sustained creative activity in Irish language theatre since 1985
In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 pléann Alan Titley cuid de na léirmheasanna mífhabhracha ··· Ag Kevin Casey in Hibernia 5 Deireadh Fómhair 1978 a bhí an léirmheas ba ghortaithí, b’fhéidir; is dóigh le Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge go raibh ‘rud éigin seachas léirmheastóireacht mar chuileog ina thóin ag an gCathasach’ ··· Bhí léirmheasanna moltacha le Tadhg Ó Dúshláine agus Caoilfhionn Nic Pháidín in Comhar, le hAlan Titley in Anois, le hAindrias Ó Gallchóir in Alpha agus le hÉanna Mac Cába in Sunday Press
The original poem would then have been in circulation for at least a century and had no doubt sustained many losses, accretions and folk variants in that period.’ Chuir Alan Titley nóta chugainn: ‘Agus maidir le Brian Ó Fearghail, b’fhéidir gurbh fhiú a lua gurbh eisean a “chóirigh” (nó a d’athscríobh, b’fhéidir) Eachtra Thomáis Mhic Chaiside, agus dá réir sin go bhfuilimid buíoch de de bharr an lámhscríbhinn a shábháil, ach braithim go láidir gur chuir sé as a riocht é
Deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Is mó an spéis a chuirfeadh daoine, b’fhéidir, san teicníc úr inste a chleacht Seán Ó Siadhail in Ashling Glass (1984) ná san scéal gabhlánach féin, ach mar le rud, is tuisceanaí agus is doimhne an plé a dhéantar ann ar cheist shíoraí an fhoréigin ná in aon úrscéal eile de chuid an Tuaiscirt.’ Is cinnte, murach an bás anabaí, gur scríbhneoir agus taighdeoir é a bhainfeadh lántairbhe as an saoirse a bhí gnóite aige chun cur lena chlú mar scríbhneoir
Bun-úrscéal is ea Cnámha na péacóige, 1945; luann Alan Titley an teideal in An tÚrscéal Gaeilge ach níl sé i measc na n-úrscéalta a ndéanann sé trácht orthu
2010 Scríobh Alan Titley faoi cheann dá leabhair: ‘Níl aon amhras ná go bhfuil Scéal na hIomána (1980) ar cheann den chúpla leabhar is tábhachtaí ar fad a scríobhadh sa Ghaeilge san aois seo ··· Tugtar suas do Stair na hIomána ó Thosach ama go 1884 gur sárleabhar é i ngeall ar an eolas go léir i dtaobh na hiomána agus saol na gnáthmhuintire atá nochtaithe ann den chéad uair, i ngeall ar a bhfuil d’fhoinsí eolais agus fianaise cíortha ann agus i ngeall ar an stíl ghlan údarásach ina bhfuil sé scríofa—‘stíl atá idir phearsanta agus líofa agus láidir agus áititheach, ach fairis sin ar fad ar pléisiúr i gcónaí é a léamh’ (Titley) ··· Deir Titley: ‘Ní heol dom aon chuntas eile chomh soiléir ná chomh hinléite ar gharimeachtaí bhunú an Chumainn Lúthchleas Gael is atá in Micheál Cíosóg...
Deir Alan Titley faoi in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Shaothraigh Máirtín Ó Corrbuí gach aon saghas scéalaíochta dá bhfuil ann agus a thuilleadh nach bhfuil aon ainm orthu fós agus is dócha gurb é tánaiste Chathail Uí Shándair[q.v.] é maidir le raidhse is le hiomadúlacht a shaothair.’ Ba é an duine ab óige de chúigear clann
Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a saothair agus Ursula Ní Dhálaigh agus Éamon Ó Ciosáin ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan próis i gcló é in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 in eagar ag Titley
2010 In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 deir Alan Titley faoina úrscéal, An Cliathán Clé : ‘Éiríonn le Tadhg Ó Murchadha atmaisféar meánscoil chónaithe rugbaí agus meon na mbligeard saibhre a shnámhann tríothu a thabhairt leis ar deil agus is sampla inmholta é de “scéal scoile” do bhuachaillí a sholáthar sa Ghaeilge’
Is ina thaobh a scríobh Alan Titley sa cholún ‘Crobhingne’ (The Irish Times 26 Eanáir 2012): File ba ea é mar gur thit sé i ngrá leis an mionrud ··· Deirtear in The Irish Times ar 21 Eanáir 2012 go bhfuair a pháirtí Alan Biddle bás in 1994
Léirmheas le Alan Titley’ Feasta, 65 (6) ··· Leabhar cuimsitheach é seo faoi stair agus faoi mhúineadh na Gaeilge ar ‘geall le hobair saoil é’ (féach léirmheas le hAlan Titley Feasta, Meitheamh 2012) ··· The Irish Times, 30 Márta 2013 The Irish Times, 28 Meán Fómhair 1988 Titley, A
He once called me a tome feek and I’m still blushing.’ Bhí Diarmaid ar an bpainéal moltóirí, mar aon le Alan Titley agus Áine Ní Ghlinn, do leabhair i nGaeilge a bhí á meas do dhuais an Irish Times ó 1997 go 1999
Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Breandán Ó Conaire agus Louis de Paor ina n-aíonna ann agus cuireadh ábhar atá sa chlár sin i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley
Scríobh Alan Titley faoin gcnuasach aistí seo: ‘An dealg agus an chealg phearsanta iontu seo mar a thuigfí agus é ag eachtraí a chúrsaí pearsanta féin ag plé leis an Roinn Oideachais agus, chomh maith leis sin, a thuairisc mar stiúrthóir ar an Institiúid Teangeolaíochta
Seachas é a liostú, níorbh fhiú é go luafadh Alan Titley é mar shaothar ficsin in An tÚrscéal Gaeilge, 1991
Sheol an tOllamh Alan Titley an suíomh www.gogan.ie i gColáiste na Carraige Duibhe ar 26 Deireadh Fómhair 2012
Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Seosamh Watson agus Lillis Ó Laoire ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan próis i gcló in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 in eagar ag Titley
In An tÚrscéal Gaeilge (1991) deir Alan Titley faoi Schnitzer Ó Sé: ‘Saol liteartha pearsana poiblí agus bréige na héigse is ea a phollann sé go hálainn i gcruth is go bhfuil sé chomh hoiriúnach mar chlabhsúr ar thréimhse áirithe is a bhí An béal bocht roimhe nach mór’
Cuntas magúil ar an oiliúint a cuireadh ar na hábhair gardaí, na rúcaigh, is ea De Réir Uimhreacha, 1969; tá sé liostaithe mar úrscéal ag Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991 agus is mar úrscéal a bronnadh duais Oireachtais air ··· Ó Síocháin[q.v.], Outline of evidence practice and procedure in Ireland (Dlí na fianaise in Éirinn, 1962), agus Criminal law of Ireland (Dlí coiriúil na hÉireann, 1964), a dtugann Titley ‘aistriú máistriúil’ air
Agus é ag tagairt d’aistriúcháin an Ghúim ar úrscéalta bleachtaireachta deir Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Cibé sceacha a chuir siad sin go léir sa bhearna ní móide go bhféadfaí íota, mar a síleadh, léitheoirí na Gaeilge chun an ábhair seo a shásamh gan earra dúchais a sholáthar, agus ba é Oidhche i nGleann na nGealt le Ciarán Ó Nualláin a chéadchuir a ghob amach.’ Molann an t-údar céanna carachtar bhleachtaire an scéil, Parthalán Mac Mórna; foilsíodh a thuilleadh dá ghaiscí bleachtaireachta in Eachtraí Pharthaláin Mhic Mhórna, 1944
I gcomhthéacs ‘úrscéal na coitiantachta’ deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Is é gaisce scríbhneoireachta Chathail Uí Shándair an gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge
In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 deir Alan Titley: ‘An ceart choíche, is dócha gurb é Ciontach Dhiarmada Uí Shúilleabháin ceann de na ráitis pholaitiúla is láidre dár scríobhadh i bhfoirm úrscéil le leathchéad bliain anuas in Éirinn’ ··· Agus deir Titley freisin: ‘Dá mbeadh ort scríbhneoir amháin a roghnú a chuir saol seasmhach úd an Athar Peadar suas síos agus tóin thar ceann is é Diarmaid Ó Súilleabháin thar éinne eile an té is túisce a rithfeadh leat
I ndiaidh a bháis bhí idir chuntais ar a bheatha, ailt ómóis, agus tuairiscí, agus aistí ar a thábhacht agus a thionchar: ag Pól Ó Muirí in Irish Times 21 Meitheamh, ag Gabriel Rosenstock in ‘Tuarascáil’ sa pháipéar céanna 22 Meitheamh, agus ar leathanach na marbh sa pháipéar sin (‘Loss to Ireland’s artistic circle’) 25 Meitheamh; ag Siobhán Campbell in Sunday Tribune 26 Meitheamh; ag Breandán Mac Gearailt (‘Dúluachair ar lucht Gaolainne i ndiaidh Davitt’) agus ag Alan Titley in Foinse 26 Meitheamh ··· Ba ghaisce inti féin an pósadh sin a dhéanamh leis an mbladar Ciarraíoch, agus is é a bhí ábalta ar spraoi a bhaint as an dá rud’ (Titley) ··· ‘B’obair cheannródaíoch a dhein siad beirt maidir le dearadh agus clóchuradóireacht de’ (Titley)
Deir Alan Titley faoi (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Mar le scríbhneoir nár chainteoir ó dhúchas é murab ionann agus formhór na n-úrscéalaithe Gaeilge go dtí sin, thaispeáin sé go bhféadfadh sé stíl nadúrtha éasca a láimhseáil a bhí prósúil gan a bheith leamh is a bhí díreach gan a bheith lom
Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Cathal Ó Háinle agus Regina Uí Chollatáin ina n-aíonna aige agus cuireadh leagan de i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley
Is dóigh le Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991) nár éirigh leis an fhilíocht agus an tuarascáil a phósadh le chéile mar ba mhian leis
Ag tagairt do Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603–1788 (1996), a mhórshaothar, is é a dúirt Alan Titley ag an searmanas sochraide san Eaglais Úinitéireach, Baile Átha Cliath: Mar ní hea amháin gur saothar é seo a dhein athscríbhneoireacht ar litríocht na Gaeilge, dhein sé athscríbhneoireacht ar stair na hÉireann chomh maith céanna
Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Eoghan Ó hAnluain agus Máire Ní Annrachain ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan próis i gcló é in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 in eagar ag Titley
Lena chois sin, rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Pádraigín Riggs agus Siobhán Ní Fhoghlú ina n-aíonna ann agus cuireadh i gcló mar aiste é in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley Gan amhras is mar oideachasóir agus mar mhúinteoir a fhanfaidh cuimhne air ag mórán dá mhic léinn, iad sin go háirithe ar scoláirí agus scríbhneoirí aitheanta iad