Duine de scéalaithe Jeremiah Curtin. Tá cur síos ar Phádraig agus a athair ag Nuala Ní Dhomhnaill in Thaitin sé le Peig, 1989. Cónaí air i mBaile an tSléibhe. A athair Muiris a bhí mar fhear teanga agus é ag insint scéalta do Curtin. Scríobh Seán Ó Dubhda cuid mhór dá sheanchas síos—nóta aige in Béaloideas 5, 1935. D’éag 26 Nollaig 1935 in aois 89/90.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú