B’as Ros Comáin dó. Aibhéardaí ba ea a athair ansin, más fíor do O’Donoghue (Poets of Ireland) ach deirtear freisin (e.g. in M. Tierney, Eoin MacNeill: scholar and man of action, 1867-1945, 1980 1.26) gurbh imircigh i Lancashire a mhuintir agus gurbh ansin agus uathusan a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Chaith sé tamaill san Ísiltír agus i Meiriceá. Dhéantaí iontas de go raibh an Phléimeannais go líofa aige ach bhí seacht dteanga eile aige freisin. Chaith sé seal ag múineadh teangacha agus mhaíodh gur rug sé bua lá san Fhraincis agus sa dornálaíocht ar Harvey Ducros, cainteoir Fraincise ó Chúil an tSúdaire a raibh giomnáisiam cáiliúil aige i mBaile Átha Cliath. Iarradh air meamram a chur chuig Coimisiún an Oideachais Idirmheánaigh 1899 agus tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 23 Meitheamh 1900. ‘I am myself a native of Roscommon’, a deir sé ann, agus tugann sé eolas ar chuid dá thaithí ar mhúineadh teangacha. Faoi choláiste cónaitheach i ndeisceart na hOllainne: ‘I was for some years lay professor of English in it. I had to teach four classes with about twenty pupils in each. The two higher classes were taught principally through the medium of French, the two lower more through the medium of Dutch, but French was the recognised language of the institution ...’. Theastaigh ó phríomhoide scoil cailíní i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é a bheith ina mhúinteoir lodáilise sa scoil ach shíl sí go mbeadh a ainm Gaelach ina chiotaí air. Thabharfadh sí an post dó dá ligeadh sé air gurbh lodáileach é. Mhol sé don Choimisiún gurbh úsáidí go mór an Rúisis ná an lodáilis; bhí oifigeach óg in arm na Breataine agus inealltóir ar na hiarnróid ag foghlaim Rúisise uaidh féin.

Bhí sé tamall san Ollscoil Chaitliceach ach nuair a bhí sé anonn go maith in aois agus féasóg liath air chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide gur ghnóthaigh céim B.A. in 1891 agus M.A. in 1894. Bhí sé ina chomhfhreagraí talmhaíochta ag an Weekly Freeman agus scríobhadh sé véarsaí in The Nation, Young Ireland, The Shamrock, Household Miscellany, Omnibus agus The Skibbereen Eagle faoin ainm cleite ‘Erionnach’. ‘Clann Concobar’ a bhíodh lena dhéantús in Irisleabhar na Gaedhilge. Bhí sé in Aontacht na Gaeilge, é mar rúnaí acu in 1887, sa Chonradh agus i gcumainn ar nós an Irish Fireside Club. Chaith sé tamall in Inis Meáin ach ba é tuairim an Chraoibhín gur mhó a eolas ar an teanga scríofa. D’éag sé ar 28 Deireadh Fómhair 1906. Tá sé curtha i nGlas Naíon agus an inscríbhinn seo ar a leacht: ‘Ba h-eolach é i n-ilteangaibh na hEorpa, go mórmhór sa teangaidh Gaedhilge agus fós i gceol agus damhsa na hÉireann agus mórán d’ealadhnaoibh eile’. Maidir lena bheith eolach ‘i gceol agus damhsa na hÉireann agus morán d’ealadhnaoibh eile’, bhí aiste fhíorspéisiúil i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1898: ‘Mar leagadh an teach’. Baineann sé leis an gcaoi a bhfoghlaimíodh sé céimeanna rince i dteach i Sráidín Findlater, Baile Átha Cliath, nuair a bhí sé tuairim 44 bliana d’aois. Bhí an teach ‘ar críonadh, ar feochadh agus beagnach i riocht a leagtha’. Shíl Risteard gurbh é an cleachtadh fada a rinne sé ar 32 céimeanna an chornphíopa Domhnach amháin faoi deara gur thit an teach an oíche sin.

Tá cuntas air in Sinn Féin 3 Samhain agus 17 Samhain 1906. Deirtear ann go raibh sé ag múineadh i Lováin, gur 6 Sráid Carlisle, An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath, a sheoladh nuair a cailleadh é, gurbh iad John agus Bridget Mulrenin a thuismitheóirí. Foilsíodh a uacht mar fhógra in An Claidheamh Soluis 15 Nollaig 1906 agus iarradh ann ar dhaoine a raibh éilimh acu ar an eastát iad a shonrú. D’ainmnigh sé Eoin Mac Néill mar sheiceadóir; d’ fhág sé £300 le huacht aige sin agus ag Dubhghlas de hÍde ‘for cultivation of classical Irish’ agus £300 ag na Bráithre Críostaí. D’fhág sé £300 le huacht ag Conradh na Gaeilge, dar leis An Claidheamh Soluis, 10 Samhain 1906. Deirtear sa pháipéar céanna 25 Aibreán 1908 gurbh é Willie Pearse a dhealbhaigh an leacht cuimhneacháin i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú