Seo é an scríbhneoir a chaith tamall fada ina ollamh i gColáiste na Mumhan. An rud is gnáiche a deirtear ina thaobh go raibh gaol aige ar an dá thaobh leis an Athair Peadar Ó Laoghaire. Seo é an chaoi a rianaíonn an Dr Seán Ua Súilleabháin (litir dar dáta 9 Bealtaine 1996) an gaol sin: ‘Ní foláir nó mac mic ba ea Diarmaid do Dhiarmaid Ó Laoghaire agus Siobhán Ní Thuathaigh, driotháir do Pheadair (seanathair an Ath. Peadair); phós Diarmaid agus Peadair beirt driféar, Siobhán agus Máire Ní Thuathaigh, agus is mar sin a thánadar go Lios Cearragáin (cf. Mo Sgéal Féin, 1915, lch 8)’. Thug Diarmuid féin an t-eolas seo do Mhuiris Ó Droighneáin: ‘Gaol don Athair Peadar is ea é—“a trí is a trí dhá uair”. Tá cuntas ar a mhuintir ag Seán Ua Súilleabháin (‘The O’Learys of Liscarrigane’) in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, edited by Pat Kelleher and Michael O’Connell. Ar scoil dó sa Cháithtigh i gCluain Droichead, agus ag scoraíocht i dteach mhuintir an Athar Peadar a fuair sé a chuid léinn. Nuair a tháinig Séadna amach thosnaigh Diarmuid ar an nGaeilge a léamh agus a scríobh. Chuaigh sé ag múineadh Gaeilge i gceantar Mhaigh Chromtha agus ina dhiaidh sin i gContae Luimnigh. Bhí sé ar dhuine den chéad dream a fuair teastas i gcoláiste Gaelach i 1904. Bhí sé ina Ollamh Gaeilge i gColáiste Bhéal Átha an Ghaorthaidh ar feadh dhá bhliain is fiche’ (Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936). Is do Séadna mar shraithscéal in Irisleabhar na Gaeilge 1894-97 a bhí Muiris ag tagairt gan amhras agus ní don leabhar a foilsíodh i 1904.

I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo sa teach i Lios Caragáin: Mary O’Leary, baintreach, feirmeoir, arbh aois di 66; Barnaby (36), mac feirmeora; Jeremiah (30), mac feirmeora; Ellen (24); Kate (21). Bhí Béarla agus Gaeilge acu go léir ach ní raibh léamh ná scríobh ag an máthair. Rugadh Barnaby ar 7 Samhain 1864 do Jeremiah O’Leary, feirmeoir, Lios Caragáin, agus a bhean Mary Lynch. Rugadh Catherine ar 20 Meitheamh 1879. Ní raibh teacht againn ar theastas Dhiarmuda ach de réir chlár na mbaistí rugadh é ar 29 Márta 1871. Is léir ar liosta de bhaistí an teaghlaigh a chuir sagart paróiste Chluain Droichead ar fáil le haghaidh an chuntais seo go raibh deartháir amháin eile ar a laghad aige, Cornelius, a rugadh ar 25 Lúnasa 1865.

Bhí ‘J. O’Leary (Liscarrigan)’ sa láthair nuair a bunaíodh craobh i gCluain Droichead ar 26 Samhain 1899 (An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1899) agus is dóigh gurbh é Diarmuid s’againne é. Tá léargas ar an gcaidreamh a bhí aige leis an bhfile Micheál Ó Tuama i 1901-3 le fáil san iris St Patrick’s; Diarmuid a sholáthair roinnt amhrán dá dhéantús ann. Bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil i gceantar Mhaigh Chromtha ó Shamhain 1902 amach agus tuairim 1904 d’imigh sé i mbun na ceirde sin go Ráth Caola, Co. Luimnigh. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann na Múinteoirí Taistil, dar le tuairisc in An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1904, agus ba é Maigh Chromtha a sheoladh ag an am. Ina chathaoirleach ar an gcumann sin a bhí sé, dar leis an iris chéanna, ar 7 Deireadh Fómhair 1905. Bhí sé ar dhuine de scoláirí Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i rith an chéad téarma sin i 1904 agus bhain teastas amach ann i 1906 (idem 15 Meán Fómhair 1906). Ag an Athair Gearóid Ó Nualláin tá an abairt seo in Beatha dhuine a thoil, 1950: ‘Bíonn gach tosnú lag, agus, chomh fada is is cuimhin liom, ní raibh de lucht léinn ann [Coláiste na Mumhan] ach cúigear—an tAthair Aibhistín [Ó hAodáin], Eibhlín Ní Chróinín, Seán Ó Cuill, Diarmuid Ó Laoghaire (is dóigh liom) agus mé féin’. Ach is dóigh nach ina mhac léinn amháin a bhí sé ann ó thosach. ‘Ag múineadh Gaeilge dóibh siúd nach bhfuil an teanga ar fónamh acu i gColáiste na Mumhan’ a dúradh in An Claidheamh Soluis 28 Iúil 1906. Agus dúradh ann 20 Iúil 1907 gur ag obair a bhí sé ann ó thosach, é de chúram air daoine nach raibh ann cheana a chomhairliú. San iris chéanna 18 Lúnasa 1908 bhí an mhír nuachta seo: ‘Diarmuid Ó Laoghaire, who is a native of this district, has come down from Rathkeale where he has just concluded a year’s strenuous work to take up the duties of Assistant Professor of Method. Tangible evidence of Diarmuid’s ability as a teacher as well as master of Irish was forthcoming at the Thomond feis on Sunday last when the competitors from Rathkeale pulled off numerous prizes in the face of the keenest competition’. Bhí pearsantacht thaitneamhach aige. ‘Cainteoir breá, agus múinteoir cliste, agus rógaire críochnaithe ba ea é. Is mó focal agus cor cainte gonta a fhoghlaimíos uaidh. . .’, a scríobh Ó Nualláin ina thaobh. Agus dúirt Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Bhíodh Diarmuid réidh Ó Laoghaire ann [Coláiste na Mumhan]; agus chaith seisean téarma fada ina ollamh sa choláiste ann. Scríobh sé cuid mhaith agus bhí thar barr chuige’. Agus dúirt sé arís: ‘Bhí mórán Gaeilgeoirí cliste sa cheantar san, agus roinnt scoláirí Gaeilge ina measc, ach is dócha gurbh é Diarmuid Ó Laoghaire an fear is mó acu do bhreac páipéar agus do chum aistí agus scéalta, agus muna bhfuil dearmad orm, roinnt amhrán’. In ainneoin gur chara agus gaol leis an Athair Peadar é bhí sé sásta síntiús a thabhairt nuair a bhí comhartha measa á bhronnadh ar Mhicheál Ó hIceadha (An Claidheamh Soluis 14 Lúnasa 1909).

Bhí comhfhreagras san iris sin i 1918 a léiríonn a mhíshastacht a bhí sé le pá na múinteoirí taistil. Bhí ráite ag Claude Chavasse ar 8 Meitheamh gur ceird d’fhir óga í. An tseachtain dár gcionn d’fhreagair Diarmuid gurbh ionann sin is a rá gurbh é an gnó a bhí ag an gConradh do mhúinteoirí taistil an méid a bheadh iontu a shniogadh astu an fhaid a bheidís i mbláth na hóige agus an bóthar a thabhairt dóibh ansin. ‘Nach deas an pension é sin acu ! Nach néata an war bonus é!’. Scríobh sé arís in Misneach 26 Deireadh Fómhair: ‘Nach éachtach ná bíonn aon oifigeach eile a bhaineann leis an gConradh ag cnáimhseáil ach na múinteoirí taistil’. An tseachtain dár gcionn bhí sé ceannairceach: ‘Dá bhrí sin cuirimse de cheist agus de bhreith agus de mhórualach ar gach múinteoir taistil gan a thuilleadh a chur chun Ciste na Teanga ach é úsáid i na gceanntair féin’. Níorbh fhéidir don eagarthóir foighneamh leis an gcineál sin cainte. ‘Ní chuirfear a thuilleadh cainte den tsórt san uaidh i gcló’ (Misneach 9 Samhain 1918).

Scríobhadh sé aiste gach seachtain ar feadh i bhfad in Nuacht na Mumhan (Munster News and Limerick and Clare Examiner). Tá cuid de na haistí sin i gcló in Cogar Mogar, 1909. Is beag ar fad dá dhéantús atá i gcló sna hirisí Gaeilge. Úrscéal is ea An Bhruinneall Bhán, 1934. Seachas é a liostú, níorbh fhiú é go luafadh Alan Titley é mar shaothar ficsin in An tÚrscéal Gaeilge, 1991. Leabhar eile leis is ea Saothar Bliana: aistí ar chuireadóireacht agus ar ghnóthaibh na feirmeach, 1935 (athchló 1945). Bhí scata dán aige in Saothar dhámh-sgoile Mhúscraighe, 1933. Is dealraitheach gur éirigh sé as an múinteoireacht nuair a tháinig sé in oidhreacht na feirme i Lios Caragáin. Tá cuimhne go fóill i gCluain Droichead ar fheis a bhí sé a reáchtáil san áit ar feadh tamaill ghairid de bhlianta. D’éag sé ar 3 Aibreán 1942 ach níor tuairiscíodh sin in Cork Examiner go dtí an 13ú lá den mhí. Cuireadh i mBaile Bhuirne é Domhnach Cásca. Foilsíodh cuntas air in Scéala Éireann 17 Aibreán ach is beag má tá aon eolas ann. ‘Dhein sé staidéar doimhin ar an teanga féin agus chuaigh sé ar cuairt go Gaeltachtaí an deiscirt le leaganacha cainnte agus cora cainnte a bhreacadh síos ó na sean-Ghaeilgeoirí ins na ceanntracha sin chun iad a chur i gcomparáid leis na cora cainnte agus na leaganacha cainnte a bhíonn i ngnáth úsáid anois’.

In Saothar Bliana deir sé sa réamhrá go raibh de nós aige ar feadh tamaill na giotaí a scríobhadh sé do Nuacht na Mumhan a chur chuig an Athair Peadar chun a thuairimí orthu a fháil. Cheartaigh an sagart cuid díobh. Go pointe áirithe is cur síos ar mheon an Athar Peadar féin an rud a scríobh sé chuig a fhear gaoil: ‘Sea, a Dhiarmuid, a bhráthair, tá an obair go léir léite agam agus tá an méid seo agam le rá leat. Ní fheaca fós in aon leabhar ná in aon pháipéar (lasmuigh leis an nGaoluinn a scríobhainn féin) aon Ghaoluinn leath chomh maith leis an nGaoluinn a scríobhann tusa. Sin í an fhírinne ghlan agat. Ná bíodh aon phioc d’á mhearathal ort. . . . Tá an Ghaoluinn chomh háluinn sin agat is mór an trua gan toradh a nirt a bhaint aisti ar gach aon tsaghas cuma’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú