Elizabeth Rachel Leech ab ainm di ach Rachel a thugtaí uirthi de ghnáth. De réir an teastais beireatais rugadh Elizabeth Mary Rachael Leech ar 16 Samhain 1880. Deirtear in The Irish Times 10 Feabhra 2007 go mba ghaol gairid í le W. J. Leech (1881-1968), péintéir cáiliúil. Ba iad a tuismitheoirí Graves Atkinson Leech, a bhí ina aturnae ag Coimisiún na Talún, agus Anne Smyth a raibh cónaí orthu ag 17 Sráid Temple Uachtarach, Baile Átha Cliath. I nDanesfield, teach mór i gCluain Tairbh, a tógadh í féin agus a beirt deirfiúracha. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 14 Nollaig 1957 dúirt sí gur cailleadh a máthair nuair a bhí sí óg agus nár chuimhin léi ná lena deirfiúr í a fheiceáil riamh. Bhain an chlann le hEaglais na hÉireann agus nuair a bhí Úna an-óg cuireadh ar scoil í go Neuchatel na hEilvéise, áit ar chuir sí sáreolas ar an bhFraincis. Ar fhilleadh go hÉirinn di chuaigh sí chuig Coláiste Alexandra. Timpeall an ama chéanna a chuir sí spéis sa Ghaeilge agus ba í féin agus Ethel Goddard a chuir tús leis an bhfeachtas i gColáiste Alexandra a thug ar na húdaráis an Ghaeilge a chur ar an gcuraclam.

Chaith sí ceithre bliana ag obair d’Eaglais na hÉireann i mBéal Feirste, cuairt á tabhairt aici ar bhochtáin, í ag múineadh amhránaíochta do chailíní na muilte. Chinn sí ar dhul le múinteoireacht agus fuair sí teastas múinteoireachta ó Choláiste Oiliúna Phlás Chill Dara. Tar éis di cáiliú mar mhúinteoir d’imigh sí go Ceanada. Tíoránach cruthanta ba ea Graves Leech agus b’fhéidir gurbh ag éalú óna smacht a bhí sí. I rith na tréimhse i gCeanada bhí sí ag múineadh inimirceach ón nGearmáin agus ó Shasana i mbothán adhmaid i Sascatchewan. Bhain sí úsáid as a bhfaca sí thall ina húrscéal Cailin na gruaige duinne (1932). D’fhill sí ar Éirinn arís i gceann trí bliana.

I dTamhain, Co. na Gaillimhe a d’fhoghlaim sí Gaeilge: ‘Bhí seanchaí iontach agus de réir chosúlachta togha múinteora ar an oileán san am darbh ainm Micheál Ó Fathaigh. Is uaidh a d’fhoghlaim sí an chuid is mó dá cuid Gaeilge’ ('An Mhuintir s'againne'). Sa choláiste Gaeilge i dTamhain a casadh uirthi Ernest Reginald McClintock Dix (rugadh 8 Aibreán 1857; d’éag 2 Bealtaine 1936). Ba iad Henry Thomas Dix agus Emma Patience McClintock athair agus máthair E. R. McClintock Dix. Dlíodóir agus leabharbhách ba ea é agus údar ar stair chló agus leabhar in Éirinn. Thug a bpósadh an-deis d’Úna bheith ag scríobh léi agus ag cur eolais ar chúrsaí reatha an domhain mhóir. I 1916 roghnaíodh iomann a scríobh sí, ‘Ó éist linn, a Dhia’, don Duanaire diadha do scláthruigheadh i gcomhair Seirbhís nGaodhalach Eaglaise na hÉireann a foilsíodh i nDún Dealgan. Roinneadh an dara duais idir í féin agus Seán Tóibín i gcomórtas scéalaíochta ag Oireachtas 1916. ‘Is iomaí duais a ghnóthaigh sí i gcomórtais ina dhiaidh sin go mórmhór sna comórtais amhránaíochta ar an sean-nós’ ('An Mhuintir s'againne'). I Samhain (Lá Samhna 1917) tá ‘An Braisléad Muinéil’ a d’aistrigh sí ó bhunscéal de Maupassant. ‘Úna Bean Uí Dhiocs’ an leagan dá hainm a mbaineadh sí úsáid as ag an am sin.

D’iontaigh sí ina Caitliceach in 1919 agus d’uchtaigh sí beirt dílleachtaí de mhuintir Vignoles (ar dhuine díobh Peter Dix, aisteoir). I Ráth Fearnáin a bhí cónaí ar an gclann. Fuair a mac altrama Peter Dix (Reginald Vignoles) bás ar 5 Feabhra 2007. Cainteoir líofa Gaeilge an t-aisteoir gairmiúil seo a chaith tréimhse mhór dá shaol ina bhall de Chompántas Aisteoirí Radio Éireann. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 10 Feabhra 2007 agus deirtear gurbh in Torquay, Devonshire, a rugadh é ar 2 Eanáir 1925, go bhfuair a mháthair bás i 1935 agus gurbh ag an bpointe sin a chuir an t-athair, John Vignoles, aisteoir, i gcúram mhuintir Dix é.

Sna 1920idí agus sna 1930idí bhíodh cruinnithe sa tSiopa Tuaithe ag Na Cairde Gael, cumann a bhunaigh Úna agus a raibh spéis acu in imeachtaí Chonradh na Náisiún. Aon eachtrannach cáiliúil ar a chuairt in Éirinn thugadh siad cuireadh dó chun labhairt leo ag lón sa tSiopa i bhFaiche Stiabhna. Bhí Úna ina huachtarán freisin ar chraobh na hÉireann de War Resisters’ International.

Nuair a d’éag a fear céile, chuaigh an chlann chun cónaithe i gCill Dara. Chuir Úna spéis i bhforbairt na tuaithe, sa chomharchumannachas, i Muintir na Tíre agus i mBantracht na Tuaithe. Bhunaigh sí craobhacha den Bhantracht i gCill Dara agus i gCill Chainnigh. Bhí baint aici ar feadh i bhfad le Craobh na gCúig gCúigí. Bhí sí gníomhach i gCumann na Croise Deirge agus i gcumainn eile freisin. Timpeall 1944, chuir an chlann fúthu i gCill Mocheanóg, Co. Chill Mhantáin. D’éag Úna ann ar 2 Samhain 1958.

‘Bláth Aitinne’ a bhí mar ainm pinn aici (catalóg na Leabharlainne Náisiúnta). Scríobh sí An seod do-fhághala (1936) úrscéal, Cruadh-chás na mbaitsiléirí nó is éiginteach do dhuine agaibh pósadh (1931) dráma, agus Réaltan tríd an gceo, úrscéal ar cuireadh cruth dráma air ar ball faoin teideal Caisleán Belgard.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú