Tá sí ar dhuine de na mná Protastúnacha sin a thug a ndílseacht don Ghaeilge i mblianta tosaigh Chonradh na Gaeilge. D’fhág sí £100 le huacht ag an eagraíocht sin agus £100 eile ag Cumann GaelachEaglais na hÉireann. Bhí airgead infheistithe aici sa chéad agus sa dara hIasacht Náisiúnta. D’éag sí ar 7 Feabhra 1948 i dteach banaltrais ‘Cortona’, Cearnóg Belgrave, Baile Átha Cliath, agus cuireadh í i Reilig Náithí, Dún Droma, ar 10 Feabhra. Curtha in aon uaigh léi tá Anna Jane Scarlett, aois 25, a d’éag ar 5 Aibreán 1895, agus Sarah Honora Scarlett (77) a d’éag ar 7 Meitheamh 1910. I bhfógra báis Sarah in Irish Times tugadh a seoladh, 47 Moyne Road, Ráth Maonais, agus dúradh gurbh í baintreach Thomas Houghton Scarlett í agus aoniníon William Watson, an Tulach, Co. an Chláir. Sa teastas báis dúradh go mba mháistir scoile a fear céile. Nuair a fuair seisean bás ag an seoladh céanna ar 31 Márta 1893, dúradh go mba mháistir scoile san Arm é.

I nDaonáireamh 1901 bhí cónaí ag 47 Moyne Road ar Sarah Honora Scarlett (69), baintreach, a rugadh i mBéal Átha Feorainne, Co. na Gaillimhe (i gContae Ros Comáin atá an baile seo de réir Gaisitéar na hÉireann ), agus ar a hiníon Mary Emma Scarlett (32), a rugadh i Málta. ‘Form mistress, secondary teacher’ an chaoi ar cuireadh síos ar a slí bheatha. Níor luadh an Ghaeilge. ‘Mary E. Scarlett M.A., 1892. Elsinore, Annaville, Ranelagh’ an iontráil a bhí aici i liosta bhaill na Comhghairme i bhféilire Ollscoil na hÉireann 1912. Líon sí foirm an Daonáirimh i nGaeilge i 1911: Máire E. Scarlett (lóisdéir), Protastúnach, aois 42, oide, MA (N.U.I.), bean aonda a rugadh i Málta. Bhí beirt eile ar lóistín sa teach agus is i nGaeilge a tugadh a n-ainmneacha agus an t-eolas: Caitlín Uí Bhroin, ‘buime, retired’, arbh as Loch Garman di, agus Roibeard Lughaidh Ua Lennáin Mac Uirir, ‘fear rócachta (chemist)’ arbh as Béal Feirste dó.

Tá cúpla tagairt do Mháire in Gladly learn and gladly teach: a history of Alexandra College and School 1866-1966, [1984] le Anne V. O’Connor agus Susan Parkes. ‘Alexandra College was among the most consistent contenders for first place in the overall list of distinctions in the Intermediate Examinations along with the Ladies Collegiate School, Belfast. In 1884 Alexandra Collegeand School gained first place in Ireland in all three grades of the Intermediate Examinations: Maud Joynt obtained first place in Senior Grade, Mary Scarlett in Middle Grade, and Euphemia McEwan in Junior Grade’. Agus sa chaibidil ‘Alexandra School 1914-1922’ deirtear gurbh í an múinteoir matamaitice ann í. In Alexandra College Magazine LXXX1, Nollaig 1930, deirtear an méid seo sna nótaí i dtaobh Scoil Alexandra: ‘At the end of last term Miss Scarlett [and Miss Scott] resigned their positions on the staff. Miss Scarlett had been an Exhibitioner and Gold Medallist in the Intermediate Examinations and later had a brilliant career at the Royal University where she took her BA degree [in 1889] with 3rd place and Second Class Honours in Experimental Science and some years later the degree of M.A.’.

‘Mary Scarlett speaks Irish fluently’, a scríobh Ella Young fúithi in The Flowering Dusk agus í ag cur síos ar thuras a thug sí féin, Maud Joynt agus Máire ar Chonamara. Níl a fhios conas ná cén fáth ar chuir sí spéis sa teanga an chéad lá. In An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1909 tuairiscíodh gur éirigh léi i scrúduithe idirmheánacha Choláiste Laighean agus ar 27 Nollaig 1912 go bhfuair sí teastas múinteora Gaeilge. Scríobh sí aiste faoi Choimisiún na Gaeltachta in An tEaglaiseach Gaedhealach, Deireadh Fómhair 1926. Ba í a scríobh an cuntas iarbháis ar Maud Joynt in Alexandra College Magazine, Nollaig 1940.

Bhí cónaí uirthi le fada roimh a bás ag 88 Bóthar Laighean i Ráth Maonais. Ba le Síle Ní Ailgheasa an teach sin agus ina huacht d’fhág sí airgead ag Síle agus a deirfiúr Máiréad. Is faoi Alice Scarlett, baintreach, 2 Putney Hill, Londain SW1 agus ag Florence Shera, baintreach, (‘strangers in blood’) a bhí probháid na huachta.

Tharraing an Alexandra College Magazine, June, 1948, an pictiúr seo di: ‘Alexandra College lost a faithful and devoted friend when Miss Mary Scarlett passed peacefully away to a higher life in February of this year. She had a distinguished University career, taking her BA and MA with Honours in Experimental Science. A brilliant scholar, she never scorned to aid the humble learner. She loved to talk about her work in Alexandra and she never forgot her pupils. One of them said to me: “She always made everything seem so easy”. She loved Ireland and even the smallest knowledge of its language unlocked her heart to you. How her eyes used to shine as she sat listening to someone singing in Irish. But she never showed any bitterness to those who did not think as she did. She had the generosity and simplicity which accompanies real greatness of mind. Sincerity and integrity were the keynotes of her character’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú