Bhí cáil na Gaeilge ar an mball seo d’Ord an Spioraid Naoimh. I gcomhpháirt le Tomás Ó Floinn d’aistrigh sé Ealaín an scannáin. Vigilanti Cura le Pius XI. Dhá chaint le Pius XII, 1959. Sna 1950idí bhí alt fada aige in Sunday Press i dtaobh a riachtanaí a bhí an Ghaeilge i gcultúr na hÉireann agus cuireadh amach mar phaimfléad é. Ag 86 Pathfield Road, Streatham, Londain, a rugadh é ar 1 Lúnasa 1905. Ba é George F. Walker a athair agus ba í Catherine Fishbourne a mháthair. Meastar baint a bheith ag an athair le Sealy, Bryers, Walker, clódóirí fhoclóir Uí Dhuinnín i 1904.

Ag 120 Bóthar na hUaimhe, Cabrach, a bhí cónaí ar an teaghlach i mBaile Átha Cliath. Bhí ar a laghad beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Raghnall agus bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge sular cuireadh é go dtí an Chliarscoil Shóisearach i gCarraig an Tobair i Meán Fómhair 1921. Fuair sé an sútán ar 8 Meán Fómhair agus bhí ag múineadh (‘Prefecting’) i gColáiste na Carraige Duibhe 1928-31. Oirníodh é ar 23 Meitheamh 1935 i gColáiste na Naomh Uile. Ghnóthaigh sé BA le céad onóracha sa léann Ceilteach i 1928, H.Dip. in Ed. le céad onóracha an bhliain dár gcionn, agus céim mháistir le céad onóracha i 1930. Bhí aistí aige in Humanitas 1930-1 agus scéalta in Timire Chroí Naofa Íosa i 1929. Iarradh air an t-aitheasc a thabhairt ag an bhfáiltiú do lucht léinn na gcoláistí oiliúna ag Oireachtas 1955. Chaith sé 35 bliain ag múineadh i gCarraig an Tobair agus bhí ina eagarthóir ar Rockwell Journal ar feadh 31 bliain díobh. Bhí teach aige sa Rinn agus thugadh sé scoláirí ann go dtí cúrsaí. Scríobh Micheál Ó Domhnaill: ‘I dtús na seachtóidí sciob an bás uainn An tAthair Raghnall Mac Siúlaigh a bhíodh ag teacht ar cuairt chugainn ar feadh breis is daichead bliain (Iolscoil na Mumhan : ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987]). D’éag sé ar 27 Deireadh Fómhair 1971 agus tá sé curtha i gCarraig an Tobair.

Bhí dúil mhór aige i gcruicéad agus bhunaigh sé foireann a d’imríodh in aghaidh Glenstal. Deirtí gur mhill sé an faiche iomána i gCarraig an Tobair trí ‘wicket’ a chur ann, rud a chuir tús le teannas sa Choláiste. Fear mór ceoil ba ea é agus bhí sé i gceannas ar cheolfhoireann agus cór. Grianghrafadóir maith ba ea é; bhí pictiúir i gcló aige in The Capuchin Annual agus The Word agus d’fhoilsigh sé cuid díobh mar chártaí poist. Scríobh sé: The Holy Ghost fathers in Africa: a century of missionary efforts, 1933; An outline history of the Catholic Church, 2 vols. 1938-39; A primer of Church history, 1942; Just seventeen, 1944; Prices of peace, 1945; A companion to the study of Shakespeare: MacBeth, 1953.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú