LLOYD, Owen (
          c.1854–1929)

Tá an cruitire seo le háireamh i measc na gceoltóirí ba mhó a thug a ndílseacht do Chonradh na Gaeilge idir 1897 agus 1915. Ó 1901 amach b’annamh nach raibh sé ag seinm ceoil ag ceolchoirmeacha an Chonartha i Londain. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí Eoghan ag cur faoi ag 51 Sráid Chlann Bhreasail Uachtarach, Baile Átha Cliath. Bhí sé 47 bliana d’aois agus dúirt gurbh i gCill Chaoi a rugadh é. Ollamh ceoil a shlí bheatha. I mBaile Átha Cliath a rugadh a bhean Rose agus bhí sí bliain níos óige ná é. Bhí mac amháin sa teach an oíche sin, Edwin, ábhar aturnae. Chuir Eoghan síos san fhoirm go raibh Gaeilge aige féin. Faoi 1911 is ag 52 Cearnóg Kenilworth a bhí cónaí orthu. Chuir sé síos san fhoirm go raibh sé féin 56 bliana d’aois agus go raibh a bhean Rosanna 57 bliana d’aois. 34 a bhí Edwin; bhí sé ina aturnae cáilithe faoin am seo agus bhí Gaeilge aige. Bhí an lánúin pósta le 36 bliana. Cúigear a rugadh dóibh agus ní raibh beo díobh ach triúr.

Phós Eugene Lloyd agus Rosanna Burke 12 Deireadh Fómhair 1873 in Eaglais Naomh Agatha i mBaile Átha Cliath. Ceoltóir a ghairm bheatha agus bhí sé 21 bliain d’aois, más fíor. Bhí cónaí air ag 14 Sráid na Mí. Edwin Lloyd, ceardaí (mechanic), a athair dar leis an teastas pósta. Siopadóir ba ea Rosanna ag an am agus ba é Mathew Burke, fear stórais, a hathair. ‘Owen Lloyd’ an chaoi ar shínigh sé a ainm ach chuir ‘Eugene’ in éineacht leis. Scríobh Antoinette O’Brien, An Sinsearlann, Cora Finne, Co. an Chláir, ar 30 Eanáir 1996 chuig údair an chuntais seo: ‘From a detailed study of all the Baptismal Registers at our disposal we uncovered just one instance of an Edwin Lloyd having a family in Co. Clare during the last century; the details are as follows:- Edwin Lloyd and his wife Catherine Barrett were recorded as having a son William baptised 22 April 1857. Sponsors: Mary Ryan. The above baptism took place in the Parish of Ennis. Interestingly at William’s baptism the priest recorded the family’s address was North Wales. The fact that the above couple were not recorded as having a son Owen/Eugene would not necessarily mean that they did not have a son of this name in that it is possible that his birth/ baptism went unrecorded’. Is dóigh nach bhfuil ann ach comhtharlú gurbh i gceantar Chill Chaoi a bhí Seán Lúid (d’éag 1786), file, ag cur faoi.

Bhí ceolchoirm ar siúl ar 12 Márta 1896 ag an gConradh i gCorcaigh agus thuairiscigh Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896: ‘Mr Owen Lloyd, the celebrated harpist, contributed prominently to the success of the entertainment’. Bhí sé féin agus Tarlach Mac Suibhne ag seinm ceoil ag comhdháil an Chonartha i mBéal Feirste 10 Aibreán 1896 (Shan Van Vocht 1 Bealtaine 1896). Bhí sé ina bhall den choiste a reáchtáil an chéad Fheis Cheoil in 1897. Chum sé ‘Fantasia of Irish airs’ i gcomhair an Oireachtais in 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897). Luaitear a ainm in The Nation 10 Iúil 1897 mar bhall den National Literary Society agus deirtear sa pháipéar céanna 16 Deireadh Fómhair dár gcionn go raibh rang curtha ar bun aige, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, chun an chláirseach Éireannach a mhúineadh ag 24 Sráid Uí Chonaill, ceanncheathrúna an Chonartha, agus gur bhronn J.G. Morley, déantóir cláirseach in Kensington Theas, Londain, cláirseach bheag Éireannach ar an rang mar áis foghlama. Tuairiscíodh torthaí chomórtais Fheis Laighean in An Claidheamh Soluis 30 Márta 1901: ‘In the small harp contest the first and second prizes were respectively secured by Miss M.B. Pearse, of Dublin, and Miss Nora Twemlow, of Dalkey, both of whom are pupils of the eminent harpist, Mr Owen Lloyd’. Thabharfá leat ó thuairisc ar cheolchoirm an Oireachtais in An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899 gur phíobaire maith freisin é: ‘He plays in the traditional style, with the simple melody first presented, and then the characteristic variations’. Chláraigh sé mar bhall san Ard-Chraobh an oíche chéanna ar glacadh le ballraíocht John Redmond M.P. (An Claidheamh Soluis 17 Samhain 1900). Ag Feis Laighean bhí sé ina mholtóir ar an bpíb uileann, in éineacht le Pádraig Mac an Fhailghe agus Tomás Rowsome, agus ar an bhfeadóg mhór (idem 23 Feabhra 1901). In éineacht le Breandán Mac Ruaidhrí bhí sé ina mholtóir ar cheol uirlise ag Oireachtas 1901 (idem 2 Márta 1901).

Sa pháipéar céanna tá tagairt dó in imeachtaí Choiste na bhFoilseachán den Chonradh: ‘The committee have in contemplation the publication, at a popular price, of a collection of harp music, the editing of which will be undertaken by Mr Owen Lloyd’. Bhí sé ina bhall de choiste ceoil agus ealaíne an Oireachtais (idem 19 Iuil 1902). Bhíodh rang veidhlín agus cláirsí ar siúl aige san Ard-Chraobh (idem 22 Samhain 1901 agus 3 Eanáir 1903). Ag Féile na bPíobairí sa Rotunda iarradh go speisialta air ‘Máirseáil na nIománaithe’ (a scríobh Petrie síos ón bpíobaire Gaillimheach Paidí Ó Conghaile) a sheinm (idem 17 Nollaig 1904). Bhí sé ina ollamh i Scoil Éanna agus mhúineadh sé an veidhlín agus an chláirseach (idem 15 Lúnasa 1908).

Sheinn sé ag an gcéad Oireachtas agus bhí baint aige leis an bhféile anuas go 1920. Deir Donncha Ó Súilleabháin in Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 go raibh sé freisin mar stiúrthóir ar an ‘Band of Irish Harps’ agus ina bhall de choistí na féile sna blianta tosaigh. Ba mhinic é i bhfeighil a gcruinnithe. Sheinneadh sé ag ceolchoirmeacha an Chonartha ar fud na hÉireann agus thar lear. Sa tuairisc ar an gcéad cheolchoirm Ghaelach a bhí riamh i nGlaschú deirtear: ‘The next item was a selection of Irish airs on the harp by Mr Owen Lloyd, whose appearance on the platform was signalled by a loud outburst of cheering’ (An Claidheamh Soluis 9 Samhain 1901).

D’éag sé ag Mentone, Cill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath, 24 Márta 1929. Dúradh in Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1930, go raibh an ceoltóir Riobard Ó Duibhir ag cur memoir le chéile.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú