I Sasana a rugadh an sagart seo a bhí ar dhuine de sheiceadóirí liteartha an Athar Peadar Ó Laoghaire. Tá leac san eaglais i Ráth Maonais agus an inscríbhinn seo air: ‘Erected by Canon Fleming P.P. in memory of his mother who died 8 September, 1935’. Cé gurbh i mBaile Átha Cliath a d’éag sí níor tugadh aon eolas uirthi i bpáipéir na hÉireann. Agus is é a shílfeá ar a uacht nach raibh aon duine dá mhuintir beo nuair a rinne sé é. An beagán airgid a bhí aige d’fhág sé ag a bhean a’ tí é, chomh maith lena chanáraí, a chás-san, madra agus baill troscáin. Ag Ardeaspag Bhaile Átha Cliath d’fhág sé cóipcheart a chuid scríbhneoireachta agus na leabhair agus lámhscríbhinní a bhain le saothar an Athar Peadar. Seachas aistriuchán ón Iodáilis agus seanmóir in An Síoladóir agus freagra ar Pheadar Mhac Fionnlaoich in Misneach maidir le Gaeilge an Athar Peadar, is beag dá dhéantús a cuireadh i gcló. Tá tagairt san uacht do chíosanna talún i nDroichead Átha agus seans go raibh baint ag a mhuintir leis an mbaile sin.

Oirníodh é sa Róimh i ndiaidh dó a bheith i gColáiste Chluain Life agus i gColáiste an Phropaganda sa Róimh. Bhí sé ina churáideach in Áth na Sceire, sna Clocha Liatha, i mBré agus i Sraith an Iarthair, Baile Átha Cliath, sular ceapadh é ina shagart paróiste i Ráth Maonais i 1927. Thit de chúram air ansiúd eaglais an pharóiste a athchóiriú.

Le linn dó a bheith i mBré bhí sé ina leasuachtarán ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 30 Márta 1901) agus mar theachta acu ag Ard-Fheis 1902 (idem 7 Meitheamh 1902). Nuair a bunaíodh an Dublin School of Irish ag 20 Sráid Chill Dara bhíodh ranganna aige chun léamh na soiscéal i nGaeilge a mhúineadh (idem 14 Deireadh Fómhair 1916) agus an bhliain dár gcionn ceapadh é ina ardmháistir i gcomharbacht ar Ghearóid Ó Nualláin (idem 6 Eanáir 1917). An scoil sin a bhí i gceist ag an Athair Dónall Ó Tuathail sa tagairt a bhí in An Saol Gaelach 2 Samhain 1918: ‘Father Toal takes a keen personal interest in the Ard-Scoil which may be regarded as a Toal Institute in Dublin’. Tuairiscíodh in Misneach 9 Aibreán 1921 gur tháinig an Pléimeannach os comhair Choiste Gnó an Chonartha ag iarraidh £3,000 orthu chun Bíobla an Athar Peadar a fhoilsiú. Bhí sé ina eagarthóir ar An Síoladóir an bhliain sin. D’éag sé 2 Nollaig 1947 i Ráth Maonais.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú