In Liancourt sa Fhrainc a rugadh é ar 29 Deireadh Fómhair 1863. Feidhmeannach poiblí ba ea a athair Henri Dottin agus ba í Marie Pourcelle a mháthair. Fuair sé oiliúnt i gColáiste Laval agus in Ollscoil Rennes faoi Joseph Loth. Bhain sé céim amach ansin in 1884. Ba é Loth a mhol é mar rúnaí do Henri-Marie d’Arbois de Jubainville. Chaith sé tamall ag obair in Ollscoil Dijon in 1891. Fuair sé post in Ollscoil Rennes an bhliain dár gcionn agus ceapadh ina dhéan ann é i 1910 i gcomharbacht ar Loth. Bronnadh an Legion d’honneur air i 1919.

Bhí sé i measc na scoláirí a thacaigh le de hÍde i láthair an Choimisiúin um Oideachas Meánach in 1899. Tháinig sé go hÉirinn timpeall 1893. Bhí spéis aige sna canúintí mar eochair don Sean-Ghaeilge agus bhreac sé ábhar ó sheanduine i mBóthar na Trá i nGaillimh (agallamh le Tomás de Bhaldraithe in Comhar, Feabhra 1995) agus scríobh aistí in Revue Celtique faoina raibh foghlamtha aige, mar aon le téacs an scéil a scríobh sé síos ó Thomas Forde i nGaillimh. D’aistrigh sé go Fraincis scéalta in An Sgeulaidhe Gaedhealach le de hÍde. Fianaise eile ar an spéis a bhí aige sa Nua-Ghaeilge an clár a rinne sé don Revue Celtique de na haistí tábhachtacha in Irisleabhar na Gaedhilge. Bhí beirt mhac leis ag troid in arm na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda. D’éag sé i Rennes ar 11 Eanáir 1928. Scríobh Joseph Loth cuntas air in Revue Celtique, XLV, 1928.

I measc na leabhar a scríobh sé tá: Les désinences verbales en r en sanskrit, en italique et en celtique, 1896; Contes irlandais traduit du gaelique, 1901; Contes et legendes de l’Irlande, 1901; La Religion des Celtes, 1904; Les diphtongues toniques en gaelique d’Irlande, 1906; Les Livres de sainte Patrice, apotre de l’Irlande, 1906; Manuel de l’irlandais moyen, 1913; Les Littératures celtiques, 1924; L’épopée irlandaise, 1926. Tá na haistí léannta a scríobh sé sa tréimhse 1887-1924 le fáil in Revue d’histoire et de littérature religieuses, Revue Celtique, Annales de Bretagne, Revue de Synthese Historique, Soc. de Linguistique Bulletin, Revue des Études Grecques, Revue des Études Anciennes agus i bhféilscríbhinní agus bailiúcháin eile.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú