I Mainistir na Féile, mar a raibh a athair, Richard James Hayes, ina oifigeach bainc, a rugadh é 26 Meitheamh 1902. Ba í Kate Whelan a mháthair. Ní raibh siad ann i 1901 agus bhí siad imithe as faoi 1911. Bhí sé ar scoil i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus bhí sa chéad áit in Éirinn i sé cinn de na hábhair sna scrúduithe Meánteistiméireachta agus Ardteistiméireachta. I gColáiste na Tríonóide fuair sé trí chéim BA in éineacht: Léann Ceilteach, Nuatheangacha, agus Fealsúnacht. Ag am a bháis síleadh gur rud é nár éirigh le haon duine eile riamh. Fuair sé dochtúireacht sa dlí ina dhiaidh sin. Foilsíodh i 1927 a leabhar Comparative idiom: an introduction to the study of modern languages. Chuaigh sé isteach i seirbhís na Leabharlainne Náisiúnta i 1926. Ba é a mhórshaothar idir sin agus 1940 Clár litridheacht na Nua-Ghaedhilge 1850-1936. Tá Brighid Ní Dhonnchadha luaite mar chomhúdar sa chéad imleabhar (1938). A ainm féin amháin atá tugtha mar eagarthóir ar an dá imleabhar eile: Imleabhar a 2 (1939) ina bhfuil an fhilíocht i dtréimhseacháin liostaithe aige, agus Imleabhar a 3 (1940), ‘Prós i dTréimhseacháin’. Sa réamhrá san imleabhar deiridh sin deir sé go raibh i gceist aige aguisíní don dá imleabhar eile a bheith san imleabhar sin. ‘... Ach ní dhearna mé sin óir feictear dom gur fearr imleabhar nua a chur le chéile amach anseo a mbeidh cuntas ann faoin méid a foilsíodh ó 1936 mar aon le haguisín do na trí himleabhra’. Níor foilsíodh aon aguisín ó shin. Ceapadh é ina Stiúrthóir sa Leabharlann Náisiúnta i gcomharbacht ar R.I. Best i 1940.

I rith chogadh 1939-45 tugadh stádas oifigigh choimisiúnaithe san Arm dó d’aon toisc chun go ndéanfadh sé teachtaireachtaí rúnscríofa a léamh. ‘He was a brilliant cipher breaker and played a leading part in the interception and decoding of messages, which frustrated German attempts to establish an intelligence network in Ireland’ (Henry Boylan, A dictionary of Irish biography, 2ú heagrán 1988).

Mar Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta rinne sé obair luachmhar: d’éirigh leis seilbh a fháil ar pháipéir Urmhumhan i gcaisleán Chill Chainnigh; cheannaigh sé grianghraif Lawrence; chuir sé cáipéisí Éireannacha thar lear á micreascannánú. Is faoina stiúir eagarthóireachta a chuir an Leabharlann treoracha eolais ar fáil dá gcuid lámhscríbhinní agus dá gcuid tréimhseachán (Béarla): Manuscript sources for the history of Irish civilisation, 1965 agus Sources for the history of Irish civilisation: articles in periodicals, 1970. Chuaigh sé ar a phinsean i 1967 agus ceapadh é ina leabharlannaí i Leabharlann Sir Alfred Chester Beatty (bhí sé ina leabharlannaí oinigh ann le tamall) agus ina chathaoirleach ar na hiontaobhaithe. Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann agus Coláiste na Ríona dochtúireachtaí oinigh air.

Foilsíodh a Foclóir Gaeilge agus Frainncise i 1952. Deir sé sa réamhrá: ‘Ní raibh sé i gceist nuair a thosuigh mé ar an obair seo caighdeán oifigiúil a bheith ann do leitriú na Gaeilge agus, dá bhrígh sin chlaoidh mé leis an leitriú atá i bhFoclóir Uí Dhuinnín óir is é seo an leitriú ar baineadh feidhm as i bhfurmhór na leabhar a foilsíodh le céad bliain anuas’. D’éag sé 21 Nollaig 1976. Bhí sé pósta ar Claire Keogh (d’éag 1969) agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Phós sé Maura Deignan ansin.

Tugann catalóg na Leabharlainne Náisiúnta le tuiscint go raibh spéis aige i spórt. Faoina ainm tá liostaithe: Irish Motor and Motorcycling Annual 1929 in eagar ag R. J. Hayes and H. G. Tyrrell-Smith; Irish Rugby Football Annual 1928/9 in eagar ag R. J. Hayes and H. G. Tyrrell-Smith.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú