In Flós Fómhair, [1978] tá aiste ag Eoghan C. Ó Súilleabháin ar a shaol agus a shaothar. Deir sé ann: ‘Thuig sé tábhacht na teanga i gcónaí cé gur ar éigean má bhí eolas ar bith aige féin uirthi’. Ach is léir go raibh tionchar an-mhór aige ar an machnamh a rinneadh timpeall 1920-23 ar an gclár Gaeilge a bheadh i réim i scoileanna na hÉireann. Ag Gort na Croise i mBéal Átha na mBó, Dún Cairin, in aice le Ros Cré a rugadh é 17 Eanáir 1872. Bhí a athair Thomas tamall ina uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael sa chontae agus ba é an chéad chathaoirleach é ar Chomhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh (1899-1911). Fear gustalach é. Ba í Alice Gleeson máthair Thaidhg. I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo a leanas sa teach i i nGort na Croise: Thomas (53), feirmeoir agus giúistís síochána, a rugadh san Astráil; Alice (50), a bhean, a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Bridget (24), iníon feirmeora; James (19), mac feirmeora; Vincent (15), scoláire. Níor luadh an Ghaeilge. Mar seo a bhí an teaghlach i 1911: Thomas (65), baintreach fir, feirmeoir agus ceantálaí; James (28) Vincent (25); William O’Meara (15), garmhac le Thomas. Bhí Thomas pósta le daichead bliain agus den naonúr a rugadh don lánúin bhí seachtar beo fós. In The Nenagh Guardian i ndiaidh bhás Thaidhg deirtear go raibh a sheanathair John Gleeson (1814-1878) cairdiúil ina óige le Tomás Dáibhís nuair a thugadh seisean cuairt in 1825-34 ar a uncail, an tUrramach Hastings Atkins, i dTeampall Doire. Scríobhadh an Gliasánach seo aistí in The Nenagh Guardian.

Fuair Timothy meánscolaíocht sa Tulaigh Bheag agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Chuaigh sé isteach i nóibhíseacht Chumann Íosa in 1890. Ghnóthaigh sé an chéad áit agus BA le céad onóracha sa stair agus san eacnamaíocht. Bhí bonn óir i véarsaíocht Laidine agus Béarla gnóite aige roimhe sin. Chaith sé 1894-1901 agus 1904-1906 ina mháistir clasaiceach i gCoill Chluana Gabhann agus i Stonyhurst. Ó 1901 go 1904 bhí sé ag staidéar i gColáiste Lováin agus ó 1906 ag foghlaim na diagachta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn go ceann trí bliana sular oirníodh é i 1909.

Nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann ceapadh é ina Ollamh le Cleachtadh agus le Teoiric an Oideachais i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Bronnadh D.Litt. air i 1912 go luath tar éis fhoilsiú Studies in the history of classical teaching. É féin a scríobhadh na leabhair dá chúrsaí féin. Preas an choláiste a chlóbhuaileadh iad. Ní raibh ach cúntóir amháin aige ar feadh i bhfad. Beirt dá iarscoláirí ba ea Patrick John Dowling a scríobh The Hedge Schools of Ireland, [1935] agus Martin Brenan a scríobh Schools of Kildare and Leighlin 1775-1835, 1935 agus sholáthair sé réamhfhocail iontu. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Studies i 1912 agus ina eagarthóir ar feadh dhá bhliain; ar éigean aon eagrán i rith scór bliain gan alt aige ann. Scríobhadh sé go rialta freisin in Irish Monthly. I measc na leabhar a scríobh sé tá: State policy in Irish Education 1536-1816, 1916; Systems of Education in Ireland, 1928; Illegal Popular Schools in Ireland, 1932; The Clongowes Record 1832-1932, 1932; agus The Louvain Faculties and Ireland, 1939.

Traidisiúnaí ba ea é maidir le modhanna teagaisc agus bhí col aige le hoideachasóirí mar Pestalozzi agus Montessori. ‘Ní raibh aon oideachasóir eile ar aon chéim leis in Éirinn lena linn’, a deir Ó Súilleabháin ach meabhraíonn sé nach raibh mórán cainte lena linn ar bhrainsí den staidéar oideachasúil mar an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht ná fiú an teangeolaíocht. Bhí tuairimí foilsithe aige i dtaobh an dátheangachais agus i dtaobh bhunú nuatheangacha i gceantair mar Alsace-Lorraine. I 1920 shocraigh Cumann na Múinteoirí Náisiúnta ar chomhdháil speisialta a thionól d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chlár na scoileanna agus ar cheist na Gaeilge iontu. Iarradh ar ollúna oideachais a bheith sa láthair ach níor tháinig díobh ach an Corcoránach. Ar 6 Eanáir 1921 a bhí an chéad chruinniú. Ba í comhairle a chuir sé ar an gcomhdháil gur do leanaí idir trí agus seacht mbliana d’aois ba thairbhí a mhúinfí an dara teanga. In Irish Monthly, Eanáir 1923 mhol sé scéim go mbunófaí naíscoileanna lán-Ghaelacha ar fud na tíre arbh í an Ghaeilge amháin a bheadh mar chúram orthu. Cainteoirí óga ón nGaeltacht a bheadh ina mbun. Bhí sé in aghaidh aon chiúnas mínádúrtha a bheith mar riail; ba cheart lánchead cainte a bheith ag na leanaí. Tugadh aird ar a mholtaí i ranganna na naíonán sna gnáthscoileanna. Bhí páistí ón uile áit san Eoraip feicthe aige agus iad ag foghlaim an Bhéarla i Nua-Eabhrac ar an gcuma seo. Lorgaíodh an Roinn Oideachais comhairle air ina dhiaidh sin. Mhol sé gur lucht Gaeltachta a líonfadh a leath nó níos mó de na folúntais sna Coláistí Ullmhúcháin. Deir Ó Súilleabháin gur aimsigh sé argóint neamhghnách chun tacú leis sin, gur rinneadh leatrom ar mhuintir na Gaeltachta maidir le dul le múinteoireacht ó 1831 i leith agus go raibh cúiteamh tuillte acu ón Stát. Deir sé freisin: ‘Is deacair gan a chreidiúint gur ar a chomhairle a bunaíodh na Coláistí Ullmhúcháin i 1926 . . .’.

Maidir le meánoideachas, bhí sé ina bhall de choimisiún a bhunaigh an Chéad Dáil chun clár nua a leagan síos. Ó Corcoráin a bhrúigh traidisiún múinteoireachta na gclasaiceach ar an gcóras a mhol an coimisiún sin. Níor tugadh a cheart don teanga labhartha ann. An freagra a thug an sagart air sin go mbeadh labhairt na teanga go maith ag leanaí i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh sa bhunscoil.

Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Lámhscríbhinní. Ba eisean faoi deara gur beartaíodh Civil Survey of Ireland 1653 a fhoilsiú—le Tiobraid Árann a bhaineann an chéad imleabhar díobh. Bhí sé ina bhall de choiste riartha an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar feadh 1916-38. Bhí sé ar dhuine den bheagán ollamh ann an uair sin ar le Fianna Fáil a bhí a mbá. Ó 1924 go 1939 bhí sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann. Cailleadh é ar 23 Márta 1943 i dTeach Banaltrais Naomh Uinseann agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Is Timothy Corcoran ar fad eile, fear as Currach Dubh, Cill Shléibhe, Teampall Mór, a scríobh an t-amhrán ‘On Carden’s wild domain’: d’imigh seisean go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá tuairim 1885 (The Spirit of Tipperary ).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú