‘Mezzofanti na hÉireann’ a thugtaí ar an Íosánach seo, bhí an oiread sin teangacha ar eolas aige. Bhí Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis agus Spáinnis aige go foirfe. Mhúineadh sé Gearmáinis do Ghearmáinigh tráth dá shaol. Dúirt sé féin: ‘I am perfectly at home in Portuguese and I know well the Dutch, Swedish and Danish languages. Moreover, I have studied Icelandic and Anglo-Saxon; and to some extent Roumanian and the dialect of the Grisons.... I am well acquainted with the important languages of the Turanian, Slavonic and Celtic stocks. I have lived in Hungary and made myself acquainted with the Magyar language and literature. I know Polish, Bohemian and Russian; as also the leading dialect of the southern Slavs in its Servian, Dalmatian, and Croatian forms. I made some study of Carniolese with a native, and have an elementary knowledge of Bulgarian. I have studied Romaic and can read modern as well as ancient Greek with fluency’. Níor bhac sé sa chuntas sin le Béarla ná Gaeilge.

Rugadh é ag 51 Sráid Shéarlais Mhór i mBaile Átha Cliath ar 1 Iúil 1837. Ba iad a thuismitheoirí Redmond Peter O’Carroll agus Mary Catherine Goold. I ndiaidh a bheith ar scoil i gColáiste Choill Chluana Gabhann chaith sé tamaill ag múineadh ansin agus i Luimneach agus ag múineadh na gclasaiceach i bPáirc an Mhuilinn. Ceapadh é ina Scrúdaitheoir sna Nua-Theangacha san Ollscoil Ríoga agus bhí rang Gaeilge ar siúl aige ann in 1883—trí mheán na Fraincise, ar ndóigh.

Bhí cuma chomh scolártha uasal air go dtugadh na mic léinn ‘Prionsa Deireanach Éile Uí Chearbhaill’ air. Is cosúil go raibh sé in ann ginealach a chine a rianadh siar go dtí Uí Chearbhaill Éile. Ach mar sin féin níor mhiste leis a bheith thíos ar na duganna i mease na mairnéalach go minic chun na teangacha go léir a chleachtadh. Bhí sé i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus in Aontacht na Gaeilge. Scríobh Seán Pléimeann in Irisleabhar na Gaedhilge Iml. III Uimhir 32 1889: ‘One of the saddest episodes connected with the Irish language movement was the attacks that drove Father O’Carroll from the Gaelic Union. But this is not the time to say more upon this painful subject’. Is beag a d’fhoilsigh sé. Chruthaigh sé go raibh Shakespeare go ‘domhain i dtuilleamaí an fhile Thomas Campion. Ach an fáth a mbeidh cuimhne ag Éireannaigh air gurbh é a scríobh na ‘hamharcha cleasacha’ úd a bhí in Irisleabhar na Gaedhilge in 1882-3: Brian Bóraimhe; Brian Bóraimhe agus a anamchara; Brian Bóraimhe agus a Bhard. ‘An chéad iarracht a tugadh faoin drámaíocht i litríocht na Gaeilge’, a thug Muiris Ó Droighneáin orthu. D’éag Seán Ó Cearbhaill ar 5 Márta 1889. Scríobh Ó Gramhnaigh cuntas ar a shaol san Irisleabhar—tá sé i gcló freisin in Leabhar an Athar Eoghan, 1904.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú