Ó LOINGSIGH, Fionán (1889–1966) Fionán Ó LOINGSIGH 1889 1966 M Scoil Chill Mhic Chiaráin Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, Co. Chiarraí Coláiste Charn Tobair, Caiseal, Co. Thiobraid Árann Coláiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath Teachta Dála [B9] polaiteoir múinteoir rannpháirtí in Éirí Amach 1916 [B9] múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] óglach 1913–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é an chéad aire oideachais sa stát dúchais é agus is air a thit a ordú go gcaithfeadh múinteoirí náisiúnta uair a chloig gach lá ó Lá ’le Pádraig 1922 amach le múineadh na Gaeilge. Bhí cáil na Gaeilge ar a athair Fionán (c.1849–1907).

‘Leon Gaelach Chill Mhic Chiaráin’ a thug An Claidheamh Soluis 14 Meán Fómhair 1907 ar shean-Fhionán. ‘Bhí sé féin agus Micheál Ó Mainnín[q.v.], beannacht na ngrás dá n-anam, ag gabháil don Ghaeilge deich mbliana fichead ó shin sula raibh tásc ná tuairisc ar Chonradh na Gaeilge ... bhí sé ag múineadh Gaeilge ina scoil le cúig bliana fichead agus bhí an scoil sin ar na scoileanna is fearr in Uíbh Ráthach nó b’fhéidir in Éirinn ...’. In An Lóchrann, Meán Fómhair 1907, dúirt P. Ua hA. (Peadar Ó hAnnracháin, is dóigh): ‘Tá na seanursana ag imeacht go tiugh uainn agus is mór an lagú ar ár misneach é ach, dá bhfágfadh gach ursa acu an oiread cabhrach dá chló féin ina dhiaidh agus d’fhág an groífhear seo ó Chill Mhic Chiaráin atá scuabtha uainn anois ní bheadh an scéal ródhona againn’. Mac ba ea é le Patrick Lynch, feirmeoir, dar lena theastas pósta, agus b’as baile fearainn Dúire in aice le Cill Mhic Chiaráin é. Cinn Eich a sheoladh ag am a phósta. Chomh fada siar le Eanáir 1888 bhí sé ag scríobh in Irisleabhar na Gaedhilge. Tá tagairt san iris chéanna, 1 Feabhra 1895, dó bheith ag labhairt thar ceann múinteoirí náisiúnta Chathair Saidhbhín. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar Chumann Múinteoirí Gaelacha Chiarraí; ba é an Mainníneach an cathaoirleach. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 14 Aibreán 1900 go raibh beirt dá chlann, Fionán agus Eibhlín, i measc an tseisir a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh do scoileanna na mbuachaillí agus na gcailíní i gCill Mhic Chiaráin. Ball de Chomhairle an Oireachtais é i 1900. Bhí baint aige leis an scoil saoire do mhúinteoirí náisiúnta i gCathair Saidhbhín le linn samhradh 1901. D’éag sé ar 4 Meán Fómhair 1907.

I séipéal an Spuncáin ar 25 Samhain 1877 phós sé Eibhlín Nic Chárthaigh, duine den seisear iníonacha a bhí ag Fionán Mac Cárthaigh ar de bhunadh Oileán Dairbhre é, agus Bairbre Ní Ríordáin ó Dhroim an Dísirt i gceantar Thrá Lí. Múinteoirí náisiúnta an bheirt acu agus tamall caite acu ag múineadh sa Spuncán agus ansin in Achadh Tiobraid i bparóiste Chathair Saidhbhín. Cháiligh formhór na n-iníonacha mar oidí scoile. Phós duine díobh, Marianne, Jeremiah Kiely i gCionn tSáile agus ba mhac leosan Cormac Ó Cadhlaigh [B2]. Phós May Daniel McCallum i mBaile an Mhonaidh agus ba mhac leosan Fionán Mac Coluim [B1]. Bhí óstán cáiliúil ‘Grianán na nGael’ nó ‘The Munster Private Hotel’ á reáchtáil ag iníon eile, Myra, ag 44 Sráid Mountjoy, Baile Átha Cliath.

Ba iad seo an chlann a bhí ina gcónaí le sean-Fhionán (52 bliana d’aois) agus Eibhlín (48) oíche Dhaonáireamh 1901: Charles (16); Annie (15); Eibhlín (13); Fionán (12); Bríghid (7); Francis M. (6), Nóra (4). Eibhlín a líon isteach foirm Dhaonáireamh 1911 agus sa teach an oíche sin bhí: Pádraig (28), oide scoile; Eibhlín (24), oide scoile; Bríghid, scoláire. Aon duine déag clainne a rugadh dóibh ach ní raibh beo díobh faoi 1911 ach seachtar. Ní raibh Seán (féach thíos) sa teach ceachtar den dá oíche. Bhí Máire á hoiliúint mar oide scoile i Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, agus d’éag sí 13 Meitheamh 1900. Phósfadh Eibhlín Micheál Ó Móráin agus is mac léi an Dr Dónall Ó Móráin. Bhí sí ina teachta ó chraobh Chill Mhic Chiaráin ag Ard-Fheis 1916 an Chonartha (An Claidheamh Soluis 5 Lúnasa 1916). San iris chéanna, 21 Márta 1903, tuairiscíodh gurbh é Pádraig, mac le sean-Fhionán Ó Loingsigh, a bhain duais Sir Thomas Lipton, £50, le haiste ar Bhrian Bórumha.

Rugadh Seán ar 2 Deireadh Fómhair 1880. Tar éis bunoideachas a fháil óna athair bhí sé ag freastal ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne. Ní raibh ollamh Gaeilge ansiúd ag an am agus is óna athair tríd an bpost a d’fhaigheadh sé ceachtanna. Deir Muiris Ó Droighneáin[B2] in Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936: ‘Chaith sé a théarma i Maigh Nuad ag obair go dícheallach ar son na teangan. Ba mhinic é ag scríobh alt agus ag cnuasach dánta diaga ón mbliain 1900 anuas’. Bhuaigh sé an chéad duais ar aiste staire ag Oireachtas 1904. Nuair a oirníodh é bhí díomá ar An Claidheamh Soluis 15 Iúil 1905 a chlos go rabhthas lena chur go hAlbain: ‘Sin mar a scaoiltear an Ghaeilge in éag inniu féin’. Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh Springburn i nGlaschú. Tháinig sé abhaile i Márta 1911 agus is cosúil go raibh sé ag obair i gCathair Dónall ar dtús. Scríobh Pádraig Ó Sé (1880–1921) [B1] faoi (ibid 28 Meán Fómhair 1912): ‘Níor casadh orm riamh sagart níba dúthrachtaí ná é i gcúis na Gaeilge ... bhíodh seanmóin Gaeilge gach ré Domhnaigh ó cheann ceann na bliana. Agus ba mhaith an sás chuige é. Chuir sé craobh de Éire Óg ar bun anuraidh. Ba é a bhí mar rúnaí ar Fheis Chrócháin Naofa. Bhí sé ar na daoine ba chúramaí ar chomhaltas an Choláiste chomh maith’. Ba é a thug óráid Oireachtais 1914 i gCill Airne, agus ag Oireachtas 1916 léigh sé an óid thar ceann Pheadar Uí Annracháin a bhí i bpríosún. Bhí sé ina shagart cúnta i mBrosnach, i mBaile an Fheirtéaraigh agus i nDubháth. Tá a chuid aistí i gcló in Fáinne an Lae, An Lóchrann, An Scuab, Sinn Féin, An Síoladóir, Timire an Chroí Naofa.... I measc na n-amhrán a bhailigh sé bhí leagan de ‘Cailín deas crúite na mbó’ in Fáinne an Lae, Lúnasa 1926. Críost Rí, 1931 an t-aon leabhar leis a foilsíodh. D’éag sé 8 Márta 1934.

Ba é Fionán óg an duine díobh is mó a bhain cáil náisiúnta amach. Pearsa thábhachtach i stair na hÉireann is ea é. Rugadh é ar 17 Márta 1889. Arís is i scoil Chill Mhic Chiaráin a fuair sé bunoideachas sular cuireadh go Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, é. As sin chuaigh sé ar dtús go Coláiste Charraig an Tobair agus ansin goColáiste na Carraige Duibhe. Deirtear in DIB gur chaith sé tamall le múinteoireacht in Swansea sula bhfuair sé post in Éirinn agus gur bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair sin. I 1912 thosaigh sé ag múineadh i Scoil Naomh Michan, Sráid Halston, Baile Átha Cliath. Bhain sé amach céim sa léann Ceilteach an bhliain dár gcionn. Bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge agus mhúineadh rang ann. Bhí ceann de na príomhrólanna aige sa dráma Cú Roí i 1912 (An Claidheamh Soluis 20 Iúil 1912).

Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus chuaigh isteach sna hÓglaigh, Faoi Dheireadh Fómhair 1915 bhí sé ina chaptaen ar Chomplacht F mar a raibh cuid mhaith de bhaill Chraobh an Chéitinnigh. Thug an Bord Oideachais foláireamh dó in Eanáir 1916 gan baint a bheith aige leis na hÓglaigh. B’éigean dó dul ar an gcúlráid go ceann tamaill agus bheith sásta le Gaeilge a mhúineadh d’oifigigh na nÓglach san Ard-Chraobh. Cheana féin bhí sé ar lóistín in óstán a Aint Myra. In aon seomra leis ansin tar éis píosa bhí Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Gearóid Ó Súilleabháin [q.v.], a bhí ag múineadh in aon scoil leis, agus Micheál Ó Coileáin. Sórt ceanncheathrún ag an gCoileánach ba ea an t-óstán sin.

San Éirí Amach bhí sé i gceannas ar na hÓglaigh ó Shráid an Rí Thuaidh síos i dtreo na gCeithre Cúirteanna. Daoradh chun báis é ach laghdaíodh an pionós go deich mbliana príosúnachta. Scaoileadh saor é samhradh 1917. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha an bhliain sin (agus gach bliain beagnach go 1922) agus ar 2 Iúil chuir an Conradh fáilte abhaile i dTeach an Ard-Mhéara roimh a nUachtarán Eoin Mac Néill[q.v.] agus baill den Choiste Gnó: Fionán, Diarmuid Lynch[q.v.], Béaslaí[B1] agus Tomás Ághas[B1]. D’oscail Fionán Feis Uíbh Ráthach i gCathair Saidhbhín (An Claidheamh Soluis 14 Iúil 1917). Gabhadh é i mí Lúnasa faoi óráid cheannairceach a thabhairt ag ceiliúradh cothrom dháta báis Roger Casement. Is mar sin a tharla i Mountjoy é nuair a cuireadh an chéad stailc ocrais in Éirinn san 20ú haois ar siúl chun aitheantas mar phríosúnaigh pholaitiúla a fháil. Dlúthchara leis ba ea Tomás Ághas agus bhí an bheirt acu ag fulaingt i dteannta a chéile nuair a tachtadh an tÁghasach 25 Meán Fómhair 1917 de bharr na ndochtúirí bheith ag cur bia siar a scornach in éadan a thola.

Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Shinn Féin i nDeireadh Fómhair na bliana sin. Um Meitheamh 1918 bhí sé i bpríosún i mBéal Feirste agus rang Gaeilge ar bun aige ann (Fáinne an Lae 8 Meitheamh 1918). Ainmníodh é mar iarrthóir i gCiarraí Theas in Olltoghchán 1918. Ní raibh fonn ar an bhfeisire Réamonnach Tomás Ó Domhnaill [B2] seasamh ina aghaidh agus toghadh é. Ní raibh a fhios aige gur ainmníodh é fiú. Ar feadh tamaill bhí ceathrar Teachtaí Dála Chiarraí le chéile i mBéal Feirste agus eagraíodh ciréibeanna sa phríosún roimh Nollaig 1918. Bhí seilbh acu ar an bpríosún ar feadh tamaillín. Is le linn dó bheith i mBéal Feirste a tháinig a chol ceathar Maitias Mac Cárthaigh ar cuairt chuige. Bhí seisean ina sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga sa chathair ach ba ghairid go raibh sé ar na foinsí eolais ab fhearr ag an gCoileánach; bheadh sé ar dhuine de phríomhcheannfoirt thosaigh an Gharda Síochána agus deirtear gurbh eisean ba mhó faoi deara ainm an fhórsa.

Phós Fionán Bridget Slattery ó Thrá Lí i 1919. Tuairiscíodh in Misneach 12 Meitheamh 1920 go raibh rang Gaeilge ar siúl aige i bPríosún Mhanchain. Tugadh aitheantas dó mar phríosúnach polaitiúil ansiúd in Aibreán 1920. Bhí sé ar dhuine den cheathrar rúnaí ag na toscairí Éireannacha i Londain san idirbheartaíocht i dtaobh conartha síochána. Bhí sé ar thaobh an tSaorstáit agus ceapadh é ina Aire Oideachais sa Rialtas Sealadach in Eanáir 1922. Ceann de na chéad dualgais a thit air a fhógairt don Bhord Oideachais, a bhris as a phost múinteora é tar éis 1916, go raibh deireadh anois lena réimeas.

Bhí sé ina Bhriogáidire san arm i gCiarraí sa Chogadh Cathartha. Ceapadh é ina Aire Iascaireachta i rialtas Chumann na nGaedheal 1923–27 agus ina Aire Tailte, Iascaireachta agus Gaeltachta i rialtas 1927–32. Toghadh é i gCiarraí i ngach toghchán idir 1918 agus 1944. Bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle i 1938. D’éirigh sé as an suíochán i 1944. Bhí sé tar éis cáiliú mar abhcóide i 1931. I 1944 ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Chuarda. D’éag sé 3 Meitheamh 1966. Bhí cúigear mac aige agus iníon amháin. Mar bhall de Chonradh na Gaeilge is dóigh gurb í a ghníomhaíocht pholaitiúil ó 1912 go 1922 an díol spéise is mó, ach bhí an dúspéis aige i gcúrsaí amharclannaíochta na Gaeilge. Dúradh in An Claidheamh Soluis 24 Deireadh Fómhair 1917: ‘Tá aithne mhaith ag Gaeil ar Fhionán. Is cuimhin leo an obair thar barr a dhein sé sna hAisteoirí. B’é tuairim gach éinne ná raibh a shárú le fáil mar aisteoir. Do cheap sé dráma a bhain an chéad duais ag an Oireachtas trí bliana ó shin, An Dochtúir Bréige. Léiríodh é ag an Oireachtas i mbliana’. Aistriúchán ar Le Medicin Malgre Lui le Moliere is ea an dráma sin. Léiríodh arís é ag Oireachtas 1918. Col ceathar leis ba ea an t-aisteoir Bríd Ní Loingsigh (d’éag 1969).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »