Ó CÉILEACHAIR, Donncha (1918–1960) Donncha Ó CÉILEACHAIR 1918 1960 M Coláiste na Mumhan, Mala, Co. Chorcaí Coláiste Oiliúna De La Salle, An Baile Nua, Co. Phort Láirge scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

‘Níl aon scríbhneoir is mó a chabhraigh le forbairt na nualitríochta ná is fearr a léiríonn a ‘tréithe ná Donncha Ó Céileachair’, a dúirt an foilsitheoir Seán Ó hÉigeartaigh faoi (Comhar, Deireadh Fómhair 1960).

Thug sé leis an fhéith chruthaíoch ón dá thaobh. Deartháir lena mháthair, Siobhán Ní Mhulláin ó Screathán na nGamhan, ba ea an file Dónall Ó Mulláin[q.v.]. Bhí an chaint agus an seanchas chomh maith sin ag a athair Dónall Bán Ó Céileachair gur ghríosaigh Gearóid Ó Murchú[B2] é chun Scéal mo bheatha, 1940 a scríobh. Ba dhuine de sheacht nduine déag clainne é siúd agus rugadh é in 1872. Ó Chluain Droichid a tháinig a mhuintir, ‘An Chlann Bhán’, chun cur fúthu i gCúil Aodha ar 33 acra de thalamh cnoic ar bhruach an tSuláin. Bhí sé ar dhuine díobh siúd ar thug an Dr Dónall Ó Loingsigh[B2] spreagadh dóibh chun spéis a chur ina dteanga dhúchais. D’fhreastalaíodh sé ar scoil oíche i gCúil Aodha. Bhí ceathrar mac agus beirt iníonacha acu. D’éag sé Lá ‘le Bríde 1950.

Ar 27 Samhain 1918 a rugadh Donncha. Bhí sé ar scoil ag an bhfile Pádraig MacSuibhne (‘An Suibhneach Meann’) i gCúil Aodha. Chaith sé tréimhse i gColáiste na Mumhan i Mala agus cháiligh mar mhúinteoir i gColáiste de la Salle i bPort Láirge. Bhí sé ag múineadh sa Chlár agus i gceantar Charraig Álainn i Liatroim agus is i Scoil na mBráithre in Ascaill Dhún Uamhair, Baile Átha Cliath, a bhí sé nuair a d’fhostaigh an Roinn Oideachais é chun bheith ag obair ar fhoclóir Béarla-Gaeilge Thomáis de Bhaldraithe[q.v.]. Chaith sé tréimhse freisin i gCoimisiún na Logainmneacha sular fhill sé ar an mhúinteoireacht. Is i Scoil Náisiúnta Belgrove, Cluain Tarbh, a bhí sé ag obair ag am a bháis.

In aiste in Scríobh I, 1974 dar teideal ‘Donncha Ó Céileachair: scríbhneoir idir dhá thraidisiún’ thagair Seán Ó Tuama don mhórchuid d’éirim an tseansaoil agus na seanscéalaíochta a rug Donncha leis óna athair agus ansin dúirt: ‘Agus is é an dara ponc eolais: gur fhreastail Donncha ar chúrsa a thug Dónall Ó Corcora i gCúil Aodha ar ealaín an ghearrscéil nua-aimseartha, agus go raibh an oiread sin measa aige ar ar fhoghlaim sé ansin gur thoirbhir sé féin agus a dheirfiúr Síle a n-aon leabhar gearrscéalta Bullaí Mhártain do Dhónall Ó Corcora. Bhí dhá mháistir, mar sin, ag Donncha Ó Céileachair...’. Ba í an chéad taithí a fuair sé ar an scríbhneoireacht bheith ag cabhrú lena athair chun a dhírbheathaisnéis-sean a scríobh. Níor tháinig a chéad leabhar, Dialann Oilithrigh, amach go 1953. Dúirt Seán Ó hÉigeartaigh: ‘Is cuimhin liom go maith chomh tógtha agus a bhíothas le scríbhinn Dialann Oilithrigh nuair a cuireadh isteach ar chomórtas an Chlub Leabhar ar dtús í. Ní raibh ainm an údair ar eolas (ach amháin ag Rúnaí an Oireachtais, is dóigh), agus níorbh fhéidir a thomhas cérbh é féin. Ar a mháistreacht ar an teanga, ar a chumas chun daoine agus áiteanna a léiriú, ar éifeacht a chomhrá, d’fhéadfadh gur Máirtín Ó Cadhain a bheadh ann.... Níorbh fholáir go raibh scríbhneoir nua ar fáil. Bhí! Cuntas ar oilithreacht chun na Róimhe atá in Dialann Oilithrigh.... Ní leabhar cráifeachta ar an sean-nós é, ach dialann spreagúil aerach smaointeach a thugann pictiúr an-mhaith dár tharla ar an turas, agus a nochtann aigne an údair gan scáth. An stíl simplí, ach féitheach éifeachtach san am céanna’.

In Bullaí Mhártain, 1955 tá 14 gearrscéal le Donncha agus naoi gcinn lena dheirfiúr Síle. Gheofar léirmheas ar chuid de scéalta Dhonncha in Bua an tSeanchaí: tráchtaireacht agus treoir don leabhar Bullaí Mhártain..., 1974 le Pádraigín Riggs agus in Donncha Ó Céileachair: anailís stíleach, 1978 leis an údar céanna.

Comhpháirteachas de chineál eile ar fad a bhí i gceist sa tríú mórshaothar An Duinníneach: An tAthair Pádraig Ó Duinnín: a shaol, a shaothar agus an ré inar mhair sé, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair, leabhar a bhuaigh Duais an Chraoibhín i 1960. Is cuid suntais gurb é ‘Ó Conluain agus Ó Céileachair’ atá sa leathanach teidil ach gurb é atá ar chnámh droma an leabhair ná ‘Ó Céileachair agus Ó Conluain’. Tá cur síos ríspéisiúil dar teideal ‘An Duinníneach: comhar liteartha’ i dtaobh an leabhair seo ag Proinsias Ó Conluain in Scríobh 5, 1981 in eagar ag Seán Ó Mórdha. Tráchtann sé ann ar gheinisis na beathaisnéise, ar chineál an chomhpháirteachais, ar a cháiréisí a bhí Donncha ar chúrsaí caighdeáin, ar a fhéile, ar a neamhthoirtéis, ar a dhíbhircí a théadh sé i mbun gnó, agus ar na tréithe eile a d’oiriúnaígh é le haghaidh comhair liteartha. Dúirt Proinsias Ó Conluain in Inniu 29 Iúil 1970: ‘Ba dá thréithe é a chuid tallana a chur ar fáil do dhaoine eile, á roinnt go fial le pé duine a bhainfeadh tairbhe astu agus gan cuimhniú ar an ghlóir a d’fhéadfadh sé a bhaint amach dó féin ach a shaothar a dhéanamh ina aonar. Níor casadh aon fhear ariamh orm ba lú leithleas ná Donncha Ó Céileachair’.

Ceann de bhuanna An Duinníneach is ea gurb aonad é, gur deacair a rá cé a scríobh aon chaibidil ar leith ann. Ach tugtar suas do Dhonncha gurb é a scríobh an cuntas ar Shliabh Luachra ann. Bhí céim M.A. aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, de thairbhe tráchtais ar Ghaeilge Mhúscraí agus bhí ar intinn aige céim dhochtúra a fháil le cuntas ar logainmneacha Shliabh Luachra. Deir Ó Conluain: ‘Ach mar ba ghnách leis, rinne sé beagthábhacht den scéal i ndeireadh na dála: “Dochtúireacht an ea ? Cá mbeinn ag dul leis”’.

Tar éis dó a shaothar liteartha a mholadh dúirt Seán Ó hÉigeartaigh: ‘Tá áit onórach tuillte aige ar chúis eile, gur úsáid sé a thionchar mar scríbhneoir agus mar chainteoir dúchais Gaeilge le cabhrú i gcónaí le gluaiseacht an chaighdeánaithe, agus ar feadh blianta fada gurbh é an t-aon Mhuimhneach aithnidiúil é a rinne sin’. Thug sé suim mhaith airgid do na foilsitheoirí Sáirséal agus Dill ag pointe ama nuair a síleadh nach raibh saol i ndán dóibh.

Tréith eile a bhain leis go láidir mar scríbhneoir Gaeilge go mba athbheochanóir coinsiasach é. B’fhéidir gur locht é sa mhéid nach raibh sé sásta a dhúthracht ar fad a chaitheamh le saothar cruthaíoch. Mar a dúirt Ó hÉigeartaigh: ‘Bhí sé sásta tabhairt faoi aon saghas scríbhneoireachta a raibh gá leis. Scríobh sé leabhar eolais ar Lourdes, bhí sé ina chomhúdar ar shraith téacsleabhair mheánscoile sa bhFraincis, chabhraigh sé le húdair eachtrannacha leabhair a chur ar fáil i nGaeilge, d’aistrigh sé The fortunes of the Irish language le Dónall Ó Corcora...’. Is iad na leabhair sin: Nuachúrsa Fraincise, 1955–1960 (i gcomhar le Albert Folens); Aiséirí Flóndrais, 1958 (i gcomhar le Albert Folens); An Ungáir, 1958 (i gcomhar le Joseph Szoverffy); Leabhar Lourdes, 1958; Iognáid Loyola, 1962. Bhuaigh sé duais Radio Éireann ar ghearrscéal i 1955 agus bhí sé ag obair ar stair a cheantair dúchais féin ag am a bháis. Bhíodh ábhar aige go rialta in The Kerryman, Inniu, Scéala Éireann.

Phós sé Eistir Ní Éalaithe, oide scoile ó Chill Gharbháin i 1952 agus rugadh ceathrar leanbh dóibh. Polaimiailíteas ba thrúig bháis do Dhonncha 21 Iúil 1960. Bhí sé forleata san am. Ní raibh aon choinne lena bhás mar nach raibh sé san ospidéal ach le dhá lá. Ag 26 Céide Bhréanainn, An Chúlóg, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

An 25 Iúil 1924 a rugadh a dheirfiúr Síle. Múinteoir náisiúnta ba ea ise freisin. Chaith sí tréimhse i gcoláiste ullmhúcháin, Coláiste Bhríde san Fhál Carrach, sular cháiligh sí i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Sular phós sí i 1953 bhí sí ag múineadh i gCrois Araild agus, ó dheireadh na 1950idí go ham a báis, i gCroimghlinn. Bhí sí féin agus Donncha gníomhach in obair Chumann na Scríbhneoirí sna 1950idí. Ag Oireachtas 1950 bhuaigh sí duais ar ghearrscéal. Bhí sí pósta ar Dhónall Ó Cochláin agus cónaí orthu ag 68, Ascal Ghort na Cluiche, Tír an lúir, Baile Átha Cliath, agus triúr mac agus triúr iníon acu. D’éag sí 26 Lúnasa 1985 agus tá sí curtha i mBóthar na Bruíne. Tá iontráil fúithi in DIB.

Deartháir leis is ea an tAthair Dáithí, Caipisíneach léannta a bhfuil ábhar i dtaobh ginealais agus staire foilsithe aige.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »