DRURY, Paul (1957–2015)

Bhí Paul Drury ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí iriseoireachta in Éirinn ar feadh os cionn deich mbliana fichead nó go bhfuair sé bás agus gan é ach 58 bliain d’aois i Márta 2015. Agus iad ag léiriú a gcuid ómóis dó ag an am sin, luaigh go leor dá chuid comhghleacaithe a chuid díograis, fuinnimh, dílseachta agus a mhisneach a dhul ar thóir na fírinne gan fuacht ná faitíos.

Ar an tseirbhís nuachta Tuairisc.ie, 8 Márta 2015, a d’fhoilsigh colúin dá chuid go rialta, dúradh:

Iriseoir ab ea é nár chuir aon fhiacail ann riamh. Níor sheachain sé an chonspóid agus ba mhinic é os comhair cúirte dá bharr. Cúis bhróid dó ab ea é gur cuireadh an dlí go minic air agus d’fhéach sé ar na cásanna cúirte a tógadh ina aghaidh mar fhianaise go raibh a dhualgaisí mar iriseoir á gcomhlíonadh aige.

Go gairid tar éis dó a chéim iriseoireachta a bhaint amach i gColáiste na Tráchtála i Ráth Maonais i dtús na 1980idí, chaith Drury tamall gairid ag obair le gníomhaireacht nuachta sa Bhruiséil sular ceapadh é ina eagarthóir ar an nuachtán Gaeilge, Amárach, a bhí á fhoilsiú i gConamara. Le linn dó a bheith ansiúd rinne sé roinnt oibre freisin do The Irish Independent, a thairg post dó. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus d’oibrigh dóibh siúd mar iriseoir, comhfhreagraí talmhaíochta agus colúnaí gluaisteán. Ach níor thóg sé i bhfad air na rungaí ab airde in iriseoireacht an Bhéarla a bhaint amach. As sin go ceann deich mbliana fichead, chaith Drury tréimhsí éagsúla i mbun eagarthóireachta ar The Daily Star, Ireland on Sunday, The Daily Mail, The Evening Herald, The Irish Mail on Sunday, agus chaith sé tamall fada freisin mar leaseagarthóir ar The Irish Independent.

Bhíodh sé le cloisteáil go minic freisin ar stáisiúin raidió na tíre agus le feiceáil ar na bealaí teilifíse – sa dá theanga. In 2011 ceapadh é ar Chomhairle Preasa na hÉireann, an t-eagras a dhéanann maoirseacht ar chaighdeáin ghairmiúlachta agus eiticí na nuachtán agus na n-irisí a fhoilsítear sa tír. Ar a bhás, dúirt an Chomhairle gur mhór a d’aireoidís uathu a chríonnacht agus a thaithí. Bhí tuiscint dhomhain aige ar phobal na hÉireann agus é tugtha go hiomlán don iriseoireacht, a dúirt siad.

Bhí an-acmhainn grinn ann freisin agus chaith sé tamall ina eagarthóir ar an gclár grinn raidió Callan’s Kicks ar RTÉ Raidió 1.

I Sasana a saolaíodh tuismitheoirí Paul Drury. B’as Yorkshire a mháthair, Eileen Herbert, a bhí ina mátrún ospidéil i mBaile Átha Cliath. Ba shíciatraí, a rugadh do lánúin Éireannach a bhí curtha fúthu in Exeter, a athair, Maurice O’Connor Drury, (arbh fhearr aithne air mar Con Drury). Bhain seisean céim amach in Ollscoil Cambridge, áit a raibh an fealsamh cáiliúil Ludwig Wittgenstein mar oide agus mar chara aige. Ina dhiaidh sin bhain Con Drury céim leighis amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Fuair sé post mar shíciatraí in Ospidéal Naomh Pádraig sa chathair sin. Beirt chlainne a bhí orthu: an tOllamh Luke O’Connor Drury, a ceapadh mar uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann in 2011, agus Paul a saolaíodh in 1957.

Ba nuair a bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Wesley a chuir Paul Drury suim cheart sa Ghaeilge den chéad uair agus ba ar Chorca Dhuibhne a thug sé a aghaidh ar dtús. Faoin am a raibh sé sa choláiste iriseoireachta bhí sé chomh hábalta agus chomh líofa sin go raibh sé ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh Díospóireachta Ghael-Linn / The Irish Times in 1976. I mblianta deiridh a shaoil bhain sé MA amach sa Ghaeilge Fheidhmeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Bean Ghaeltachta a phós sé, Áine Ní Fhéinne as an bPáirc, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a bhí ina hiriseoir í féin le Raidió na Gaeltachta agus le RTÉ. Chuir siad fúthu i mBaile Átha Cliath agus ba le Gaeilge a thóg siad a gclann, Éanna, Niamh agus Oisín. Chaith siad mórchuid ama freisin i gceantar dúchais a mhná, áit a raibh teach saoire acu.

Dá fheabhas an cumas iriseoireachta a bhí in Paul Drury, b’fhearr ná sin arís a chumas mar eagarthóir. Ba é a thug deis scríbhneoireachta den chéad uair do go leor daoine a bhain cáil amach ina dhiaidh sin sna príomhbhrainsí de mheáin na hÉireann. Nuair a cheap sé an ceart a bheith aige féin nó ag a chuid iriseoirí, ní raibh eagla dá laghad air dúshlán na n-údarás a thabhairt agus cáineadh a dhéanamh orthu siúd a bhí i gcumhacht agus ar lucht an rachmais. Ba ar an mbealach sin a thástáil sé an fhealsúnacht iriseoireachta a bhí aige, fealsúnacht a léirigh sé in aiste dá chuid a foilsíodh sa leabhar Scéal scéil: rúndiamhra na meán (2014).

Tharraing an fhealsúnacht chéanna sin a conspóid féin, dar ndóigh, agus ba mhinic os comhair cúirte é ag cosaint an bhunúis a bhí le cuid de na socruithe a rinne sé agus de na tuairimí a nocht sé. I gcás amháin acu sin bronnadh €150,000 ar an bhfear gnó Denis O’Brien nuair a chuir seisean clúmhilleadh i leith The Irish Daily Mail mar gheall ar cholún a scríobh Drury sa nuachtán in 2010 ag caitheamh amhrais ar mhacántacht na n-iarrachtaí fóirthinte a bhí déanta ag an mBrianach le cabhrú leis an tubaiste i Háítí. Sheas Drury lena raibh scríofa agus dúirt go mba í a thuairim ionraic féin a bhí tugtha aige agus cé go bhféadfadh soiniciúlacht a bheith ag baint leis nach raibh aon mhailís ann agus nach raibh aon fheachtas ar bun aige féin in aghaidh O’Brien.

Bhásaigh Paul Drury ar an 8 Márta 2015. Bhí sé socraithe aige roimh ré nach mbeadh aon óráidí moltacha ach go n-úsáidfí an Ghaeilge i seirbhís a shochraide a reáchtáladh san eaglais Anglacánach i Seanchill, Baile Átha Cliath. Tá sé curtha i Reilig Sheangánaí.

Mártan Ó Ciardha

Ailt

  • Tuairisc.ie, 8 Márta 2015. Ar fáil ag: http://tuairisc.ie/paul-drury-imithe-ar-shli-na-firinne/ [Faighte 30 Bealtaine 2016].