Tá rómánsaíocht le brath ar gach rud dírbheathaisnéisiúil a scríobh sí ach níl amhras ach gur fhoghlaim sí Gaeilge agus go mbíodh sí i gcomhluadar na mban uaisle a shaothraigh don teanga i dtús an 20ú haois. Ba í an ‘Eibhlín Ní Ógáin’ úd í a sheas le Móirín Ní Shionnaigh an lá a phós sí Claud Chavasse. I bhFíonach i gContae Aontroma a rugadh í ar 26 Nollaig 1867 agus Ellen a baisteadh uirthi. Ceannaí ba ea a hathair James Bristow Young agus ba é Luimneach a sheoladhsan ag am na breithe, dar leis an teastas. Ba í Matilda Ann Russell a máthair. Preispitéirigh ba ea iad agus thug Ella féin le tuiscint gur tiarnaí talún a bhí ina muintir uair.

Naonúr ar fad a rugadh don lánúin ach níor mhair díobh ach seisear, de réir Dhaonáireamh 1911. Faoin am sin bhí siad ag lonnú i mBaile Átha Cliath le tuairim 25 bliana agus cónaí orthu ag 57 Cearnóg Grosvenor, Ráth Maonais. Ella an t-aon duine amháin sa teaglach a raibh Gaeilge aici—bhí BA aici agus ba í an mhúinteoireacht a slí bheatha, dar le foirm an Daonáirimh. An Ollscoil Ríoga a thug an chéim di in 1898. ‘It was not until I came to Dublin and met Standish [James] O’Grady, AE and Kuno Meyer that I realised that a heritage awaited me in Celtic literature. I read every translation I could get, learned Irish and betook myself to Gaelic Ireland where, by turf fires, I could hear poems of the Fianna recited by folk who had heard the faery music and had danced in faery circles. From such folk I gathered together the tales of the Gobán Saor which later I put together in The wondersmith and his son’, a dúirt sí in 20th century authors, 1967 le Kunitz agus Haycroft.

Tá cuntas ina cuimhní cinn Flowering dusk, 1945 ar rang a bhí á stiúradh aici do Iníní na hÉireann agus stair na tíre á múineadh aici ‘to about 80 denizens of untamed Dublin: newsboys, children who had played in street alleys all their lives, young patriot girls and boys who can scarcely write their own names’. Tá scéal aici ar a céad chuairt ar an nGaeltacht nuair a chuaigh sí siar go Cill Chiaráin le Maud Joynt agus Mary Scarlett. Chaith sí tréimhsí in Acaill freisin. Tugann sí cuntas freisin ar a páirt i ngluaiseacht na saoirse ó 1912 ar aghaidh. Is toisc a hainm a bheith ar liosta dubh na n-údarás a d’fhill sí ar Chonamara tar éis an Éirí Amach. Bhí sí ar ais i mBaile Átha Cliath i 1919 agus is toisc a líonmhaire a bhí na cairde a maraíodh a thug sí Meiriceá uirthi féin i 1925. Tar éis tamaill ansin ag léachtóireacht fuair sí post léachtóra in Ollscoil California (Phelan Memorial Lectureship) agus an litríocht agus an mhiotaseolaíocht Cheilteach mar ábhair aici. Fuair sí bás ar 23 Iúil 1956.

Tá cuntas ar a saothar liteartha ag M.Kelly Lynch in Macmillan dictionary of Irish literature mar aon le leabharliosta. Ar na leabhair do pháistí, a bhunaigh sí ar scéalta sa bhéaloideas agus sa mhiotaseolaíocht, a sheasann a clú mar scríbhneoir. Chuir sí amach cúig leabhar filíochta idir 1906 agus 1950.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú