Ba é a ainmsean an ceann ba mhinice ó dheisceart Thiobraid Árann i dtús na hathbheochana. I mBaile an Ruiséalaigh, Teampall Mhichíl, paróiste Chnoc an Óir, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 7 Aibreán 1872, dar lena theastas breithe. Ba iad William Neville agus Julia Coleman a thuismitheoirí. Feirmeoir ba ea William. Tá gach cosúlacht air gur le Gaeilge a tógadh Micheál agus sin é a shíl a iníon. Tá sampla dá Ghaeilge i litir in An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1899.

B’fhéidir gurbh eisean an ‘Mr Neville’ a bhí mar mhúinteoir ag an gcraobh de Chonradh na Gaeilge i nDoire a raibh tuairisc uirthi in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1894: ‘The members meet in St Columb’s Hall and and the classes are conducted by Mr Neville, who quite recently received a certificate for teaching Irish’. Tá an tagairt seo dó in alt dar teideal ‘An chéad bhliain i saol an Chonartha’ ag Conchubhar Ó Cuileanáin in Feasta, Aibreán 1956: ‘Fuair Craig [Séamus Ó Creag B3] post mar mhúinteoir i Scoil na mBráthar i dTiobraid Árann agus ghlac Micheál Ó Nia [Neville] cúram an ranga air fhéin. Bhí na ranganna ar siúl i Halla Naomh Colm Cille agus slua maith ag freastal orthu. I ndeireadh na bliana fuair Micheál Ó Nia post mar oide scoile i mBealach an Phóirín i gContae Thiobraid Árann agus do bhronn an Chraobh dileagra air agus sparán sabhran!’ Tuairim 1895 a chuaigh sé go Béal Átha Póirín. Ceapadh é ina phríomhoide ag pointe éigin agus d’fhan sé ann ar feadh a shaoil.

Thug Seán Ó Catháin cuairt air agus dúirt: ‘Chuir an chuairt sin an-áthas orm. Tá suas le deich mbuachaillí fichead ag foghluim na teanga ann, agus is blasta binn atá sí acu. Ní mar theanga scríofa atá Micheál ag múineadh na Gaeilge dhóibh ach mar theanga bheo-labhartha agus tá a rian ar an scéal, is mór an tsuim a chuirid na scoláirí inti’ (An Claidheamh Soluis 4 Samhain 1899). Bhí cáil na Gaeilge ar an scoil agus daltaí uaithi i measc bhuaiteoirí chomórtas an Chliabhraigh in 1899 agus 1900. Ag Feis Dhún Garbhán i Márta 1900 bhain Micheál féin duais ar aistriúchán. Nuair a thug Peadar Ó hAnnracháin cuairt ar Bhéal Átha Póirín ar 15 Márta 1902 thug sé an tuairisc seo ar an áit: ‘Ballyporeen was the first place I visited in Tipperary. I met Mr Neville N.T. who is a good speaker of Irish. I think he has already proved himself a good Gaeilgeoir and therefore I need not say much of him. He teaches Irish to every child in school and Irish prayers also’ (An Claidheamh Soluis 10 Bealtaine 1902). Pádraig Ó Cadhla a thug cuairt ar an scoil an bhliain dár gcionn: ‘Mr Kiely visited Ballyporeen where the significant work of Mr Neville bears fruit’ (ibid 4 Márta 1903).

Oíche an Daonáirimh i 1901 bhí sé ar lóistín i dteach mhuintir Mhic Ghearailt. Bhí siopa agus teach tábhairne acu. Phós Micheál a n-iníon Elizabeth agus tháinig i seilbh an ghnó. Ní raibh cead ag máistir scoile baint a bheith aige le gnó tí tábhairne agus cónaí a bheith air sa teach ina raibh an gnó sin ar siúl. B’éigean an teach tábhairne a dhruidim. Rugadh ochtar clainne do Mhicheál ach cailleadh ceathrar díobh go hóg.

D’éag Micheál 17 Samhain 1943 agus cuireadh é sa reilig áitiúil.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú