I mBéal Feirste a rugadh é 16 Iúil 1865. Ba iad an tUrramach Robert Hannay agus Emily Wynne a thuismitheoirí. Ba aontachtaithe iad sin agus deir R.B.D. French san aiste ‘J.O.Hannay and the Gaelic League’ (Hermathena, Earrach 1966): ‘... old Dr Drew, the Orangeman, had taught the infant son of the rector of Belfast to lisp out “No pope, no priest, no surrender, hurrah!”’. Bhí sé ar scoil in Temple Grove, scoil ullmhúcháin in East Sheen, Surrey, agus ansin i gColáiste Haileybury, Hertfordshire, sular fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide. Oirníodh é in 1889 agus an bhliain chéanna sin phós sé Susan Adelaide Wynne (‘Ada’). Bheadh a hathairsean ina easpag ar Chill Dalua agus bhí sí síolraithe go díreach ó Arthur Guinness.

Is le linn dó bheith ina churáideach i nDeilgne, Co. Chill Mhantáin, ó 1888 go 1892 a chuir sé aithne ar T.W.Rolleston. Mhol seisean dó leabhair Standish James O’Grady agus A literary history of Ireland le Dubhghlas de hÍde a léamh. Chuaigh léamh stair na hÉireann agus an leabhar sin an Chraoibhín i gcion go mór air agus rinne náisiúnaí de. Ba í an fheidhm ba mhó a bhí le gluaiseacht na Gaeilge, dar leis, go dtabharfadh sé na haicmí sóisialta agus creidimh le chéile. Bhí sé ina reachtaire i gCathair na Mart ó 1892 go 1913 agus bhí léachtóireacht Donnellan i gColáiste na Tríonóide aige i 1901–2. Foilsíodh a chuid léachtaí faoin teideal The Spirit and origin of Christian monasticism, 1903.

Toghadh é ina leasuachtarán ar Chraobh Chathair na Mart den Chonradh agus nuair a d’ionsaigh an Church of Ireland Gazettean Craoibhín agus an eagraíocht i mBealtaine 1904 ba é Hannay a gcrann cosanta. B’fhéidir a rá gurbh é urlabhraí an Chonartha é. Is dá bharr sin a toghadh ina bhall den Choiste Gnó é. Atoghadh é an bhliain dár gcionn. Scríobh sé ceann de phaimfléid an Chonartha, Is the Gaelic League political?, 1906. Lá ‘le Pádraig na bliana sin ba é a d’eagraigh an chéad seirbhís Ghaeilge in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath.

Ina chuimhní cinn, Pleasant places, 1934, deir sé gurbh i ngeall ar laghad a ioncaim agus a leanaí a bheith in aois scoile a thosaigh sé ag scríobh úrscéalta. Níorbh eol gurbh eisean an George A. Birmingham a scríobh an chéad cheann díobh The seething pot. Shíl sagart paróiste Caitliceach Chathair na Mart, an tAthair Mac Domhnaill, gur air féin a bhí Fr Fahy, ceann de charactair an úrscéil, bunaithe. Íorónta go leor ba le dea-mhéin do Hannay a sceith John Dillon cérbh é an t-údar. Go luath ina dhiaidh sin a foilsíodh an dara húrscéal Hyacinth. In The Leader thug D.P. Moran ‘the bigot of Westport’ air. Rinneadh bagairt air i Maigh Eo. Theastaigh ó Bhord Bardachta Dhlí na mBocht go mbrisfí as a phost séiplínigh é agus go gcaithfí san abhainn é!

Ag cruinniú a tionóladh i gClár Chlainne Mhuiris chun Feis Chonnacht a eagrú d’fhéach an Canónach Ó Maicín chuige nach dtoghfaí Hannay mar bhall coiste. Tharraing Hannay a ainm siar chun nach scoiltfí an Conradh i Maigh Eo. Cuireadh i leith Uí Mhaicín ag cruinniú den Choiste Gnó gur bhris sé riail an neamhsheicteachais. Bhí Caitlicigh uile an choiste ar son Ó Maicín a cháineadh ach cuireadh plé na ceiste siar go ceann bliana, rud a d’oir don Chraoibhín toisc nár theastaigh uaidh olc a chur ar an gcléir Chaitliceach. Ní dheachaigh Hannay suas sa toghchán don Choiste Gnó an chéad bhabhta eile ach d’fhan sé ina bhall den Chonradh. Bhí sé go fóill ar son féinrialtais ag Sionad 1912 Eaglais na hÉireann.

Bhí an saol míchompordach go leor aige. Ar éigean má bhí aon dream sásta leis, go leor dá pharóisteánaigh ina aghaidh toisc gur náisiúnaí é agus bunús na gCaitliceach i Maigh Eo ina aghaidh mar gheall ar na húrscéalta. Fiú náisiúnaithe a d’aontaigh lena thuairimí, cuid mhaith, shíl cuid díobh beagán den chinsealacht a bheith ina mheon. Deir French: ‘The Ulster papers in particular were disappointed in Hannay. All this turning of the other cheek, suggested The Northern Whig peevishly, was impressive but a little inopportune. The Derry Sentinel felt that Mr Hannay was not quite the sort of rector that Ulster needed in an emergency. He lacked a proper appreciation of his value as a victim’.

Rinne sé féin agus a bhean iarracht an teanga a fhoghlaim. D’fhostaigh siad cainteoir dúchais mar oide. Bhí siad ag iarraidh an beagán a bhí foghlamtha acu a mhúineadh dá gcailín aimsire go dtí go bhfuair siad amach gur chainteoir dúchais í. Dúirt Stephen Gwynn: ‘To hear myself speaking Gaelic is to know how Anglo-Irish I am, and Hannay was if possible more lacking in the chords and palatal arrangements which a good tongue of Irish demands’. Ach is é tuairim French: ‘But the little he knew enriched him. The names of places around the great bay which for him exemplified the glory and wonder of the works of God took on a new meaning and beauty and spoke of a rich hidden life. His discovery that the Sole Island of his Admiralty chart was the Island of Souls brought home to him more vividly than any printed page what Hyde really meant when he preached the de-Anglicisation of Ireland’.

I ndiaidh Chathair na Mart chaith sé tamall ag léachtóireacht i Meiriceá. Ainmníodh ina chanónach in Ardeaglais Phádraig é. Chaith sé tamall de 1916–17 ina shéiplíneach airm sa Fhrainc. Bhí sé ina reachtaire i gCarn Almhaí, Co. Chill Dara, agus ina shéiplíneach ag Fear Ionaid an Rí i 1918–21. Chaith sé seal ina shéiplíneach i leagáideacht na Breataine i mBudapest sular ceapadh é ina reachtaire i Mells, Somerset, i 1924. Fuair a bhean bás 1933 agus bhí sé i bparóiste na Tríonóide Naofa i Londain ó 1934 go bhfuair sé bás 2 Feabhra 1950.

Cé go raibh sé beagnach daichead nuair a foilsíodh The seething pot agus cé gur mar shagart a chaith sé a shaol, scríobh sé trí scór úrscéal chomh maith le drámaí agus tuairim scór leabhar eile. Bhí léirsiú i gCathair na Mart nuair a cuireadh General John Regan ar stáitse ann i 1914. San iontráil faoi Bhirmingham in The Macmillan dictionary of Irish literature deirtear i dtaobh a chuid úrscéalta Éireannacha: ‘In such books, he mined happy-go-lucky adventures involving amiable follies and engaging characters. Like the Irish R.M. stories of Somerville and Ross, they are full of keen observation, deft phrasing, and, despite some droll comedy about the mere Irish, utter tolerance’.

Bhí mac leis, Robert Hannay, a d’éag Márta 1965, ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide agus ina reachtaire air. Bhí sé cairdiúil le Diarmuid Coffey. Iriseoir san Irish Times ba ea é ar dtús. Liostáil sé in Arm na Breataine i rith Chogadh 1914-18. Ina dhiaidh sin chuaigh sé go Texas mar a raibh gnó ag a mhuintir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú