DILLON, Myles (1900–1972) Myles DILLON 1900 1972 Baile Átha Cliath M Coláiste Belvedere, Sráid na Danmhairge Mhór, Baile Átha Cliath Scoil Chnoc San Beinidict, Guaire, Co. Loch Garman Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] ollamh scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Rugadh é i mBaile Átha Cliath 11 Aibreán 1900. Ba é John Dillon (1851–1927), ceannaire an Pháirtí Éireannaigh i ndiaidh John Redmond, a athair, agus ba í Elizabeth Mathew, a bhí gaolmhar leis an Athair Tiobóid Maitiú, a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus deirfiúr amháin aige. Bhí gnó rafar ag muintir Diolúin i mBealach an Doirín. Bhí John Dillon uair ina chisteoir ag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge, agus ina bhall de chomhairle Chonradh na Gaeilge ó 1897 go 1901. Tá samplaí dá óráidí ar son chúis na Gaeilge i nDáil na Breataine in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897. Ach d’éirigh sé drochamhrasach i dtaobh Chonradh na Gaeilge i dtús an chéid agus faoi 1909 ba é an ball den Pháirtí Éireannach é ba mhó a bhí in aghaidh an Ghaeilge bheith ina hábhar éigeantach i scrúdú mháithreánach Ollscoil na hÉireann. B’fhéidir a rá go bhfuair Myles agus a dheartháir James (1902–1986), ceannaire Fhine Gael tráth, cuid de mheon agus de pholaitíocht a n-athar mar oidhreacht. Dúirt David Greene[B3]: ‘Myles wholeheartedly accepted that part of Hyde’s teaching which enjoined a respect for the Irish past.... But he utterly rejected Hyde’s plea for the de-Anglicising of Ireland, in either the cultural or political sense:... and he made no secret of his belief that Home Rule ... would have been a better solution than that which emerged from the Anglo-Irish War’ (Lochlann VI 1974).

Bhí sé ar scoil i gColáiste Belvedere ar dtús agus ansin ag an Athair Sweetman O.S.B. i Mount St Benedict, Guaire, sula ndeachaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí ina bhall den Chumann Gaelach ansiúd agus ina bhall de Chomhaltas Bhaile Átha Cliath den Chonradh thar ceann an chumainn sin chun réitithe a dhéanamh d’Oireachtas 1920 (Misneach 6 Márta 1920). Bhí cúpla aiste Ghaeilge aige in An Réalt, iris an Chumainn Ghaelaigh, i 1920–22, agus aiste faoi na canúintí aige i bpáipéar an Chonartha, Misneach. Bhí eolas maith aige ar Ghaeilge Chonnacht agus thug scoláireacht taistil é go Berlin, Bonn agus Heidelberg. Fuair sé dochtúireacht i 1925 tar éis bheith ag staidéar faoi Thurneysen [q.v.]. Tháinig sé faoi thionchar Joseph Vendryes [q.v.] i bPáras agus faoi 1925 bhí post aige sa Sorbonne. I 1928–30 bhí sé ina léachtóir le Sanscrait agus teangeolaíocht chomparáideach i gColáiste na Tríonóide agus ansin ina léachtóir saCholáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Nuair a d’éirigh Dubhghlas de hÍde [q.v.] as ollúnacht na Gaeilge i 1932 chuir sé isteach ar an bpost. Ach ba é Cormac Ó Cadhlaigh [B2] a ceapadh. Dúirt David Greene: ‘Dillon’s political views were certainly a major factor in his failure to succeed Douglas Hyde.... There were, however, other considerations.... It is perhaps comprehensible that those of the electors who were not influenced by political motives may have felt that a scholar in the field of historical linguistics, however learned he might be, was not the right successor to Douglas Hyde, the living symbol of Gaelic Ireland’.

Bhí sé ina ollamh le Gaeilge in Ollscoil Wisconsin i Madison 1937–46 agus ina Ollamh le Focleolaíocht Cheilteach agus le Teangeolaíocht Chomparáideach i Chicago 1946–47. Toghadh é ina Leas-Uachtarán ar Chumann Teangeolaíochta Mheiriceá. Deirtear gur chaith sé tréimhse ag obair in Oifig Eolas an Chogaidh in Ambasáid Mheiriceá i Londain. B’fhéidir gur toisc Fraincis agus Gearmáinis gan cháim a bheith aige a iarradh air an cinéal sin oibre a dhéanamh. Tar éis tamaill mar Ollamh le Ceiltis i nDún Éideann ceapadh é ina ollamh sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, i 1949. Bhí sé ina Stiúrthóir ar an Scoil ó 1960 go 1968. Fuair sé comhaltas in Institiúid Ard-léinn na hIndia i Simla i 1969–70 chun staidéar a dhéanamh ar na hÁirígh agus na Ceiltigh. Dúirt David Greene: ‘The years abroad brought him to deepen his interest in two areas in which there has been a constant demand for teaching in American universities: on the linguistic side, the relations between Celtic and other Indo-European languages and, on the literary side, the thematic study of the early Irish sagas’.

Deir Daniel Binchy sa sceits bheathaisnéiseach in Celts and Aryans: Survivals of Indo-European speech and society , 1975: ‘In 1966 he was elected President of the Royal Irish Academy but resigned office after a few months on a question of principle’.

D’fhoilsigh Rolf Baumgarten liosta a shaothair in uimhir speisialta chuimhneacháin de Celtica i 1976. Is iad na leabhair a tháinig óna pheann: eagrán, i gcomhpháirt le Mary E. Byrne[B3], de Táin Bó Fraích, 1933: Serglige Con Culainn, 1941; The cycles of the kings, 1946; Early Irish literature, 1948; an léacht a thug sé i 1948, The archaism of Irish tradition, 1969; Early Irish society, 1954 in eagar aige don Chomhar Cultúra; Irish sagas, 1959, léachtaí Dáibhíseacha in eagar aige; Teach yourself Irish, 1961 i gcomhpháirt le Donncha Ó Cróinín; Lebor na cert. The book of rights, 1962; The Celtic realms, 1967 (i gcomhpháirt le Nora K. Chadwick); Catalogue of Irish manuscripts in the Franciscan Library, Killiney, 1969 (i gcomhpháirt le Cainneach Ó Maonaigh[B2] agus Pádraig de Brún); Stories from the Acallam, 1970; Celts and Aryans. Survivals of Indo-European speech and society, 1975. Chuir sé eagar ar ocht n-imleabhar de Celtica agus bhí ina stiúrthóir ar an Medieval and Modern Irish series.

Scríobh Tomás Ó Concheanainn aiste air in Comhar, Samhain 1972, agus, i gcomhthéacs an dearcaidh choitianta gur dhuine é de na scoláirí Ceilteacha nach raibh bá acu le hathbheochan na Gaeilge, thagair do na gnéithe ‘maithe’: a bhinne a labhraíodh an Ghaeilge a d’fhoghlaim sé in Árainn; gur i nGaeilge a dhéanadh sé cuid dá chomhfhreagras: an tsamhlaíocht agus an cumas teoiricíochta a bhí go láidir ann agus é ag scríobh ar an seanlitríocht: agus nach raibh sé sásta le saothar tur ná le foilsiú téacsanna. Deir sé nár thaitin an Caighdeán Oifigiúil leis ná lucht ‘Gaeilge na Leabhar’ agus is é an míniú a thugann sé ar Ghaeilge na Mumhan a bheith á húsáid sa leabhar úd Teach yourself Irish gur shíl an Diolúnach gurbh fhearr le scoláirí óga eachtrannacha lorg Robin Flower [B3], Marstrander [q.v.] agus Kenneth Jackson a leanúint. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 17 Samhain 1961, deirtear gurbh i mBéal Átha an Ghaorthaidh a d’fhoglaim sé an teanga i dtosach ‘cé gur i dTuar Mhic Éide agus in Árainn a chuir sé bail ar a fhoghlaim’. Deirtear ansiúd freisin: ‘Ba mhaith leis go mbeadh an Ghaeilge agus léann na Gaeilge abhus ar aon ghradam leis an Laidin agus an léann clasacach (mar a bhí go dtí le gairid ar aon nós !) i Sasana: gurbh é ardchéimí na Gaeilge an fear a mbeadh ardghradam aige i measc lucht oideachais agus riaracháin agus dlí’.

In ‘Tuarascáil’ san Irish Times 28 Meitheamh 1972 dúradh: ‘Bhíodh sé dúthrachtach práinneach riamh faoi chearta daoine pé ar aontaigh sé lena ndearcadh polaitíochta nó nár aontaigh. Agus mar Chríostaí díograiseach sheas sé go tréan in aghaidh fheachtas Mheiriceá i Vietnam’.

D’éag sé 18 Meitheamh 1972. Bhí sé pósta ar Elizabeth Mary La Touche agus bhí triúr mac agus iníon acu. Phós an iníon an scoláire Gaeilge Fergus Kelly, rud a fhágann go bhfuil a gclannsan síolraithe go díreach ón bheirt Éireannach Óga, John Blake Dillon agus William Smith O’Brien.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »