Sa Ráth, Baile Briotáis, Co. Laoise, a rugadh í ar 20 lúil 1873. Ball parlaiminte ar feadh na tréimhse 1870–80 ba ea a hathair Edmund Gerald Dease, a bhí ina ardsirriam sa chontae in 1859, ina choimisinéir oideachais náisiúnta, agus ina bhall de Sheanad na hOllscoile Ríoga. Thacaigh sé le Conradh na Talún. Gariníon le Henry Grattan ba ea máthair Charlotte, Mary Grattan. I dTeach na Rátha i mBaile Briotáis a bhí cónaí orthu. Tá pictiúr den teach mór Seoirseach sin in Irish Independent 20 Aibreán 1990 (forlíonadh sealúchais) agus measadh gurbh fhiú beagnach leathmhilliún punt an teach agus 153 acra ag an am sin. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha ag Charlotte.

Bhí sí ina ball de choiste Fheis Laoise agus Osraí i 1907 agus ina teachtaire chuig Ard-Fheis an Chonartha an bhliain chéanna. Is léir go raibh spéis ar leith aici sna deabhóidí traidisiúnta. Bhailíodh sí paidreacha dúchais. Tháinig an chéad chló dá Paidreacha na nDaoine amach i 1911. Thug léirmheastóir gan ainm fogha faoin saothar in Irish Rosary, Feabhra 1925, tar éis don dara cló a theacht amach i 1924. Ach mhol an Irish Ecclesiastical Record, Bealtaine, 1924, é. ‘Seo cnuasach de phaidreacha ón tseanaimsir––tuairim is dhá chéad acu––a bhailigh an bhean uasal dhiagasúil Searloit Ní Dhéisighe as gach áit d’Éirinn idir a fad agus a leithead...b’fhiú do éinne, a chuireann spéis ní hamháin i gcráifeacht anama ach i bhfeabhas cainte ceolmhaire na Gaeilge iad a fhoghlaim de mheabhair ghlan’. D’aistrigh Risteárd Mac Crócaigh iad faoin teideal Prayers of the Gael, 1915. Is iad na leabhair eile a tháinig uaithi: The Little flowers of St Catherine of Siena, g.d., a d’aistrigh sí ón Iodáilis, agus An Alphabet of Irish saints, 1915. Dán Béarla i dtaobh gach naoimh agus dán Gaeilge le Torna, mar aon le léaráidí ó lámh Lucas Rooney (deartháir Liam Uí Mhaolruanaidh) atá sa leabhar beag seo. Sir Henry Bellingham a scríobh réamhrá i mBéarla agus Dubhghlas de hÍde i nGaeilge. Chuir Colm Ó Lochlainn an dara heagrán amach i 1924.

D’éag Charlotte Dease ag 31 Bóthar Pheambróg, Baile Átha Cliath, 5 Bealtaine 1953.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú