Ba é seo céad bheathaisnéisí Dhubhghlas de hÍde. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 24 Nollaig 1888. Hugh Diarmuid James a baisteadh air. Ba é George Coffey [1857–1916], seandálaí cáiliúil, a athair agus ba í Jane Sophia Frances L’Estrange, iníon le Sir George Burdett L’Estrange, a mháthair. Dlúthchara leis an gCraoibhín ba ea George: tá mórchuid tagairtí dó in The Young Douglas Hyde, 1974 le Dominic Daly.

I bPlás Ely a bhí cónaí orthu agus chuir Diarmuid aithne ar George Moore, Dubhghlas de hÍde agus W.B. Yeats nuair a bhí sé an-óg. D’fhreastail sé ar scoil i bhFaiche Stiabhna sula ndeachaigh sé go Coláiste na Tríonóide mar ar bhain sé céim B.A. i 1910 agus B.L. cúpla bliain ina dhiaidh sin. Bhí sé ina bhall de na hÓglaigh agus ina rúnaí ag an gCornal Maurice Moore, a bhí ar dhuine dá gceannasaithe. Bhí sé ar bord an Kelpie nuair a cuireadh na gunnaí i dtír i gCill Chomhghaill i Lúnasa 1914. Ní léir cén bhaint a bhí aige leis na hÓglaigh ina dhiaidh sin. Scríobh sé féin agus Francis Cruise O’Brien Proposals for an Irish settlement. Being a draft bill for the Government of Ireland by Two Irishmen, 1917.

Tar éis don Chraoibhín féachaint ar a raibh déanta ag Diarmuid go nuige sin thoiligh sé chuige go scríobhfadh Diarmuid a bheathaisnéis: Douglas Hyde: an Craoibhín Aoibhinn, 1917. Is é an teideal atá ar an dara heagrán Douglas Hyde, President of Ireland, 1938. Phós sé an Conraitheoir díograiseach Sadhbh Trinseach i 1918 ach bhí sí marbh roimh dheireadh na bliana sin. Ní foláir nó is i gCraobh na gCúig gCúigí, craobh a thaithíodh Protastúnaigh, a chastaí ar a chéile iad. Bhí litir i nGaeilge aige in An Claidheamh Soluis 10 Eanáir 1931 i dtaobh na craoibhe sin.

Ó 1917 go 1921 bhí sé ina leabharlannaí ag an Co-operative Library. I 1922 bhí sé ina chaptaen ar bhád patróil ar abhainn na Sionainne. Ba é an Cléireach Cúnta é i Seanad Éireann ó 1923 go 1935 agus ó 1935 go 1956 bhí post aige san Oifig Iris Phoiblí. D’éag sé 7 Iúil 1964. Phós sé i 1929 Sheela Wilbraham FitzJohn Trench, gaol le Sadhbh Trinseach, agus bhí mac agus beirt iníonacha acu.

Scríobh sé freisin O’Neill and Ormond, a chapter in Irish history 1641–53, 1914 agus The co-operative movement in Jugoslavia, Rumania and North Italy, 1922. Ba chara le Erskine Childers (1870–1922) é agus ba é a d’iompair an pardún coinníollach chuig Childers i 1922.

Is mar seo a cuireadh síos air in Trinity No. 16 1964: ‘Diarmuid Coffey in his undergraduate days gave his allegiance to the political and cultural revival of the hopeful years in Ireland before the 1914 war. He came under the spell of Douglas Hyde and his book on him remains, most strangely, the only biographical study of the great man in his prime. The outbreak of war found him like other Trinity men of the time faced with a decision which caused many of them much pain. In the last days of peace Coffey was at the great naval review but not as an idle spectator. A few days later, when his friends were volunteering to fight in Flanders, he was running guns into Ireland for the Volunteers. He remained among the men of action in the years that followed...’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú