Deirtear gur léigh sé Séadna breis agus céad uair. Thugtaí suas dó go raibh sáreolas aige ar Ghaeilge Mhúscraí agus shíleadh daoine gurbh ón gceantar sin dó. Tá dán dá dhéantús in Saothar Dhámh-Sgoile Mhusgraighe (1933). Ach i mBaile Átha Cliath a tógadh é agus níor chrom sé ar an teanga a fhoghlaim go raibh sé 25 bliana d’aois.

Gréasaí míleata a athair Thomas Page agus gréasaithe i Sráid Heytesbury, Baile Átha Cliath, a shinsirsean sa chathair leis na cianta. Phós sé Mary Duffy as an Muileann gCearr ar 10 Meán Fómhair 1888 agus sa Mhuileann gCearr a rugadh Tomás i Lúnasa 1889. D’aistrigh an chlann go Sráid Heytesbury tuairim 1895. Dáréag leanaí a bhí ann ach fuair ochtar díobh bás den eitinn, duine in aghaidh na bliana beagnach sna 1920idí.

Thosaigh Tomás ag obair in oifig dhlíodóra a luaithe a d’fhág sé an bhunscoil. Thug sé iarracht ar an nGaeilge a fhoghlaim nuair a bhí sé a 18 ach theip air. Tuairim 1916 thosaigh sé ag freastal ar Choláiste na Nua-Ghaeilge i Sráid Chill Dara, mar a mbíodh rang foghraíochta, agus ar léachtaí a thugadh an tAthair Domhnall Ó Tuathail ar ‘Mhodh na Ráite’. Bhí dúil ar leith aige sa litriú simplí úd a cheap Ó hAimhirgin agus Ó Cuív. De réir a chéile mhúscail a spéis i gceart agus i gcomhréir na teanga. I 1917 thug sé a chéad chuairt ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus ba bheag bliain nach ann a chaitheadh sé a shaoire. Tá eolas faoin gcaoi ar fhoghlaim sé an teanga in aiste in The Leader , ‘How I learned Irish in a year’ (1 Nollaig 1917). Foilsíodh mar leabhrán é ar ball.

I dtús na 1920idí chaith sé suas a phost san oifig dhlíodóra agus thosaigh ag teagasc na Gaeilge sa Chonradh, i meánscoileanna agus sna cúrsaí speisialta do mhúinteoirí. I ndiaidh cúpla bliain den mhúinteoireacht fuair sé post lánaimseartha sa Chonradh. Bhí an ceol riamh ag muintir a athar agus veidhleadóir maith é féin. Tuairim an ama seo a bhunaigh sé an banna cáiliúil Siamsa Gaedheal.

I 1931 bhain sé an chéad duais i gcomórtas aistriúcháin a chuir An Gúm ar siúl lena Sealgairí óga (The Boy Hunters of the Mississippi le Mayne Reid). Ceapadh é ar fhoireann aistriúcháin Thithe an Oireachtais an bhliain dár gcionn. I 1943 ceapadh é ina phríomhaistritheoir i gcomharbacht ar Liam Ó Rinn.

Is é an saothar ar a mairfidh a cháil an litriú simplí caighdeánach. An Taoiseach, Éamonn de Valera, a d’iarr ar Rannóg an Aistriúcháin cúram an tsaothair seo a ghlacadh orthu féin. Tomás a bhí freagrach as na heagráin a cuireadh amach i 1945 agus 1947 (Litriú na Gaeilge—Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil). In aiste ar Thomás in Feasta, Eanáir 1956, dúirt Séamas Daltún faoin bhfiontar sin: ‘Thugadh Tomás cuid mhaith dá chreidiúint do dhaoine eile, ach níl aon amhras nach iad a éirimí féin le haghaidh na hoibre a thug críoch fhónta air. Thuill caighdeánú an litrithe cáil dó a mhairfidh go ceann i bhfad’.

Chuaigh sé amach ar pinsean i 1954 agus d’éag ar 11 Samhain 1955. Phós sé Rosanna Dunne as an Tulach Mhór timpeall 1920 agus rugadh seachtar clainne dóibh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú