I nDroim na Saileach sna Gleannta, Co. Dhún na nGall, a rugadh é. Ba fheirmeoir i Ros Beag a athair, Pádraig, agus ba í Máire Gildea ó Mhín na Tine sna Gleannta a mháthair. Bhí clann mhór díobh ann. Díshealbhaíodh iad agus chuir siad fúthu ar fheirm bheag i nDroim na Saileach, Na Gleannta. Le Gaeilge a tógadh Séamus (Feasta, Márta 1964: ‘Tá an Ghaelic agam ón chliabhán, altú do Dhia ...’ – litir dar dáta 13 Eanáir 1926 chuig Muiris Ó Droighneáin) agus ba mhinic i dteach mhuintir a mháthar é. Théadh se chuig seanscoil Ghort na Muclach ar dtús, ansin ar scoil sa Mhuileann Mór agus chaith sé an tréimhse 1876–1882 i scoil Dhoire Locháin. Fuair a athair bás tuairim 1879 agus ba ghairid a mhair an mháthair ina dhiaidh. D’aistrigh an teaghlach go Doire agus chaith Séamus tamall ina phrintíseach i siopa éadaitheora ansin. Bheadh gnó rafar éadaigh, D. G. Craig, ag a dheartháireacha sa chathair sin ar ball.

Shíl sé gairm chrábhaidh a bheith aige agus chaith sé an bhliain 1884 i gColáiste na Carraige Duibhe sula ndeachaigh sé go dtí Seminaire de Chevill sa Fhrainc. Dar le Muiris Ó Droighneáin gur mar gheall ar dhrochshláinte a d’fhill sé abhaile. Ó 1891 go 1894 is ag múineadh i Scoil na mBráithre i mbaile Thiobraid Árann a bhí sé, i gColáiste Choilm Cille i nDoire 1894–97, i gColáiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn ó 1897 go 1921 agus ansin go ceann trí bliana i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Nuair a d’éag an deartháir ar leis D. G. Craig, an siopa éadaitheora i nDoire, chuaigh Séamus ag obair ann go ceann tamaill. Le linn dó bheith ann is ea bhí sé ina scrúdaitheoir ag Bord Meánoideachais Thuaisceart na hÉireann. I Meán Fómhair 1926 athcheapadh é ar fhoireann Choláiste Adhamhnáin. Chuaigh sé amach ar pinsean ar 31 Lúnasa 1929. An Ghaeilge agus an amhránaíocht na hábhair a mhúineadh sé. Deirtear go raibh guth breá aige.

Scríobh sé téacsleabhair agus leabhair ghramadaí: Modern Irish, 1896: Modern Irish grammar, 1900, an t-aon leabhar gramadaí a bhí bunaithe ar chanúint Thír Chonaill a bhí le fáil ar feadh i bhfad; Modern Irish composition, 1901; Studies in Irish composition, 1901; Progressive studies in Irish, 1906, an t-aon leabhar dá dhéantus nár chaill sé airgead leis, deirtear; A New method course, 1915; Gramar agus cumú cainte, 1926.

D’athinis sé seanscéalta: Clann Lir, 1901; Clann Tuireann, 1902; Clann Uisnigh, 1902, Leabhair eile leis is ea: An Ceoltóir, 1901; Iasgaireacht Shéamuis Bhig, 1904; An Craoibhín ceoil, 1908; Sgéalta sgurtha, 1911, scéalta le Grimm a d’aistrigh sé; An Craoibhín úr, 1920; Teagasg na máthara, 1921; Óirsgéal an chreidimh, 1924. D.G. Craig, Doire, a d’fhoilsigh sé cinn dá leabhair. Brún agus Ó Nualláin, agus Sealy, Bryers and Walker a d’fhoilsigh an chuid eile. Ach creidtear gurbh é Séamus féin a d’íoc costais a bhfoilsithe.

Chum sé roinnt amhrán idir cheol agus fhocail, agus roinnt amhrán, ar nós ‘Níl ins an chruinne’, a phós sé ar fhoinn a bhí ann cheana féin, agus d’aistrigh cuid mhaith amhrán go Gaeilge. B’fhéidir gurbh é an ceann ba cháiliúla de na haistriúcháin ‘Ní fheicfear níos mó thú, a mhuirnín’ (‘I shall not see you again, O my darling’, le Stephen Foster). Bhí sin á mhúineadh i mbunscoileanna Dhún na nGall ar feadh na tréimhse 1925–40 agus bhí go leor daoine a shíl gurbh amhrán bunaidh é.

Bhí baint ag Séamus Ó Creag le bunú Chrann Eithne, eagras Gaeilge an Easpaig Pádraig Ó Domhnaill, i 1908 agus ba é an chéad eagarthóir é ar An Crann (1908–24).

Tá aiste ina thaobh ag an Athair E. Mullen in People’s Press 21 Márta 1953. Foilsíodh cuntas iarbháis in The Derry Journal 17 Meán Fómhair 1934. Ag 1 Ascaill Granville, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, a bhí sé ina chónaí nuair a fuair sé bás 15 Meán Fómhair 1934. Tá sé curtha i Reilig Mount Jerome. Níor phós sé riamh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú