ALMQVIST, Bo Gunnar (1931–2013)

In Edsgatan in Alster, taobh amuigh de Karlstad in iarthar na Sualainne a rugadh Bo Almqvist, an duine ab óige de chúigear clainne. Beirt bhuachaillí agus triúr cailíní a bhí sa mhuirear. Bhí aon bhliain déag idir é féin agus a dheirfiúr Vera, an dara duine ab óige. Ceantar tuaithe is ea Alster i gcúige Värmland. Is cúige é atá idir míntír agus díthreabh, suíomh ar spreagadh go leor béaloidis agus litríochta dá bharr. Tá cáil ar Värmland as an líon suntasach údar agus ceoltóirí cáiliúla a raibh baint acu leis an gcúige. Ceannfort póilíní a bhí ina athair, Oskar, a bhásaigh agus gan Bo ach ceithre bliana déag. Seans gur óna mháthair, Hulda, a fuair Bo an spéis a bhí aige sa bhéaloideas an chéad lá riamh. Bhíodh sí ag obair i ngnó faisin a muintire ag dearadh agus ag déanamh hataí in Karlstad roimh phósadh di agus d’aistrigh sí féin agus an gasúr ar ais ann i ndiaidh bhás a fir. Bean mhór seanchais agus béaloidis de gach cineál a bhí inti, agus thóg Bo go háirithe an stór fairsing seanfhocal a bhí aici. Is minic a bhain sé úsáid as na habairtí tráthúla céanna sin ar ócáidí éagsúla i gcaitheamh a shaoil. Le linn bhlianta an chogaidh (1939–45), mhothaigh muintir Almqvist dáimh láidir leis na tíortha Nordacha eile a bhí faoi smacht na nGearmánach. Thug sé sin tuiscint do Bo gur ball de phobal ní ba leithne i gCríoch Lochlann ab ea é, chomh maith le bheith ina Shualannach.

Chuaigh Bo ina mhac léinn go hOllscoil Uppsala sa bhliain 1950. Rinne sé staidéar ansin ar na teangacha Nordacha agus ar an mbéaloideas. Chuir sé suim faoi leith sa tSean-Lochlainnis agus san Íoslainnis. Bhí Caoimhín Ó Danachair (1913–2002) ag teagasc in Uppsala ó 1952 go 1953 agus mhúin seisean Gaeilge go cumasach don scoláire óg. Bheidís ina gcomhghleacaithe lá ab fhaide anonn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ceapadh Dag Strömbäck (1900–1978) ina Ollamh le Béaloideas in Uppsala go gairid sula ndeachaigh Bo ann (1948), post a bhí aige go dtí 1967. Múinteoir agus scoláire spreagúil, cineálta ab ea Strömbäck agus rinne sé cúram do Bo mar mhac léinn. D’fhás cairdeas buanseasmhach idir an bheirt dá thoradh sin. Bhí spéis acu ar aon sna cúinní ab fhaide i gcéin de chruinne na Lochlannach agus dúil i dteangacha, i litríocht agus in oidhreacht bhéil na hAlban agus na hÉireann. Ba é Strömbäck a spreag Bo le labhairt na hÍoslainnise a fhoghlaim nuair a chuala an t-ógfhear é ag tabhairt léachta sa teanga sin agus é ina fhochéimí i 1951. As an spéis luath sin a thóg sé ó Strömbäck, ní foláir, a spreagadh Bo le staidéar a dhéanamh ar na ceangail iomadúla liteartha agus cultúrtha idir na Gaeil agus na Lochlannaigh. Sampla den obair a rinne sé is ea an t-alt bunúil ar an scéal coitianta ar a dtugtar ‘Beoir Lochlannach’ nó ‘Leann den Fhraoch.’

Nuair a bhain sé a chéim amach chaith sé bliain i Réicivíc agus bhain sé BPhil amach i dteanga agus i litríocht na hÍoslainnise. Bhí dualgas dleathach air bliain de sheirbhís airm a thabhairt don tSualainn ina dhiaidh sin agus chaith sé cuid mhaith dá thréimhse mar chúntóir leabharlainne sa chartlann mhíleata i Stócólm.

Ar chríochnú na bliana sin dó, d’fhill sé arís ar an Íoslainn. Thug sé seal ag obair ar fheirm sular ceapadh ina léachtóir le Sualainnis é in Ollscoil na hÍoslainne. D’fhill sé arís ar Uppsala go luath sna 1960idí agus chuir sé an dlaoi mhullaigh ar a thráchtas dochtúireachta. Ba é an t-ábhar a bhí aige don staidéar sin an aoir agus an draíocht a bhain léi i seandúchas na hÍoslainne. Ceapadh ina léachtóir le béaloideas é in Uppsala agus ina ollamh gníomhach ina dhiaidh sin.

In 1953 a thug sé a chéad turas ar Éirinn, agus d’fhreastail ar chúrsa samhraidh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cé go dtaithíodh sé na Gaeltachtaí ar fad, thug sé gean ar leith do Chorca Dhuibhne, mar a rinne go leor Lochlannach eile roimhe. Bhailigh sé ábhar go háirithe ó Mhicheál Ó Gaoithín, Maidhc File, nó Maidhc Pheig Sayers (1904–1974), sa bhliain 1957, agus arís ó 1966 go 1972. Bhailigh sé níos mó ná 1,500 seanfhocal uaidh. Léirigh an File, chomh maith, an tionchar a bhí ag na cuairteoirí ar thraidisiún béil an Bhlascaoid Mhóir. Thóg Bo an scéal ‘Seán na dTubaistí’ ó Mhaidhc in 1969 agus ní raibh moill air a aithint go gearr ina dhiaidh gur scéal ab ea é a d’eascair as an Decameron le Bocaccio. Fuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh roinnt de na scéalta as an leabhar cáiliúil sin aistrithe roimhe sin ag Maidhc. Níos déanaí fuair sé ábhar ón scéalaí ainmniúil Cáit ‘an Bhab’ Feiritéar (1916–2005).

Nuair a d’éirigh Séamus Ó Duilearga (1899–1980) as mar Ollamh le Béaloideas sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1972, ba é Bo a ceapadh mar chomharba air. Ba é a chuir bonn faoi bhéaloideas na hÉireann agus faoin bhéaloideas comparáideach mar ábhair acadúla san ollscoil agus ba é stiúrthóir chartlann an bhéaloidis é, a dtugtar Cnuasach Bhéaloideas Éireann anois air.

Mar atá léirithe roimhe seo, bhí suim as cuimse ag Bo sna ceangail idir béaloideas an lae inniu agus litríocht na meánaoise agus thairg sé cúrsa nuálach dar teideal ‘The Folktale and Medieval Literature’ do mhic léinn a bhíodh ar chlár an chúrsa Pure English. I measc a chuid mac léinn sna blianta tosaigh bhí an scríbhneoir Eilís Ní Dhuibhne. Pósadh an bheirt ar a chéile sa bhliain 1982.

Ar feadh fiche éigin bliain ba é Bo a bhí ina eagarthóir ar iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, Béaloideas, i bpáirt le Pádraig Ó Héalaí. D’fhoilsigh sé breis agus nócha alt agus leabhar ar bhéaloideas na hÉireann agus ar an bhéaloideas idirnáisiúnta, as a stuaim féin agus i bpáirt le scoláirí eile uaireanta. Is iomaí cnuasach aistí a chuir sé in eagar. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur tháinig méadú ar a chuid foilseachán le blianta beaga anuas. In éineacht le Roibeard Ó Cathasaigh, chuir sé eagar ar dhá chnuasach thábhachtacha scéalta ó Bhab Feiritéar, Bab Feiritéar: cnuasach scéalta (2002) agus Coiglímis an tine (2009). I gcomhar le Pádraig Ó Héalaí chuir sé amach cnuasach de na taifeadtaí fuaime a tógadh ó Pheig Sayers (1873–1958), Labharfad le cách (2009). Ar cheann de na saothair ba dhéanaí a raibh sé páirteach iontu bhí Atlantic currents/sruthanna an Aigéin Thiar, bailiúchán aistí in ómós do Shéamas Ó Catháin. Mhair blas láidir iarthar na Sualainne ar a theanga dhúchais riamh agus bhí na seacht dteangacha aige. Chomh maith le Gaeilge agus Béarla, bhí Íoslainnis, Gearmáinis, Fraincis agus Laidin go maith aige. Ba é a thoradh sin go bhfacthas mar lóchrann é ar son na haontachta sna sruthanna neamhspleácha léinn a bhain leis na teangacha seo dar le Thomas Dubois (2001: 614).

B’fhear muinteartha é Bo nach raibh aon éirí in airde ag baint leis agus chuir sé comaoin mhór ar léann na hÉireann lena chuid scoláireachta. Go deimhin, rinneadh comparáid idir an méid a bhain sé amach agus a raibh déanta ag Kuno Meyer (1858–1919) lena linn féin. Bhí an-spéis sa chomhrá aige agus cé gur thaitin na hamhráin leis, ghoill sé air, beagán, an mhoill a chuireadh an amhránaíocht ar an seanchas.

D’ainneoin gur éirigh sé as a phost in 1995 níor tháinig aon trá ar a shaothar. Choinnigh sé air ag léachtóireacht, ag scríobh agus ag foilsiú. Ina theannta sin, lean sé air ag tabhairt cuairteanna ar na háiteanna ab ansa leis ar fud thuaisceart na hEorpa, críocha scoite a chineáil. Bhásaigh sé go tobann ar 9 Samhain 2013 i ndiaidh tinnis ghearr. Bhí iníon aige, Marja, lena chéad bhean, Jane Houston, arbh as Meiriceá di. Beirt mhac, Ragnar agus Olaf, a bhí aige féin agus Eilís Ní Dhuibhne le chéile. Foilsíodh alt leis ar bhéaloideas na hÍoslainne agus nóta báis faoin iarthaidhleoir agus scoláire Brian Earls in Béaloideas 81 (2013). Chríochnaigh sé an nóta sin leis an seanfhocal ‘Maireann an chraobh ar an bhfál, ach ní mhaireann an lámh do chuir’. Is cuí an focal é ina thaobh féin.

Lillis Ó Laoire

Ailt

  • Dubois, T.A. (2001) Léirmheas ar Ó Catháin, S. (eag.) Northern lights, following folklore in northern Europe:essays in honour of Bo Almqvist. Scandinavian Studies 73:4, 613-615.
  • The Irish Times, 16 Samhain 2013