Ó CEARBHAILL, Diarmuid (1929–2012)

Tá sé ar shlí a ráite faoi Dhiarmuid Ó Cearbhaill gur fear mór léinn a bhí ann, Gaeilgeoir breá agus duine suáilceach sochaideartha mar is eol don uile dhuine a bhí gaolta nó i gcaidreamh leis, a tháinig faoina chúram nó ar chuimil sé leo ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile i gcaitheamh a shaoil fhada.

Gael go smior freisin a bhí ann a raibh gach uile ghné de scéal na hÉireann agus a muintire ar bharr a theanga aige, agus a raibh bá agus dáimh ar leith aige le muintir na hÉireann agus lena ndúchas.

Ní ón ngaoth a thug sé na tréithe céanna. Treasa Nic Giollarnáth as Goirtín, Achréidh na Gaillimhe, a bhí mar mháthair aige, deirfiúr le Seán Mac Giollarnáth, an breitheamh dúiche a raibh cáil mhór air mar fhear béaloidis, eagarthóir, iriseoir, scríbhneoir, agus saineolaí i gcúrsaí dúlra.

Múinteoir bunscoile, agus príomhoide ar thoradh moille, a bhí in athair Dhiarmada i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, ach, lena chois sin, duine ildánach éirimiúil saothrach a bhí ann i rith a shaoil nach bhfuair a dhíol aitheantais ó phobal na Gaeilge as a ndearna sé ar son na teanga thar na blianta.

Tháinig Domhnall i mbláth agus os comhair an phobail ó shaolú an stáit úir ar aghaidh. Bhí baint aige le cúrsaí oideachais ar an uile bhealach i gcaitheamh a shaoil ach ní raibh sé teoranta don seomra ranga amháin. Ba cheannródaí é sa mhéid gur bhain sé leas as nuachtáin náisiúnta Bhéarla le cúrsaí oideachais, staire, cultúir etc. a chur os comhair mhuintir na hÉireann as Gaeilge. Fear mór béaloidis a bhí ann freisin agus bhailigh sé an t-uafás ábhair i gCarna, Co. na Gaillimhe, a d’fhoilsigh sé ar na nuachtáin chéanna thar na blianta. Rinne sé leabhair a aistriú freisin le cur le héagsúlacht lón léitheoireachta lucht na Gaeilge a bhí gann go maith sa tréimhse sin.

Bhíodh clár raidió dá chuid féin aige sna 1940idí agus sna 1950idí, Making and mending, faoin ainm cleite Peadar O’Connor.

Rugadh triúr clainne do Threasa agus do Dhomhnall, mar atá, Diarmuid, a rugadh ar 12 Lúnasa 1929, Cian agus Nuala. Bhí Diarmuid ar an chéad duine den chlann agus is é is mó a thóg ó na tuismitheoirí. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i mbunscoil an Chroí Ró-Naofa (nó an Model School mar ab fhearr eolas uirthi) i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, áit a raibh Mrs. Bridget Cotter, deirfiúr le Sinéad de Valera, ar dhuine dá chuid múinteoirí.

Rinne sé freastal ar Choláiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath, ó 1941 go 1947, áit a ndearna sé gaisce i gceann an léinn agus na gcluichí Gaelacha. Bhí sé gníomhach taobh amuigh den scoil i gcúrsaí cruicéid agus leadóige fosta.

Agus é ag teacht i méadaíocht, cothaíodh a spéis sa Ghaeilge sa bhaile agus i nGaeltacht Charna, áit a gcaitheadh an teaghlach an samhradh bliain i ndiaidh bliana.

Fuair Diarmuid a chuid ollscolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, (UCG an t-am sin) áit ar ghnóthaigh sé B.A. agus B.Comm. (an chéad ghrád agus an chéad áit sa rang sa dá chás) agus, ina dhiaidh sin, Ard-Dioplóma san Oideachas agus Ph.D.. Bronnadh sparánacht taistil de chuid Ollscoil na hÉireann air sa bhliain 1953 agus chuaigh sé go Oriel College, Oxford, áit a ndearna sé staidéar faoin mbuaiteoir Nobel, J.R. Hicks. Blianta ina dhiaidh sin bronnadh Scoláireacht Fulbright air agus chaith sé bliain i Reed College, Oregon, sna Stáit Aontaithe.

Fostaíodh é mar oifigeach riaracháin sa Roinn Airgeadais in 1953 agus bhí sé ar fhoireann sin T.K. Whitaker a chuir le chéile an Chéad Chlár um Fhorleathnú Eacnamaíoch , a foilsíodh in 1957 agus an dara agus an tríú clár a foilsíodh sna 1960idí.

Ceapadh é mar Léachtóir le Geilleagar agus Tráchtáil i Roinn na hEacnamaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 1967. I gcaitheamh na mblianta, chuir sé cúrsaí éagsúla san eacnamaíocht le chéile ag leibhéal fochéime agus iarchéime. Crann taca na Gaeilge i Roinn na hEacnamaíochta a bhí i nDiarmuid ó fostaíodh é agus d’aistrigh sé téacsleabhar ar chúrsaí eacnamaíochta go Gaeilge freisin.

Bhí spéis ar leith ag Diarmuid i bhforbairt pobail agus rinne sé cúram ar leith den ábhar sin ina chuid cúrsaí teagaisc agus taighde agus sa tsochaí i gcoitinne. D’fhoilsigh sé go fada fairsing sa réimse sin agus thug aoiléachtaí faoin ábhar i go leor tíortha thar lear. Rinne Diarmuid cuid mhór taighde i gcomhar leis an Ollamh Tony Varley i Roinn na Polaitíochta agus na Socheolaíochta in OÉ Gaillimh agus is gearr go bhfeicfear toradh a gcuid taighde ar an eagraíocht Muintir na Tíre i gcló.

Ghlac sé ceannas na Roinne air féin in 1974/1975 agus chaith sé dhá thréimhse mar Dhéan ar Dhámh na Tráchtála ó 1980 go 1986.

Cé gur éirigh Diarmuid as a phost ollscoile in 1994, lean sé lena chuid taighde agus ag foilsiú leis i réimsí éagsúla na forbartha pobail. In 2000, thóg sé eagarthóireacht an Journal of the Galway Archaeological and Historical Society air féin agus chuir sé an cúram sin de go críochnúil go dtí an deireadh. Scríobh sé féin roinnt alt le haghaidh na hirise céanna ar ábhair éagsúla agus d’fhéach sé le hábhar Gaeilge a sholáthar don iris chomh fada agus ab fhéidir. Foilsíodh aistí léannta leis in irisí eile agus bhí sé mar eagarthóir ar Galway: town and gown (1985). Ba mhinic é fosta ar na meáin chraolta Ghaeilge agus Bhéarla thar na blianta.

Phós Diarmuid an Dr Helen Grimes in 1977. Bithcheimiceoir cliniciúil in Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, a bhí in Helen. Chuir siad fúthu i mBaile na mBúrcach ar imeall Chathair na Gaillimhe agus thóg siad triúr clainne, mar atá, Róisín, Dónal agus Eoin.

Duine a bhí i nDiarmuid a thaistil ar fud an domhain i rith a shaoil go dtí an deireadh, ó uachtar go híochtar na cruinne. Bhí spéis aige i gcónaí i gciníocha éagsúla, ina sibhialtachtaí, ina dteangacha, ina slite beatha agus ina gcuid creideamh. Fear léinn den scoth a bhí ann, fear cultúrtha, machnamhach, tuisceanach ar chás leis ar tháinig ina dháil.

Nollaig Mac Congáil