Ó CEARBHAILL, Domhnall (1891–1963)

Rugadh Domhnall Ó Cearbhaill ar 7 Eanáir 1891 i mbaile fearainn Chluain na gCeannach, Co. Uíbh Fhailí. Ba mhac é le Daniel O'Carroll agus Sarah Bergin. Fuair Daniel a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta Chluain na gCeannach. Cáilíodh mar mhúinteoir bunscoile é agus bhí sé ina phríomhoide ar scoil náisiúnta Chluain na gCeannach idir 1863 agus 1908.

Bhí naonúr clainne ag Daniel agus Sarah agus ba é Domhnall an tríú mac ab óige. Tar éis a bhunoideachais i gCluain na gCeannach chuaigh sé chuig Coláiste Cistéirseach Ros Cré, Co. Thiobraid Árann, in 1906. D’fhreastail sé ar Choláiste Oilúna De La Salle, Port Láirge, áit ar bronnadh Dioplóma céad onóracha air mar Oideachasóir i dTeagasc Críostaí in 1913. Chuaigh sé le gairm na múinteoireachta ón mbliain 1914 ar aghaidh i Scoil na mBuachaillí i Sráid na Danmhairge, Baile Átha Cliath. Bronnadh Diplóma san Oideachas air i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in 1926 agus BA in 1928. Rinne sé an tArd-Dioplóma san Oideachas in 1929. Chaith sé seal ag múineadh i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé mar mhúinteoir i mBunscoil an Chroí Ró-Naofa i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, ag deireadh na 1920idí agus rinneadh príomhoide de ar an scoil chéanna ina dhiaidh sin. Phós sé Treasa Nic Giollarnáth as Goirtín in Achréidh na Gaillimhe ar 24 Iúil 1928. Ba dheirfiúr í Treasa le Seán Mac Giollarnáth a bhí ina bhreitheamh cúirte, ina bhailitheoir béaloidis agus ina iriseoir. Bhí triúr clainne ag Domhnall agus Treasa, mar atá, Diarmuid, Cian agus Nuala.

Duine ildánach ba ea Domhnall. Bhí spéis mhór aige sa Ghaeilge, sa cheardaíocht, sa dúlra agus sa saol mórthimpeall air. Bailitheoir béaloidis den scoth a bhí ann chomh maith. Toghadh ar Choiste an Chumainn le Béaloideas Éireann é i mí Eanáir 1936 agus bhí sé ina bhall den Choiste ó 1936 go 1961.

Thagadh sé féin agus Treasa agus a gclann go Carna, Co. na Gaillimhe, ar laethanta saoire sna 1930idí agus thógaidís teach ar cíos i Maíros. Chuir sé aithne ansin ar an seanchaí cáiliúil Pádhraic Mac Con Iomaire as an gCoillín agus bhailigh sé go leor scéalta agus seanchais uaidh a foilsíodh san Irish Weekly Independent agus san Evening Herald idir 1934 agus 1942. Bhailigh sé go leor ábhair freisin ó sheanchaithe eile i gCarna agus sa chontae i gcoitinne a foilsíodh sna nuachtáin chéanna.

Thóg sé 150 pictiúr ar Oileáin Árann ar chultúr na ndaoine agus bhronn sé na grianghraif seo ar an Músaem Náisiúnta. Bhí ainm Dhomhnaill in airde i measc scoláirí cáiliúla béaloidis na hÉireann sna 1930idí agus sna 1940idí.

In Aibreán na bliana 1922 cuireadh tús le colún do lucht foghlama na Gaeilge sa Sunday Independent. Rinne Domhnall a chion féin maidir le hábhar Gaeilge idir scéalta agus aistriúcháin a sholáthar don nuachtán sin. Bhí an rud céanna fíor faoin Irish Independent, an Irish Weekly Independent agus an Evening Herald. Chuir sé roinnt aistí i gcló in Scéala Éireann freisin. D'fhéadfá a rá go mba é ba chrann taca do na nuachtáin sin ó thaobh na Gaeilge de ó thús na 1920idí go dtí na 1940idí.

D'aistrigh sé cúpla leabhar sa tréimhse sin freisin. Foilsíodh ceann amháin acu mar leabhar, mar atá, Robin Húid, ach níor foilsíodh an chuid eile mar leabhair riamh.

I dtús mhí an Mheithimh 1936 chuaigh sé go dtí na tíortha Lochlannacha le breis eolais a fháil ar bhailiú an bhéaloidis, ar a chlárú agus a thaisceadh. Mar theist ar a chumas mar bhéaloideasaí, bhí sé le ceapadh mar stiúrthóir ar mhúsaem náisiúnta béaloidis faoi scáth an Mhúsaeim Náisiúnta i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, in 1939 ach b'éigean an tionscadal seo a chur ar ceal nuair a bhris an cogadh amach.

Craoltóir raidió ba ea Domhnall chomh maith. Bhíodh clár raidió go rialta aige gach oíche Shathairn ó 1940 go dtí lár na 1950idí. Making and Mending príomhainm an chláir DFÉ sin agus chraoladh Domhnall faoin ainm cleite Peadar O'Connor.

Rinne sé a lán stiallscannán, a dhear sé ina sheomra dorcha féin, mar mhodh múinteoireachta in 1940. Ba ar a chostas féin agus gan tacaíocht ná aitheantas ón Roinn Oideachais a rinne sé an obair chruthaitheach seo go léir. Labhraíodh sé go minic faoi na hacraí teagaisc seo agus é ina bhall d’Institiúid Scannán na hÉireann, de Chumann Grianghrafadóireachta na hÉireann agus de Chumann Tíreolaíochta na hÉireann.

B’fhear ildánach amach agus amach é Domhnall. Rinne sé cion fir maidir le saol agus cultúr mhuintir na tíre a chaomhnú agus a chur in aithne don saol mór. Mar mhúinteoir chuir sé spéis ar leith sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Thuig sé tábhacht an oideachais agus na foghlama don pháiste agus don duine aosach. Chuir sé spéis i saol iomlán an bhéaloidis agus bhailigh sé eolas gairmiúil léannta faoi réimsí éagsúla an bhéaloidis agus d'aimsigh sé ardán náisiúnta chun an t-eolas sin a scaipeadh. Ba mhúinteoir, iriseoir, Gaeilgeoir, scoláire, aistritheoir agus duine ildánach tréitheach é nach bhfuair riamh an t-aitheantas ab airí air ó phobal na Gaeilge Domhnall Ó Cearbhaill. Tá cuntas níos iomláine air le fáil in Aesóp i gConamara (2010).

Máire Uí Chuinneáin

Leabhair

  • Mac Congáil, N. [eag.] (2010) Aesóp i gConamara. Gaillimh: Arlen House.