Bean í a thug tacaíocht láidir i gContae na Mí lena linn do Chonradh na Gaeilge, do chúis na teanga i gcoitinne, agus don léann dúchais. Bhí sí ina rúnaí ar Chumann Seandálaíochta agus Staire na Mí nuair a athbhunaíodh é i 1939 agus ó 1955 go 1967 ba í an chéad eagarthóir agus dearthóir ar iris an Chumainn, Ríocht na Mídhe. In 2009 foilsíodh a leabhar Seanchas na Midhe: a selection of lectures, léachtaí a thug sí idir 1939 agus 1976, cuid acu i nGaeilge. Tá cuntas ar a cuid oibre in eagrán na bliana 2005 de Ríocht na Mídhe agus caoga bliain na hirise sin á chomóradh. Deir a hiníon Méadhbh Ní Chonmhidhe Piskorska: ‘An Ghaeilge an chloch ba mhó ar a paidrín agus mhair a dílseacht di ar feadh a saoil...’. Rinne sí cnuasach d’iarsmaí na Gaeilge i mBéarla na Mí. Admhaíonn Diarmaid Ó Muirithe a cúnamh in A dictionary of Anglo-Irish, words and phrases from Gaelic in the English of Ireland (2000) agus in A dictionary of Hiberno-English (1999) tá a cnuasach focal ‘A South Meath Glossary,’ (gan dáta), liostaithe ag Terence Patrick Dolan. Tagraíonn a hiníon Méadhbh do ghné thábhachtach dá pearsantacht in Éirinn na linne sin: ‘Thug sí gach gné agus gach aicme de dhaoine léi, uasal agus íseal, agus cuma cén teampall nó eaglais le n’ar bhain siad, chomh maith le gnáthdhaoine agus lucht léinn i mbaile is i gcéin.’

Sa Cholgaigh, Co. Lú, a rugadh í ar 21 Nollaig 1898. Ba í an duine ab óige d’ochtar í. John Callan, gréasaí, a hathair. Bhí léamh agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla ag a seanathair, fear de mhuintir Uí Chathaláin, as Co. Mhuineacháin. Ba de mhuintir Uí Dhoirnín a máthair, Annie, agus creidtear gur de shliocht Pheadair Uí Dhoirnín í. Ba chainteoir dúchais Gaeilge a seanmháthair ar de mhuintir Ailpín as Co. na Mí di. Thart ar 1905 a tháinig an chéad mhúinteoir taistil go dtí dúiche Mhaighréad. Bhí rang Gaeilge in aghaidh na seachtaine ann do dhaoine fásta aige agus ag a trí a chlog bhí rang mar ábhar breise aige do dhaltaí scoile. Bhí rang nó dhó Gaeilge in aghaidh na seachtaine ar fáil do Mhaighréad féin i gClochar an Chroí Ró-Naofa, Ard Mhacha. Bhí an teanga mar ábhar breise aici sa chúrsa monatóireachta ag Siúracha na Trócaire i nDún Dealgan, Co. Lú. Chuir sí lena heolas ar an teanga i gColáiste Ó Méith, Co. Lú. Ghnóthaigh sí teastas múinteora Gaeilge. Bhain sí an chéad áit amach i scrúdú iontrála Choláiste Dhún Chéirí, Baile Átha Cliath.

Is i Scoil Óstaí na Rí, Baile Átha Cliath, a chuir sí tús lena saol mar mhúinteoir. Bhí Cogadh na Saoirse faoi lánseol ag an am sin agus chuir sí aithne ar Sheán T. Ó Ceallaigh, ar Mhícheál Ó Coileáin, agus ar bhaill eile Chraobh an Chéitinnigh, Conradh na Gaeilge. Deir a hiníon Méadhbh: ‘Chosain sí múinteoirí ar bith a raibh éagóir a déanamh orthu, go háirithe iad siúd a throid in éadan an Treaty: agus ná ligfeadh a gcroí dóibh an dearbhú “I will bear Allegiance to the Irish Free Sate and its Constitution” a shaighneáil.’ Toradh é an aigne sin aici, b’fhéidir, ar an gcairdeas a bhí aici le daoine ar an dá thaobh i gConradh na Gaeilge roimh 1922.

In 1923 ceapadh í mar phríomhoide i gCúl Rónáin, trí míle siar ó Bhaile Íomhair, Co. na Mí. De réir an tseanchais ba shliocht iad muintir Chúl Rónáin d’iarsma arm Eoghain Rua Uí Néill tar éis Chath Phort Liastair (1643). Spreag sí spéis i dtraidisiúin na háite agus ghlac sí páirt go fonnmhar i dtionscnamh Choimisiún Béaloideasa Éireann sa bhailiúchán a rinneadh i scoileanna náisiúnta na hÉireann i rith 1937–1938. In 1924 phós sí Tomás Ó Conmhidhe, príomhoide Scoil Bhaile Íomhair, fear a d’fhoghlaim Gaeilge i ranganna Chonradh na Gaeilge. Deir a n-iníon, Méadhbh: ‘Bhí an tuiscint chéanna acu ar idéal na poblachta: meas a bheith tuillte ag gach duine, gan buíochas d’aicme ná do mhaoin shaolta.’ Thógadar a n-ochtar clainne le Gaeilge. Chaithidís laethanta saoire i nGaeltacht Chúil Aodha, Co. Chorcaí. I gColáiste Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a fuair sí oiliúint i stair agus i litríocht na teanga.

Ina ceantar féin bhí sí ina ball de choiste Chonradh na Gaeilge agus de Choiste na Feise agus ina ball de Choiste Fheis na Mí a reáchtáiltí i bPáirc Tailteann, an Uaimh, Co. na Mí. Ba í go minic a chuireadh príomhchainteoirí na Feise i láthair. Dhéanadh sí moltóireacht ag na comórtais chainte. Mhisníodh sí leanaí Scoil Chúl Rónáin chun cur isteach ar chomórtais na feise sin. Scríobhadh sí drámaí dóibh agus thugadh sí iad go Féile Drámaíochta na Scol i dTeach an Ardmhéara, Baile Atha Cliath. Bhí sí ar na daoine a chuir fáilte roimh mhuintir Chonamara nuair a tháinig siad aniar go Co. na Mí ó 1935 go 1937. Thacaigh sí chomh maith le múinteoirí na Gaeltachta nua seo – leithéidí Sheáin Uí Choisdealbha, Ráth Chairn, agus Uinsionn Uí Ghairbhe, Baile Ghib. Ceapadh í ina ball de Choiste Gairmoideachais na Mí in 1934 agus chuir sí an Ghaeilge chun cinn le linn a tréimhse ann. Le tacaíocht Phádraig Uí Luasaigh as Baile Bhuirne, a bhí ar a gcoiste sin chomh maith, d’éirigh léi freastal ar éileamh a bhí ann chun ranganna oíche Gaeilge a sholáthar ar fud an chontae.

Sna 1960idí bhí páirt mhór aici i scéim chun cúrsaí cónaithe trí seachtaine sa Ghaeilge a chur ar fáil ag cailíní i gColáiste Naomh Márta san Uaimh agus ag buachaillí i gColáiste Bhaile an Bhairínigh, mar shampla. Sna cúrsaí sin thugadh sí féin cainteanna faoin stair áitiúil d’fhonn féinmheas a chothú. Níos deireanaí fós bhí sí páirteach lena mac, Ultan, i bhfeachtas chun úsáid na Gaeilge a leathnú sa Mhí agus chun déileáil le riachtanais oideachais i nGaeltacht na Mí.

Go deireanach ina saol, i gcomhluadar le Liam Ó Briain, le Peadar O’Donnell, le Frank O’Connor agus le scríbhneoirí eile, ghlacadh sí páirt i gcláir teilifíse RTÉ. Tá réimse mór léachtaí dá cuid i gcartlann Leabharlann na Mí. Ceann de na léachtaí sin is ea ‘Léacht Chomóradh Uí Ghramhnaigh.’ Chomh maith le Seanchas na Midhe (2009), le tacaíocht fhoireann leabharlann an chontae foilsíodh Meath: towards a history (2010), sraith alt a scríobh sí don Meath Chronicle sna 1950idí. D’éag sí ar 24 Deireadh Fómhair 1974.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú