Ó LAOGHAIRE, Colm (1919–2007)

Bhí sé ar dhuine de na hÉireannaigh sin ba thúisce a rinne scannáin fhaisnéise. I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 8 Meán Fómhair 1919. Ba é Diarmuid Ó Laoghaire, timire ag ceardchumann, a athair agus iníon leis an gCunta George Noble Plunkett a mháthair, Mimi. Ar Choláiste Mhuire Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar scoil ar dtús ach ba dheacair dó córas smachta na mBráithre Críostaí a fhulaingt. Ba mhinic as láthair é i gcaoi gurbh éigean dá thuismitheoirí é a sheoladh siar go Coláiste Sheosaimh, An Garbhaile, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe. Thosaigh sé ar chúrsa innealtóireachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus, cé nár éirigh leis bunchéim a bhaint amach, bhain sé tairbhe as a thamall sa Choláiste sa mhéid gurbh í a bhallraíocht i gCumann Drámaíochta na Mac Léinn ann a spreag é chun bheith ina bhall de Chumann Scannán na hÉireann úd a bhunaigh Liam Ó Laoghaire in 1936. D’fhreastail sé ar ranganna a bhain le teicníocht na scannánaíochta agus bhí sé fostaithe ar ball mar rúnaí ag an gCumann. Poblachtach láidir ba ea é agus bhí orthu sin a imtheorannaíodh i rith na hÉigeandála (1939–45). Bhí baint aige ina dhiaidh sin le Clann na Poblachta agus ar ball le Páirtí an Lucht Oibre.

Is do Ghlúin na Buaidhe (1943–1984), eagraíocht Ghaeilge, a rinne sé a chéad scannáin. Is amhlaidh a dhéanadh Colm na gearrscannáin Ghaeilge sin a thaispeántaí i gcathair Bhaile Átha Cliath do shlua mór ag Coirnéal Mansfield, san áit a bhfuil Sráid Uí Chonaill ag bualadh le Sráid na Mainistreach. Pádraig Ó hUiginn, Rúnaí ar Roinn an Taoisigh i bhfad ina dhiaidh sin, a bhí mar leathbhádóir aige (Mac an Bheatha 1967).

In 1946 a tugadh deis dó tabhairt faoi obair phroifisiúnta scannánaíochta den chéad uair in A nation once again (1946), scannán Brendan Stafford, a coimisiúnaíodh chun cuimhne chéad bliain Thomáis Dáibhís a chomóradh. Go gairid ina dhiaidh sin bhunaigh sé féin agus Kevin O’Kelly (1924–1994) – agus iontráil faoi in DIB – an comhlacht scannán Comhar Cino. Is beag obair scannánaíochta a bhí ar siúl in Éirinn ag an am agus is cúrsaí caidrimh phoiblí is mó a bhí ar siúl acu. Bhí an bheirt acu ag obair in RTÉ i bhfad ina dhiaidh sin. Agallamh raidió a rinne an Ceallach sin le Seán Mac Stiofáin faoi deara Údarás RTÉ a scor ar 24 Samhain 1972.

Is deimhin nach raibh aon ghné den obair scannánaíochta nach dtabharfadh Colm faoi sna blianta luatha sin, bíodh sé mar fhear ceamara, mar stiúrthóir nó mar scríbhneoir. Cuimhnítear go fóill ar na scannáin a dhéanadh sé gach seachtain sa tsraith ‘Amharc Éireann’ ag Gael Linn. Thaispeántaí iad i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Deirtear gur 259 díobh a rinneadh idir 1959 agus 1964. Bhí d’aidhm leo a léiriú don phobal gur teanga bheo laethúil nua-aimseartha í an Ghaeilge. I measc na scannán faisnéise eile a rinne sé bhí: Our money at work (1957), a bhain le ról na hÉireann san eacnamaíocht idirnáisiúnta; Our neighbour’s children (1960), a dhírigh aird ar an saol in ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath; The most gallant gentleman (1966), faoi thaisí Ruairí Mhic Easmuinn a bheith á dtabhairt ar ais go hÉirinn. Ba é Colm is túisce a bhain duais ag Féile Scannán Chorcaí.

Ceapadh é ar fhoireann RTÉ in 1966 agus dhéanadh sé cláir mar Aos Óg, Discovery agus Horizon. Ba mhinic é i mbun scannánaíochta sa Ghaeltacht. In 1994 thug an Irish Film Archive ómós dó agus ceann dá scannáin a chuir siad á dtaispeáint ba ea Water wisdom (1962) a rinneadh sa Rinn, Co. Phort Láirge, agus arbh í an aidhm a bhí leis ná pobail bheaga feirmeoireachta a spreagadh chun scéimeanna uisce píopaí a thionscnamh. Bhuaigh an scannán sin Deilbhín Naomh Fionnbharra ag Féile Scannán Chorcaí. D’éag Colm ar 26 Nollaig 2007. Bhí sé pósta ar Nora Mallon agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

  • Mac an Bheatha, P. (1967) Téid focal le gaoith. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.