STOKES, Whitley (1830–1909) Whitley STOKES Mac Dá Chearda 1830 1909 scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire dlíodóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá muintir Stokes ar cheann de na clanna is cáiliúla in Éirinn le breis is dhá chéad bliain anuas, i gcúrsaí leighis go háirithe. San iontráil faoi William Stokes in Brief lives of Irish doctors 1600–1965, 1978 tugann J.B. Lyons cuntas ar chúig ghlúin díobh a chuaigh le dochtúireacht.

Ba as Port Láirge do Whitley Stokes (1763–1845), an fear a bhí sna hÉireannaigh Aontaithe. Bhí spéis ar leith ag an dochtúir seo sa Bhíobla Gaeilge a chur á leamh agus deir John S. Crone in A concise dictionary of Irish biography, 1928 gur fhoilsigh sé ar a chostas féin foclóir Béarla-Gaeilge. Mac leis-sean William Stokes (1804–1878), athair Whitley s’againne. Phós seisean Mary Black ó Ghlaschú agus bhí naoi ngasúr acu. Sa teach acu ag 5 Cearnóg Mhuirfean bhíodh na scoláirí Seán Ó Donnabháin agus George Petrie ar cuairt – scríobh William beathaisnéis Phetrie in 1868. Dúirt J. P. Mahaffy faoi: ‘In the evening he would either hear music – especially national Irish music – of which he was particularly fond ... or on gala nights he would act in charades ...’ (athfhriotal ag J.B. Lyons).

Rugadh a mhac Whitley 28 Feabhra 1830. Chaith sé téarma amháin i gColáiste Choilm, Ráth Fearnáin, i ndeireadh 1845. Donncha Ó Cofaigh, údar Primer of the Irish language, an múinteoir Gaeilge a bhí ann agus meastar gur fhoghlaim sé roinnt Gaeilge uaidh. Thug Seán Ó Donnabháin ceachtanna dó freisin. Bhí sé i gColáiste na Tríonóide ó 1847 go 1851 agus ansin ag gabháil don dlí i Londain. Uair éigin i ndiaidh 1855 d’éirigh sé cairdiúil le Rudolf Thomas Siegfried, Gearmánach óg a bheadh ina ollamh le Sanscrait i gColáiste na Tríonóide ar ball. Bhí seisean tagtha faoi thionchar an scoláire Johann Caspar Zeuss agus ba eisean a chuir Stokes ag léamh Grammatica Celtica, 1853. Sin é an fáth a ndeirtear gurbh é Stokes an chéad scoláire Ceilteach nua-aoiseach a rugadh in Éirinn.

Ach ní raibh aige riamh aon phost a bhain leis an nGaeilge ná leis an teangeolaíocht. Dúirt sé lé Osborn Bergin [B2] uair go mba oth leis nár fhoghlaim sé an Nua-Ghaeilge riamh. Bhí sé in Inis Meáin in 1858 in éineacht lena athair agus le Eoghan Ó Comhraí agus bhain sé ardtaitneamh as bheith ag éisteacht le hamhráin na ndaoine. Is mar seo a chuireann Norman Moore [B2] síos ar an gcaoi a ndeireadh sé fuaimeanna na Gaeilge – agus ba Shasanach é Moore féin: ‘[He] never acquired its pronunciation, and used always to read Irish exactly us English schoolboys once read Latin, according to the English powers of the letters, and he never sounded the ’r’ nor had he any idea of quantity’.

Tar éis dó bheith ag cleachtadh an dlí ar feadh sé bliana i Londain d’imigh sé chun na hIndia in 1862. D’éirigh thar cionn leis ansin mar riarthóir i gcúrsaí dlí agus mar scoláire dlí. In 1879 ceapadh é ina uachtarán ar Choimisiún Dlí na hIndia. ’Mac Dá Chearda’ a thugadh sé air féin uaireanta mar gheall ar a dhúil i ndlí na hIndia agus i léann na Gaeilge araon. D’fhág sé an India in 1882 agus bhí ina chónaí i Sasana ar feadh a raibh fágtha dá shaol.

Níor stop sé riamh de bheith ag staidéar ar an nGaeilge agus bhí ag foilsiú ábhair ina taobh ó 1859 amach. Fuair sé bonn óirAcadamh Ríoga na hÉireann ar A mediaeval tract on Latin declension in 1860. Ar na leabhair a d’fhoilsigh sé san India féin tá: in Calcutta Goidelica, 1866; Sanas Chormaic, 1868; Irish lives of Patrick, Brigit and Columba, 1877; Togail Troi, 1882; agus in Simla Fís Adamnain, 1870. Is iad na saothair eile is minice a luaitear: The calendar of Oengus, 1880; Saltar na Rann, 1883; The tripartite life of Patrick, 1887; Lives of the saints from the Book of Lismore, 1890; The Bodleian dinnshenchus, 1892; The Annals of Tigernach, 1897; The eulogy of Columba, 1899; Da Derga’s hostel, 1901; The colloquy of the two sages, 1905; Felire Oengusso Celi De, 1905; The birth and life of St Moling, 1907; In Cath Catharda, 1909, Le John Strachan[q.v.] chuir sé amach Thesaurus Palaeohibernicus, 1901–3. I gcomhpháirt le Windisch bhí sé ina eagarthóir ar an tsraith Irische Texte agus i gcomhpháirt le Kuno Meyer[B2] bhunaigh agus stiúir sé Archiv fur celtische lexicographie. File ba ea é freisin agus tá cúpla dán leis in Dublin book of Irish verse, le John Cooke.

Phós sé faoi dhó: in 1865 Mary Bazely agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu; in 1884 Elizabeth Temple. D’éag sé in Kensington 13 Aibreán 1909. Ina chuntas in Dictionary of national biography deir Norman Moore faoi; ’He was a kindly and hospitable entertainer and was fond of laughter in his conversation and of relating anecdotes, but did not pour out in talk the extensive knowledge he possessed, nor take part in fruitful discussion. He wished to pursue his subject with paper, ink, and books at hand, doggedly progressing from point to point, and was unwilling to commit himself by word of mouth. His whole life was one of unflagging industry in Celtic studies’. Tagraíonn Moore freisin do na foghanna a thugadh sé faoi shaothar scoláirí mar Standish Hayes O’Grady[B2], Robert Atkinson[B2], Eugene O’Curry ..., cé nach n-admhaíodh sé go poiblí go ndearna sé féin botúin – b’fhearr leis iad a cheartú go ciúin in cibé eagrán nua a thabharfadh sé amach. Is dóigh le Moore gurbh iad an drochshláinte agus an tsíorobair faoi deara an mhíchéadfa. Agus bhí formad idir seanscoláirí traidisiúnta na hÉireann agus an cineál nua eolaíoch. Thagair Stokes uair do na ‘canúintí truaillithe’ agus d’fhreagair Seán Pléimeann[B1] go raibh riar maith botún déanta ag Stokes toisc gan eolas a bheith aige ar an teanga labhartha. Lean an comhfhreagras sin agus b’fhéidir gurbh as sin a d’fhás Scoil Ard-Léinn na Gaeilge in 1903. Bhí Stokes ina Ghobharnóir ar an Scoil. Tá cuntas ar na cúrsaí sin ag Seán Ó Lúing in Kuno Meyer: a biography, 1991, leabhar a thugann spléachadh dúinn ar phearsantacht Stokes. Ó 1881 go 1909 bhí comhfhreagras aige le Meyer agus bhí siad an-mhór le chéile.

Ba é mian na beirte iníonacha, Maive agus Annie, gur ag an gColáiste Ollscoile, Londain, a bheadh leabharlann Stokes, tuairim 3,500 leabhar. Shíl Meyer gur cheart iad a bheith in Éirinn ach níor éirigh leis an bheirt a chur ar mhalairt aigne. Tuairimíonn Ó Lúing nach mó ná sásta a bhí na hiníonacha leis na tuairiscí ina thaobh a foilsíodh in Éirinn tar eis a bháis. Caithfidh sé nár léigh siad An Claidheamh Soluis 17 Aibreán 1909: ‘The greatest of the Celtologists has passed away in Whitley Stokes. If it has been Ireland’s reproach that the giants of modern Celtic learning have been for the most part Germans and Frenchmen, Scotchmen and Danes, it has been her glory that the king of them all was her very own, born in Dublin of a famous Dublin family’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »