B'fhéidir gurbh é an t-aon duine amháin lena linn é ag a raibh eolas scolártha ar na beo-theangacha Ceilteacha go léir. Ministir Modhach ó Oileán Mhanainn ba ea a athair George. Sloinne choitianta ansiúd agus bunús Manainnise leis is ea Quiggin. Bhí beagán Manainnise ag George agus bhí sí go líofa ag a mháthair. Ba í Elizabeth Thompson máthair Edmond, dar le Celtic who’s who, 1921. In Cheadle, Staffordshire, mar a raibh George ag obair, a rugadh Edmond ar 23 Lúnasa, 1875. D'aistrigh an chlann go Louth, Rotherham, agus ansin go Geansaí. Bhí sé ar scoil in Kingswood, Bath, agus is tar éis dó Wild Wales George Borrow a léamh ansiúd is ea a thosaigh sé ar Bhreatnais a fhoghlaim. Bhí spéis mhór aige i dteangacha fiú agus é ina leanbh. Mhaíodh sé gur leor leis coicís i mbun teanga nua chun go mbeadh ar a chumas ciall a bhaint as a raibh le léamh i nuachtán.

Thug scoláireacht nuatheangacha é go Coláiste Gonville agus Caius in Cambridge in 1893. An scoláire C.H. Monro a d'adhain a spéis sa Ghaeilge agus rinne sé a thráchtas dochtúireachta. faoi Zimmer in Griefswald (1898-1900), ar athruithe fuaime sa Mheán-Ghaeilge. Chaith sé tamall de mhíonna i Leipzig ag gabháil don teangeolaíocht chomparáideach faoi Brugmann, Sievers agus Windisch. Bhí an Ghearmáinis go nádúrtha rílíofa aige dá bharr agus fuair sé post ina choláiste féin in Cambridge mar léachtóir Gearmáinise. Ach sna teangacha Ceilteacha a d'fhan a mhórspéis.

'He spent the Long Vacations of 1903 and 1904 in a mountain cottage in Donegal living as one of the family and sharing in their daily tasks. He worked on the land, acted as postman, and took charge of the general store, thus collecting at first hand many words not to be found in any dictionary'. Is mar sin a chuireann a bhean Mrs A.H. Quiggin síos in Journal of the Manx Museum, No. 74 (1957) ar na tréimhsí a chaith sé i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhain an Duinníneach úsáid as an liosta focal a rinne sé. Bhí sé ag foghlaim i gConnachta freisin. Chaith sé féin agus a bhean a mí na meala – dhá mhí a bhí ann dáiríre – in Oileán Leodhas i 1907 agus is cosúil gur in oifig an phoist ag cúléisteacht le biadán na gcustaiméirí a chaith seisean an chuid is mó den saoire. 'The only other "foreigners'' seen on Lewis during our two months were a folklore collector and an officer for the Commission of Lunacy'. Is ar fheirm in aice le Treguier a d'fhoghlaim sé Briotáinis agus rinne sé staidéar ar chanúintí na Breatnaise i sráidbhailte Pembrokeshire. Ait go leor, níor éirigh leis riamh aon staidéar a dhéanamh ar an teanga bheo in Oileán Mhanainn. Cruthaíodh léachtóireacht Cheiltise dó in Cambridge i 1909.

Chuir an chéad chogadh domhanda isteach ar a shaol go mór. Tugadh coimisiún dó agus bhí sé i mbun cinsireachta sa Fhrainc. Ba chabhair mhór dó an t-eolas a bhí aige ar na teangacha Slavacha. Aistríodh é ansin go dtí Aireacht an Chabhlaigh agus bhíodh sé ag léamh agus ag scaoileadh teachtaireachtaí cóid na nGearmánach. Ní raibh san áit ach é féin oíche 10 Samhain 1918 agus ba eisean dá réir a fuair an teachtaireacht go raibh glactha ag na Gearmánaigh le téarmaí an tsosa cogaidh. A chumas ar theangacha a thug go raibh sé ag obair ag Comhdháil Síochána Versailles i samhradh 1919. Deir a bhean go raibh an brú fola ró-ard aige agus fuair sé bás obann ar 4 Eanáir 1920.

Is le A dialect of Donegal, 1906 agus Protogemena to the study of the later Irish bards 1200-1500 , léacht a thug sé i 1913, is mó a chuir sé comaoin ar scoláireacht na Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú