I mBéal Feirste ar 22 Eanáir 1889 a rugadh Alfred Monahan. Sábhadóir ba ea a athair Robert Joseph Monahan agus ba í Johanna Nolan a mháthair. B’as Co. Loch Garman dá athair. De réir Dhaonáireamh 1901 ba é Ailbhe an duine ab óige den cheathrar mac agus den bheirt iníonacha a bhí ag cur fúthu sa teach ar 31 Márta 1901. Bhí a dheartháir Cathal (a maraíodh i gCill Orglan Aoine an Chéasta 1916 in éineacht le Dónall Ó Síocháin agus Conn Céitinn ar a mbealach chun bualadh le Ruairí Mac Easmainn) as láthair an oíche sin. I nDaonáireamh 1911 ní raibh sa teach ar 2 Aibreán ach beirt dheartháireacha agus deirfiúr amháin agus cé gurbh é Ailbhe an duine ab óige ba é a líon an tábla agus a shaighneáil é mar cheann an teaghlaigh faoin ainm ‘Ailfrid Ua Muineacháin’. I nGaeilge a thug sé iomlán an eolais faoi gach duine agus tá an nóta seo ag bun an tábla: “Requested the head of the family to fill form in English but he refused to do so”. Ba é Ailbhe an t-aon duine amháin sa teach a raibh Gaeilge aige.

Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí agus ann a thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge tar éis dó scoil a fhágáil. Chaith sé tamall ar Choiste Ceantair Bhéal Feirste. Ag teagasc sna bunranganna agus ag foghlaim sna ranganna arda a bhíodh sé. Nuair a bhuaigh sé scoláireacht go Cloch Cheannaola níorbh acmhainn dó glacadh leis toisc go mbeadh air costas taistil agus lóistín a íoc. Fuair sé ardteastas múinteoireachta ón Ard-Scoil i mBéal Feirste ar ball.

“Ealaíontóir postaer agus tráchtála” a thugadh sé ar an gceird a bhí aige. Bhí sé ar dhuine de na healaíontóirí a rinne léaráidí don Wolfe Tone Annual agus don An tUltach. Thugadh Colm Ó Lochlainn obair dó freisin. Ach a luaithe a bunaíodh na hÓglaigh i mBéal Feirste ba bheag seans a d’fhaigheadh sé í a chleachtadh. Nuair a gabhadh Earnán de Blaghd agus Liam Ó Maoilíosa chuaigh sé ag timireacht do na hÓglaigh ina n-ionad. Gabhadh é i 1915 agus, mar a deireadh sé féin, d’ith sé dinnéar na Nollag i bPríosún Chroimghlinne i mBéal Feirste.

Go luath i 1916 bhí feachtas in aghaidh liostála in Arm na Breataine ar siúl aige i gContae na Gaillimhe. “A Belfast man but a fluent Irish speaker, he extended the campaign into Connemara”, deir Desmond Greaves faoi i mbeathaisnéis Uí Mhaoilíosa. Rinneadh iarracht é a chur amach as an taobh sin tíre ach d’éirigh leis éalú agus é i bhfeisteas sagairt. Throid sé san Éiri Amach i mBéal Átha an Rí. Chaith sé féin, Ó Maoilíosa agus Proinsias Ó hEidhin ceithre mhí ar a seachaint i gContae an Chláir, iad ag cur fúthu i mbothán ar thalamh mhuintir Mhaoldomhnaigh sa Bhaile Uachtarach. Chabhraigh sé le Ó Maoilíosa éalú go Meiriceá.

I dtosach 1917 tharraing sé ainm nua chuige féin, “Tadhg Mac Suibhne” agus chaith tamall i gContae Chorcaí ag iarraidh na hÓglaigh a athbhunú ann. Obair feirme a bhíodh ar siúl aige agus mar fhear cathrach chuir sé an oiread spéise ann gurbh í an gharraíodóireacht a rogha caitheamh aimsire feasta. Nuair a tharla i mBéal Átha an Ghaorthaidh é thapaigh sé an deis chun cur lena eolas ar an nGaeilge. Mhaíodh sé go raibh sé ar an mbeagán “eachtrannach” a bhí riamh ag múineadh Gaeilge i gCorcaigh.

Chaith sé cúpla téarma eile i bpríosún i rith Chogadh na Saoirse. Sa Chogadh Cathartha bhí sé ar thaobh na bPoblachtach.

Ó 1924 go 1927 bhí sé ina thimire ag Conradh na Gaeilge. Ina dhiaidh sin bhí sé ag teagasc Gaeilge faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag freastal ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus bhain teastas múinteora ealaíne amach. D’fhostaigh Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ansin é mar mhúinteoir ealaíne. Trí mheán na Gaeilge a dhéanadh sé an obair theagaisc.

Na scéalta a scríobh sé i dtaobh Chogadh na Saoirse foilsíodh iad in An tUltach faoin teideal “Scéalta fíora Óglach”. Craoladh sraith díobh ar Radio Éireann. Scríobhadh sé in An tÉireannach agus in The Christian Family. ‘Joe McSweeny’ agus ‘Joe Mac’ na hainmneacha pinn aige agus aistí in Scéala Éireann á scríobh aige. D’insíodh sé eachtraí “Thaidhg agus Thaidhgín” in An Scuab. Bhuaigh sé duais Oireachtais le haistriúchán fileata ar Der Rattenfanger von Hameln. Leabhair do pháistí is mó a scríobhadh sé: Patairín agus patarún (1938); Doinicíní an domhain (1939), aistriúchán; Scéilíní caoine ar chroidhe cogaidh (1939), aistriúchán ón nGearmáinis; An sionnach sleamhain slíochta (1941); Ainmhithe allta na hÉireann (1969). Tá na leabhair seo lán de léaráidí a rinne Ailbhe féín. Dhearaigh sé cuid mhaith de chártaí Nollag Bhriain Uí Uiginn.

Bhí sé ina uachtarán ar an Oireachtas bliain amháin.

Phós sé Peig Ní Bhuachalla. Ní raibh aon chlann acu féin ach i rith an Dara Cogadh Domhanda d’uchtaigh siad cailín Gearmáineach, Wilhelmina Putz. Nuair a d’éag Ailbhe ar 30 Iúil 1967 ba í a luadh mar fhinné sa teastas báis. Tá cuntas air ag Theo Snoddy in Dictionary of Irish Artists 20th Century, 1996.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú