“B’é an dochtúir sciath chosanta na Gaeilge ina bhaile dúchais agus de thoradh a shaothair bhuaigh sé an teideal ‘Príomhchathair na Gaeltachta’ do Bhaile Bhuirne”. Sin é atá scríofa ar leacht Dhónaill i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne.

I gceantar Bhaile Bhuirne a rugadh é agus ba é Donncha Shíle an Tóchair a thugtaí ar a athair. Go luath ina shaol beartaíodh go mbeadh sé ina shagart. Bhí sé tamall i Scoil Ullmhúcháin Mr Wall i Maigh Chromtha (mar a raibh an tAthair Peadar tuairim an ama chéanna), tamall i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí agus tamall, b’fhéidir, ar scoil i Sasana sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na nGael i bPáras. Bhí sé sa Fhrainc nuair a bhris an Cogadh Franco-Phrúiseach (1870–71) amach. Tháinig an Cornal de Charotte ó Civitavecchia go Marseilles agus thairg cór Zouave a bhunú chun troid in aghaidh na bPrúiseach. D’éirigh leis óglaigh a earcú in iarthar na Fraince. Throid siad go cróga in Orleans, Patay agus Loigny. Deirtear gur chaith Dónall tamall sa Bhriotáin. B’fhéidir gurbh ann a cheangail sé leo siúd. Is é an grianghraf is coitianta de ná ceann ina bhfuil sé in éide Zouave.

B’fhéidir nár theastaigh ó Dhónall bheith ina shagart, go raibh an coláiste tréigthe aige cheana féin agus go raibh an cogadh tráthúil. Mhair ráfla i mBaile Bhuirne gur toisc gur mharaigh a athair, más fíor, fear san fhaicseanaíocht nach ligfí dó bheith ina shagart. Cibé fáth a bhí leis, nuair a bhí an cogadh thart agus tamall caite aige ina phríosúnach, níor fhill sé ar an gColáiste ná ar Bhaile Bhuirne ach rinne a bhealach go Nua-Eabhrac agus ansin go dtí na Rockies ar lorg an óir. Luaitear Meicsiceo Nua agus Ceanada freisin. 15 bliana a bhí sé thall sular ghabh fonn é chun filleadh ar Éirinn. Níor aithin a mhuintir é. Shíl siad gur taibhse a tháinig isteach chucu. Bhí sé ag beartú Meiriceá a thabhairt air féin arís tar éis na cuairte ach ní ligfeadh a mhuintir dó imeacht. Cé go raibh sé daichead bliain d’aois dhírigh sé ar chúrsa leighis i gColáiste na Banríona i gCorcaigh. Nuair a cháiligh sé ceapadh é ina dhochtúir íoclainne i gceantar Bhaile Bhuirne.

Sa Cork Examiner i ndiaidh a bháis tuairiscíodh gurbh é a tharla de bharr dícheall an Dochtúra: “the dingy hamlet of Ballyvourney has been transformed into a flourishing village”. 30 bliain a chaith sé ann agus ba rómhaol mar chur síos ar an tréimhse sin a rá gur fhág sé a rian ar an áit.

Ní raibh siopa ann. Bhíodh ar dhaoine 10 míle a shiúl go Maigh Chromtha. Chuir Dónall siopa mór agus bácús ar bun. Ní raibh aon aonach ann agus thiomáineadh feirmeoirí na beithigh chomh fada le Maigh Chromtha. Chuir Dónall aonach ar bun ach ní thiocfadh na ceannaithe toisc nach raibh iarnród ag dul ann. Ar feadh bliana bhí sé ag easportáil an eallaigh go dtí gur ghéill na ceannaithe ar deireadh. Chuir Dónall ranganna cócaireachta agus déiríochta ar bun do na cailíní. Chuir sé monarcha cniotála stocaí ar bun agus thug beirt bhan ó Albain ann chun oibriú na meaisíní cniotála a thaispeáint.

Bhí sé ina bhall d’Aontacht na Gaeilge ó thosach. Tá a ainm liostaithe in uimhir Mheán Fómhair 1883 de Irisleabhar na Gaedhilge: Daniel Lynch M.D., Ballyvourney. Maítear go raibh eolas aige ar chúrsaí teanga i dtíortha eile toisc, is dócha, tamaill a bheith caite aige i gCeanada agus sa Bhriotáin.

Bhí sé ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1897 go dtí 1908. Is mar sin a tharla i láthair é ag an gcéad Oireachtas in 1897. Thosaigh sé ag cur comórtaisí ar bun i mBaile Bhuirne agus is mar thoradh orthu a tionóladh ceann de na chéad fheiseanna nua-aimseartha riamh in Éirinn ann in 1898. Faoi 1900 bhí iomathóiri ón sráidbhaile ag buachan cuid mhaith de na duaiseanna ag an Oireachtas. Chuir sé na daoine óga ag dul i dtreo na seanchaithe agus na n-amhránaithe sa cheantar. Chothaigh sé spiorad cairdiúil na hiomaíochta ar fud bhailte fearainn Mhúscraí.

Bhí dea-thoradh ar an saothar seo: bhíodh áiteanna le fáil saor in aisce ag páistí Bhaile Bhuirne i gcoláistí na hÉireann le súil go gcabhróidís le múineadh na teanga iontu; ba í an athbheochan a thug an chéad fhorbairt turasóireachta chun cinn; bhunófaí coláiste ullmhúcháin i mBaile Bhuirne ar ball; bhí cáil an cheoil chomh mór ar an áit gurbh ann a chuaigh Martin Freeman chun an bailiúchán is luachmhaire d’amhráin na Gaeilge a dhéanamh.

Thóg Dónall halla i mBaile Mhic Íre ar a chostas féin “i dtreo go mbeadh ionad dóibh féin ag Gaela an cheantair chun ranganna, chun coirmeacha ceoil, agus chun feiseanna a bheith acu” (Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha). Sa chur síos a rinne Peadar ar an halla thabharfá leat go raibh teannas idir an dochtúir agus sagairt na háite. Dhealródh nach dtéadh sé féin ar Aifreann ach go dtugadh sé a bhean chomh fada leis an séipéal. Fear an-neamhspleách a bhí ann. Deirtear nárbh fhéidir a aithint ar an éadach a chaitheadh sé gur dhochtúir é. Giúistís cúirte nó J.P. é freisin. Fear cantalach go leor é uaireanta. D’éirigh sé as an gCoiste Gnó chun buille a bhualadh ar son Ghaeilge na Mumhan agus toisc gur chaill Sceilg a phost mar eagarthóir na Gaeilge san Freeman’s Journal. Cara leis ba ea an Duinníneach agus b’fhéidir go mbíodh seisean á ghríosadh.

Fuair a bhean Máire bás in 1895. Bhí sé aosta faoin am ar phós sé arís. D’éag sé ar 28 Samhain 1913. Bailíodh airgead chun an leacht cuimhneacháin a chur suas i Reilig Ghobnatan.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú