Áirítear é ar na “mairtírigh bhána” úd a raibh gealladh mór fúthu agus a fuair bás go hóg. “Few can realise the loss Ireland has sustained in the death of Aonghus Draoi”, a dúradh in Banba, Feabhra 1903. Ar na cairde dílse aige bhí Torna, Conall Cearnach, Pádraig Archer (bainisteoir An Claidheamh Soluis), Séamus Beairtle Ó Sé, Pádraig Ó Súilleabháin. Scríobh Torna, Conall Cearnach agus Pádraig Ó Súilleabháin (“An File”) dánta caointe.

Nicholas Marshall Cummins a ainm i dtosach. Rugadh i Sasana é in 1877. B’as Annemount i gCorcaigh dá sheanathair. D’aistrigh seisean go dtí Plymouth agus is ann a rugadh athair Niocláis. Nicholas Marshall Cummins a bhí airsean freisin. Bhí sé ina innealtóir feidhmitheach i Sukkur, Scindh, an India, nuair a fuair Nioclás óg bás. Ba í Rose Edith Rogers máthair Niocláis. Albanach ba ea í. Tá cuntas ar na Cuimínigh in Burke’s Irish family records (1976).

Sa Bheilg a tógadh é, rud a d’fhág iarracht de thuin aduain ar a chuid Béarla. Bhí sé i scoil phoiblí Westminister sular chláraigh sé mar mhac léinn leighis i gColáiste na Tríonóide timpeall 1897–8. Dúirt Torna in An Claidheamh Soluis ar 10 Eanáir 1903: “Ón gcéad uair do chuala Aonghus an Ghaeilge dá labhairt bhí ampal air chuici. Do thosnaigh sé láithreach ar í a fhoghlaim agus níor stad sé riamh gur sciob an bás leis é”. Deir Ó Sé gur theastaigh uaidh bheith níos Gaelaí ná aon duine eile. “Persuaded himself into a Celtic twilight”, deir sé agus déanann an cur síos seo air: “a quaint and original genius”. “Nick got ‘Irishism’,” deir John Chartres Moloney in The Riddle of the Irish (1927). “He cultivated an academically bloodthirsty hatred of England, and every moment he could spare from medicine he devoted to the Irish language”.

Ba é a bhunaigh na Draoithe in 1899 agus bhí baint mhór aige le foilsiú An tEurópach. Ar son grinn a bunaíodh na Draoithe agus ba iad na baill bhunaidh eile Conall Cearnach, Séamus Beairtle Ó Sé agus Pádraig Ó Súilleabháin.

Mholtaí a shaothar líníochta go hard. Dúirt Torna faoi: “Bhí Aonghus go hanchliste ar tharraiceoireacht agus ar lámhdhathú Gaelach. Is é a tharraing an pictiúr atá ar an dtaobh amuigh de Banba, agus is cuimhin linn go léir na pictiúir ghreannmhara uaidh a tháinig amach sa Leader, tá tamall ó shin ann. Tharraingíodh sé na pictiúir a bhíodh san Európach, agus is féidir mórchuid rudaí dár tharraing sé d’fheiscint sa Stad. Ní fhaca riamh éinne dob fhearr ná é chun scríobh agus dathú de réir na sean-leabhar”. Dúradh in Banba: “He has left behind him a wealth and variety of illuminated designs which seem little less than incredible from a man of his years. We hope these will, if possible, be procured by the Royal Irish Academy, and thus made accessible to the nation”.

Dúirt an Leader ar 10 Eanáir 1903: “His cartoons in the Leader, though in execution they may have lacked the finished touch of the fully trained artist, were always full of ideas and brilliant in conception ... He was lovable and genial and his memory will live long amongst those of An Stad. His brilliant abilities marked him out for a distinguished career and Irish Ireland has great cause to mourn the early death of such a promising young man among its ranks”.

D’fhoghlaim sé conas an phíb a sheinm. “He has done at least a man’s share in the laudable work of popularising the Irish pipes”, a dúradh in Banba.

Bhí sé i láthair ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Craobh Mhic Éil den Chonradh ar 23 Márta 1901, craobh a bunaíodh go speisialta do Chonnachtaigh i mBaile Átha Cliath, ach is léir ar dhán “An File” go raibh baint aige le Craobh an Chéitinnigh freisin: “Ochón! na Draoithe/ Go fann ag caoi-ghol,/ Tré bheith ded’ dhíthse/ Ó! a thaca dílis,/ Tá scamall nimhneach/ Ar Stad na Gaeilge,/ Ar na Céitinnigh,/ ’S ar bhuíon na Saoithe ...”

D’fhág sé Coláiste na Tríonóide i 1901 chun cur faoi in Ospidéal Mhic Stiabhna agus bhí sé beagnach cáilithe mar dhochtúir nuair a fuair sé bás obann den niúmóine Oíche Caille 1902. “His last moments must have been disconsolate in the extreme, without a solitary kindred spirit to keep vigil by the bedside, which hosts would have vied with each other to watch. His final request, we are told, was to have his Pipes placed upon his coffin, and as consciousness vanished with the vanishing year, he gasped: ‘Archer will know about them’” (Banba). Conall Cearnach a léigh na paidreacha os cionn na huaighe agus ba é Éamonn Ceannt a sheinn dreas caointe ar phíb Niocláis. I nGaeilge a bhí an scríbhinn ar lúireach an chónra. I Mount Jerome a cuireadh é.

D’éirigh an leasainm “Aonghus Draoi” as an gcumann úd a bhunaigh sé. Tá “Caoineadh Aonghuis”, a scríobh Torna, in An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1903, caoineadh Chonaill Chearnaigh in Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1903 agus caoineadh “An File” in An Claidheamh Soluis 21 Feabhra 1903.

Tá tagairtí dó ag Séamus Beairtle Ó Sé ina chuimhní cinn (“The Speckled bird” i gcló in The Church of Ireland Gazette).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú