Sna Doirí, Cúil Aodha, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 17 Lúnasa 1882. Siúinéir ba ea a athair Micheál. Bhí cáil na filíochta ar a mháthair Mairéad Ní Loingsigh. D’éag sí go hóg tar éis di ceathrar cailíní agus beirt bhuachaillí a thabhairt ar an saol.

Ba é Seán an duine ab óige agus ba í a sheanmháthair, Máire Ní Loingsigh, a thóg é i gClaedach, Co. Chiarraí.

Tháinig sé os comhair an phobail i dtosach nuair a bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1902 sa chomórtas “Dornlach filíochta a cuireadh síos ó bhéalaithris agus nár cuireadh i gcló riamh fós”. I gceantar Bhaile Bhuirne a bhailigh sé na dánta seo, 30 díobh óna athair féin. An bhliain dár gcionn fuair sé an chéad duais do bhailiúchán de shean-fhocail.

Chaith sé bliain timpeall an ama seo ina mhac léinn i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus d’fhreastail ar an gcéad seisiún de Choláiste na Mumhan. Chaith sé ceithre bliana in Appeldoorn na hOllainne agus i nGhent sa Bheilg ag múineadh Béarla le Berlitz. Bhí spéis ar leith aige sa Mhodh Díreach agus i 1906 bhí iarracht istigh aige sa chomórtas Oireachtais do mhodhanna múinte.

Sa Bheilg a tháinig an chéad bhabhta den phliúrasaí agus den asma air. Shíl sé gur dhrochuisce a ól ba chúis leis. Lean an drochshláinte ar feadh a shaoil.

I 1908 foilsíodh a bhailiúchán d’aistí, Céad flós an earraigh. Chaith sé tamall ina mhúinteoir taistil i gCúige Laighean, i Loch Garman go háirithe. Ach ní raibh an obair oíche ag réiteach leis agus fuair sé post i gColáiste na Toirbhirte i gCorcaigh. Ach arís b’éigean dó é a chaitheamh suas i gceann cúpla bliain. Bhí gnó mórdhíola nuachtán aige ansin ag 95 Sráid Phádraig, Corcaigh. Dháileadh sé páipéir Ghaeilge agus irisí poblachtacha freisin. Is cosúil gur chuir na húdaráis baic sa tslí ar an ngnó agus theip air sa deireadh.

Bhí sé ina bhall den choiste stiúrtha a bhunaigh na hÓglaigh i gCorcaigh ach mar gheall ar a shláinte ní ghlacfaí leis féin mar óglach gníomhach. Deirtear gur aistrigh sé na mílte piléar timpeall na cathrach roimh an Éirí Amach. B’éigean dó dul ar a choimeád agus is dealraitheach gur fhill sé ar Loch Garman. “John Hazelton” a thug sé air féin, galldú a rinne sé ar a shloinne.

Tar éis an Chonartha Angla-Éireannaigh fuair sé post sa státseirbhís. Bhí sé i ranna éagsúla gur thosaigh ag léamh profaí sa Ghúm i 1929. D’éirigh sé as an tseirbhís i 1947.

Bhí baint aige le heagrú an Oireachtais i 1922–24 agus timpeall an ama sin chuir Brún agus Ó Nualláin amach a shraith de léaráidí balla a bhí déanta aige mar chúnamh do mhúinteoirí, agus lámhleabhar, An modh ceart, ag gabháil leo. Go luath ina dhiaidh sin d’fhoilsigh Comhlacht Oideachais na hÉireann a Riaghalacha an Amhráin. In imleabhair XX agus XXI den Journal of the Irish Folk Song Society (1923–24) tá 24 amhrán agus a gceol i gcló aige.

D’aistríodh sé amhráin mar “Step together” (“Greadaig troithe”), “My Lagan Love” (“Mo mhuirnín cois Sulláin”) agus “An Leipreachán”. Tá aistí agus scéalta óna pheann sna hirisí éagsúla.

Ghnóthaigh sé B.A. i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1931. Bhí spéis aige i sanasaíocht focal agus i 1953 d’fhoilsigh sé Europe’s first language: prehistoric man as fruitgrower. Timpeall an ama chéanna bhunaigh sé iris mhíosúil An Litríocht. Níor foilsíodh ach cúpla uimhir.

Phós sé Eibhlín Nic Ghiolla Fhiontain i 1929. Bhí triúr buachaillí agus triúr cailíní acu. Go luath i ndiaidh an phósta bhunaigh Seán Páirc na Gaeltachta mar bhruachbhaile Gaelach sa taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Scéim í nach raibh bláth uirthi. Tar éis scoir ón nGúm dó bhí siopa milseán agus nuachtán aige go 1955. D’éag sé ar 19 Bealtaine 1958.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú