Ag 2 Donegall Square East, Béal Feirste, 12 Meán Fómhair 1892 a rugadh í. Patrick Dempsey, ‘hotel keeper’, a hathair agus ba í Frances Harbison a máthair. I 1901 ba leo an Linen Hall Hotel, 3 Donegall Square East. Bhí ‘Músa’, leagan de ghearrscéal Gearmánach, i gcló aici in An tUltach, Márta 1931 agus bhí ‘Páidigh ’s a mhuc,’ scéal a scríobh sí síos ó Biddy Coyne, Bun Beag, Co. Dhún na nGall, i gcló san iris chéanna Feabhra 1932. Tá gearrscéal léi inFíon Franncach, 1956. Is mar thráchtas Ph.D. a scríobh sí A contribution to the study of the sources of the gènie du christianisme, 1927. Foilsíodh i bPáras é i 1928. I gcatalóg na lámhscríbhinní sa Leabharlann Náisiúnta tá: ‘Typescript catalogue by Madeleine Dempsey of Gaelic mss. belonging to the Natural History and Philosophical Society of Belfast, including collections of Robert McAdam and Samuel Bryson, preserved in Belfast Museum, 1918.’ Deir nóta gurb i Leabharlann Phoiblí Bhéal Feirste atá na lámhscríbhinní sin. In I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 tagraíonn Breandán Ó Buachalla do lámhscríbhinn a thug R. M. Young di i dtosach an 20ú haois, ceann de chuid Pheadair Uí Ghealacáin a bhaineann le filíocht na Mí. Nuair a cailleadh í ar 19 Samhain 1975 i dteach banaltrais i Ráth Tó, ba é a seoladh baile 3 Bóthar Waterloo, Baile Átha Cliath. Tá sí curtha i Reilig Bhaile an Mhuilinn, Béal Feirste.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú