Seo é an duine a leagtar an t-amhrán aitheanta ‘Áird a’ Chumhaing’ air. In An tUltach, Márta 2005 tá bailithe ag Ciarán Ó Duibhín a bhfuil d’eolas faoi agus de thuairimíocht faoin amhrán le fáil i leabhair, i ndaonáireamh 1851, i dtaifid pharóiste (Eaglais na hÉireann) an Leithid, Co. Aontroma, i reilig an Leithid, i nuachtáin agus treoirleabhair.... I ndeireadh báire ní thig leis talamh slán a dhéanamh de gurbh é McCambridge a chum an t-amhrán. Is léir freisin go bhfuil amhras air gurb é ‘Mac Ambróis’ an sloinne Gaeilge; tá glactha leis an leagan sin ag: Ó Droighneáin (1966), MacLysaght (1985), De Bhulbh (1997). Malcolm McCambridge a tháinig ó Cheann Tíre in Albain i 1625 an chéad duine dá mhuintir in Éirinn. Daniel ba ainm d’athair John agus ba í Sarah Stewart a mháthair. I Maolaird i bparóiste an Leithid i gContae Aontroma a bhí cónaí orthu. Bhí John ina chónaí i Latharna in 1824. Bhí gnó súdaireachta sa bhaile sin ag a mhuintir chomh fada siar le 1744.

Bhí litir aige in Larne Monthly Visitor 1 Márta 1859 faoin teideal ‘The Original language of the human race’. Ba mhian leis a chruthú gur Ghaeilge ba ea abairt áirithe sa tSean-Tiomna agus léiríonn an litir, b’fhéidir, go raibh Gaeilge aige agus spéis aige inti. D’éag sé ar 16 Meitheamh 1873 ag Park House, Gleann Arma, agus tá sé curtha i reilig an Leithid lena mhuintir. Ní dóigh gur phós sé. D’aimsigh Ó Duibhín tagairt dó i dtaifead na mbaistí i bparóiste an Inbhir (Latharna) mar athair linbh a rugadh taobh amuigh den phósadh.

Tá leagan den amhrán le fáil i lámhscríbhinn de chuid Roibeaird Mhic Ádhaimh agus an teideal ‘Ceol Dhaibhidh (J.McCambridge)’ air; deir Ó Duibhín gur ghnách le Mac Ádhaimh ainm an duine a thug amhrán dó a scríobh ar an gcuma chéanna sin. Chuir Éamonn Ó Tuathail an leagan sin i gcló i 1940, ach ní dúirt gurbh é McCambridge a chum. I nGleann Aireamh is é Cormac Ó Néill a luaitear mar fhile a chumtha. Eoin Mac Néill a dúirt gurbh é McCambridge go cinnte a chum an t-amhrán. Agus ba é a chuir an leagan Gaeilge den ainm, ‘Seán Mac Ambróis’, chun tosaigh. Bhí alt ‘Irish in the Glens of Antrim’ i gcló ag Mac Néill in Irisleabhar na Gaeilge, 6, 1895 agus is ann a cuireadh focail an amhráin i gcló don chéad uair. Níos deireanaí scríobh sé: ‘The last Irish poet in County Antrim was a Protestant, an uncle of Sir Daniel Dixon. My mother knew him well, and says that on every possible occasion he tried to interest people in the Irish language, and would rather talk about it than anything else. His name was John McCambridge. I managed to rescue and print one of his songs, Ard Í Chuain, a really beautiful little lyric, which I printed in an old number of the Gaelic Journal. I am told that the air of it is still known in Glenariff…’ (The Scholar Revolutionary, 1973 in eagar ag F.X. Martin agus F.J. Byrne).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú