Ba é bunaitheoir an Fhorais Cultúir Ghael-Mheiriceánaigh (Irish American Cultural Institute) é agus is dóigh gurbh é an Meiriceánach é is mó a thug cabhair agus misneach do scríbhneoirí Gaeilge agus is mó a rinne iarracht ar spéis i léann na hÉireann a chothú i measc sliocht na nGael i Meiriceá. Tá eolas ina thaobh: sa léacht a thug sé um Meán Fómhair 1987 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus atá ‘athchlóite mar ar scríobh sé í sa seanchló Gaelach’ in “Is treise dúchas ná oiliúint”: Eoghan Mac Tighearnáin, Ollamh Meiriocánach Gaelach agus conas mar a bhunaigh sé an Foras Cultúir Gaeil-Mheiriocánach, 1987 (Comharchumann Íde Naofa, Áras Íde, Faing, a d’fhoilsigh); in Dreamers of dreams: portraits of the Irish in America, 1984 le Donal O’Donovan; in The Irish Times 24 Iúil 2004; i bpíosa ómóis le ‘N. Ó G.’ san The Irish Times go luath tar éis a bháis.

In Manhattan, Nua-Eabhrac, a rugadh é ar 15 Bealtaine 1915. Ba é an duine ba shine é den cheathrar a bhí ag Henry McKiernan agus Delia Nagle. B’as an Leacht, Co. an Chláir, do Delia. Luann ‘N.Ó.G.’ Liatroim freisin mar chuid eile de chúlra a mhuintire. Sa léacht sin dúirt sé: ‘... bíodh gur ar oileán Mhanhattan i gceartlár Nua-Eabhrac a rugadh mé féin, i mbaile beag ó thuaidh de sin a chuaigh mé ar bhunscoil. Ní raibh teas lárnach sna tithe sin ná uisce reatha i mórchuid de na tithe. Ní raibh pictiúrlann ann .... Cois teallaigh bhaineadh muid an-sult as scéalta agus amhráin mo mháthar, scéalta faoi Chontae an Chláir, pisreoga agus nósanna na háite. Ar an mbealach sin fuair muid eolas cruinn ar Éirinn – bealach nádúrtha ba ea é.’ Fuair an t-athair bás nuair a bhí sé 12 bliain d’aois agus b’éigean don teaghlach aistriú go ‘Ghetto na nGael’ i Nua-Eabhrac. Liostaíonn sé trí rud a chuaigh i bhfeidhm air: cnuasach de leabhair ar Éirinn i bPríomhleabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac; Cumann na Gaeilge sa chathair, cumann a bunaíodh in 1883; tamall ar fheirm a uncail sa Chlár agus tamall lena linn ag freastal ar Choláiste an Phiarsaigh i Ros Muc. Sa réamhrá leis an léacht deir Risteard Mac Siacuis gurbh í Máiréad Nic Dhonnchadha a chéad mhúinteoir Gaeilge. Deirtear san The Irish Times gur scoláireacht ó Chonradh na Gaeilge i Nua-Eabhrac a chuir an tamall i Ros Muc ar a chumas. Tar éis dó BA (litríocht agus na teangacha clasaiceacha) a fháil ó Choláiste Naomh Seosamh, Nua-Eabhrac, fuair sé céim mháistir sa tsíceolaíocht ó Ollscoil New Hampshire agus PhD sa Bhéarla ó Ollscoil Stáit Pennsylvania. Anuas go 1959 bhí sé ina cheann ar roinn an Bhéarla in Ollscoil Stáit Manhattan ach d’aistrigh ansin go Coláiste Ollscoile San Tomás in St. Paul, Minnesota; bhí cloiste aige go raibh baint ar leith ag an ollscoil sin le hÉirinn le linn don chath i dtaobh na Gaeilge sa mháithreánach a bheith á throid. Roimh dhul isteach sa phost nua sin fuair sé an deis naoi mí a chaitheamh in Éirinn in éineacht lena bhean agus a naonúr clainne (triúr mac agus seisear iníonacha).

Bliain tar éis dó a bheith sa phost nua chraol cainéal oideachais ‘ó chósta go cósta’ caoga clár teilifíse i dtaobh chultúr na hÉireann a scríobh agus a láithrigh sé. ‘Tháinig na mílte litreacha chugainn ó chuile cheard den tír’, deir sé. ‘Thuig mé uaidh sin go bhféadfadh lucht scríofa na litreacha sin a bheith mar chumhacht tréan i gcúrsaí na hÉireann. Sin mar a tháinig an Foras Cultúir ar an saol, leanbh óg arbh í a mháthair an boob tube.’ 1964 bliain a bhunaithe. Chuir an Foras an iris Éire-Ireland ar bun an bhliain dár gcionn agus Mac Thiarnáin a bhí ina eagarthóir go ceann 21 bliain. ‘Éire-Ireland goes to every major university in 26 countries in the Western world including the Hebrew University of Israel, and embracing Poland as well .... Academic and scholarly Éire-Ireland may be, but there is in it surely a point of contact for everyone with a feeling for good writing and a curiosity about the Ireland we all profess to love’ (O’Donovan).

In Éirinn ba iad baill Bhord an FhoraisRisteard Mac Siacuis, Mairéad Nic Dhonnchadha agus Colm Ó hEocha agus ba iad na baill Mheiriceánacha Patrick Butler, Charles Grace, Kingsley Murphy, Laurence O’Shaughnessy agus John Walsh. Ba é Perry Wilson rúnaí an Fhorais. Thit an oiread sin de dhua an Fhorais ar Eoin féin go mbíodh sé ag obair ochtó uair sa tseachtain, ach ó thús 1986 ba é Breandan Shortall a bhí i gceannas. Ba liosta le lua na himeachtaí go léir ar thacaigh an Foras leo: foirne drámaíochta agus léachtóirí as Éirinn a chur ag taisteal na Stát; coimisiúin do chumadóirí ceoil; scoláireachtaí a chuir ar cumas Mheiriceánaigh óga tamall foghlama a chaitheamh in Éirinn; ‘Trees for Ireland’, deis do Mheiriceánaigh crainn a chur in Éirinn ar chostas beag, feachtas a raibh tábhacht leis ó thaobh caidrimh phoiblí; scoláireachtaí le haghaidh taighde; duaiseanna do ealaíontóirí agus scríbhneoirí - cuimhnítear go háirithe ar Dhuaiseanna an Bhuitléaraigh. I mbrollach An Bíobla Naofa, 1981 gabhann Pádraig Ó Fiannachta buíochas leis an bhForas agus le Mac Thiarnáin as a dtacaíocht fhial. Thug trí ollscoil dochtúireachtaí dó, Ollscoil na hÉireann ina measc. D’éag a bhean Juliette i 1996 agus d’éag sé féin ar 18 Iúil 2004.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú