ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil MAC CÚ ULADH, Pádraig (18821958)

Tá cuntas cuimsitheach (‘Páidí Fhéilimí Láidir Mac Cú Uladh’) ar an scéalaí seo ag Breandán Mag Fhinn in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97: féilscríbhinn an Doibhlinigh, 1997 agus is air sin atá an tuairisc seo bunaithe. Bhí sé ar dhuine de na cainteoirí dúchais deireanacha i dTír Eoghain. Is dó a thiomnaigh Breandán Ó Doibhlin an t-úrscéal An Branar gan Cur, 1979. An tAthair Mag Fhinn a chuir an ola dhéanach ar Pháidí in Ospidéal na hÓmaí. Tá cuntas air ag Bearnárd Ó Dubhthaigh in Feasta, Samhain 1958 agus bhí sraith alt (‘Scoth Scéalaí Thír Eoghain’) ag Pádraig Ó Baoighill in Irish News um Shamhain 1987.

‘Ba as Corrach an Ealta i gceantar Rúscaigh i bparóiste Bhoth Domhnaigh Íochtar do chlann Chú Uladh, ar a dtugadh “Láidir”. Ainm eile ar Bhoth Domhnaigh is ea Muintir Luinigh, de réir na seandaoine, agus i ngleann Abhann Choilleadh i gcroílár Mhuintir Luinigh atá Gleann Láirc lom leargach agus Corrach an Ealta cúl le gréin, mar a raibh cónaí ar bhunús chainteoirí dúchais deireanacha Ghaeilge Thír Eoghain’ (Mag Fhinn). Ba iad James McCullagh, gréasaí, agus Mary Teague a thuismitheoirí. Baisteadh é ar 26 Márta 1882. Ba é an duine ba shine é de thriúr buachaillí agus beirt chailíní. Níor chaith sé ach tamall ar scoil agus níor phós aon duine den teaghlach. Bhí gabháltas beag acu i gCorrach an Ealta. Cheannaigh siad gabháltas eile in Achadh na Méireacán, cúig mhíle slí uathu, agus chuaigh a dheartháir John agus a mháthair chun cónaithe ansiúd agus d’fhan Páidí agus a dheirfiúr Mary Anne i gCorrach an Ealta. Páidí is mó a dhéanadh obair na feirme. Bhí sé inniúil ar scata de cheirdeanna: gréasaíocht, siúinéireacht, diallaiteoireacht, caoladóireacht, gaibhneacht, déanamh poitín. ‘Bhí ceird ar leith aige, agus is cosúil gurb é an duine deireanach a chleacht í in Éirinn, in Albain nó i Sasain, agus is í sin fíodóireacht na luachra. Thuill sé clú leis an úim chapall a dhéanadh sé ar an dóigh sin...’ (idem). Shíl duine de na comharsana nach dtugadh a dheartháir John a dhóthain dó le n-ithe ach tuairimíonn Mag Fhinn ‘nárbh í an chócaireacht an cheird ba chruthanta ag ceachtar acu’!

Rinne Proinsias Ó Conluain agallaimh leis agus tá na taifid i gcartlann raidió RTÉ. ‘Agus ba é an scéalaí deireanach in Ulaidh taobh amuigh de Thír Chonaill agus Reachrainn a raibh na seanscéalta Gaeilge aige’ (idem). D’éag sé ar 11 Iúil 1958 agus cuireadh é i reilig Rúscaí. In Padaí Láidir Mac Culaidh agus Gaeltacht Thír Eoghain, 2009 tá cur síos ag Pádraig Ó Baoighill ar na teagmhálacha a bhí aige leis an seanchaí seo sna 1950idí, chomh maith le breis mhaith eolais.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta