Ó FLANNAGÁIN, Dónal (1922-1989) Dónal Ó FLANNAGÁIN 1922 1989 An Ráth, Co. Chorcaí M Coláiste Éinde, Glas Naíon, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas aige ar a óige in Ó thrá anoir, 1985. Múinteoirí scoile ba ea a thuismitheoirí i scoil Eoghantachta, Árainn. Ba é Seosamh Ó Flannagáin a athair agus bhí cónaí ar a thuismitheoirí sin, ar mhúinteoirí iad freisin, i nDubhlinn, Co. an Chláir. Iníon le Dan Ryan, sean-Fhinín sa Ráth, Co. Chorcaí, máthair Dhónail. Is inspéise gur dheirfiúr le Seosamh ba ea an Mháthair Treasa, an bhean rialta Doiminiceach a bhunaigh Scoil Chaitríona i mBaile Átha Cliath; Elizabeth a hainm baiste agus d’éag sí Meán Fómhair 1975. Sa Ráth a rugadh Dónal 17 Nollaig 1922, nuair a bhí an Cogadh Cathartha faoi lánseol; murach gur tharla saighdiúir ó Árainn a bheith ann chun eadrán a dhéanamh is ar éigean a ligfí don dochtúir agus don bhanaltra dul i gcabhair ar a mháthair. Ba é an dara duine é den seachtar a rugadh don lánúin. Bhí sé ar an oileán faoin am a raibh sé cúpla seachtain d’aois. Ní raibh ach leithead an bhóthair idir teach mhuintir Mháirtín Uí Dhireáin [q.v.] agus teach mhuintir Fhlannagáin, an ‘Residence’. Thaitin máthair Dhónail go mór mar mhúinteoir leis an Direánach agus mhair cairdeas idir Dónal agus é ar feadh na coda eile dá saol. Ba mhinic é ina chauffeur ag an Direánach ina sheanaois agus is dó agus do bheirt Árannach eile i mBaile Átha Cliath a chum an file an dán ‘Taibhsí’.

Bhí asma go seasta air agus é ina ghasúr agus chuirtí go Dubhlainn é ar feadh tamaill: ‘Bhíodh na taomanna seo chomh dian sin aon uair a thagaidís is go mbíodh faitíos i gcónaí orm go scuabfadh ceann éicint chun siúil mé. De réir mar a bhí an t-am ag dul thart mhothaigh mé mo chuid píobán mar a bheidís ag cúngú, sa gcaoi go raibh sé ag dul rite liom oiread aeir a tharraingt isteach i mo scámhóga is a coinneodh an dé ionam .... d’imigh an galar díom ar fad chomh luath is a d’fhág mé an t-oileán’. B’fhéidir baint a bheith ag an asma lena athair gan a bheith i bhfabhar é a dhul le múinteoireacht. Ach i 1936 chuir sé isteach ar scrúdú na gcoláistí ullmhúcháin agus ghnóthaigh áit i gColáiste Éinde, a bhí go sealadach i nGlas Naíon ag an am sin. Bhí Aodh Mac Dhubháin [B4] agus Séamus Mac Cnáimhín[q.v.] i measc na múinteoirí a bhí aige ann. Bádh a athair i 1939. Bhí seisean agus beirt dá dhlúthchairde, Seáinín Tom Ó Direáin agus Jamesy Ó Flaitheartaigh (seanathair an chraoltóra Máirtín Jamesy), a raibh an-chion ag páistí Sheosaimh orthu, ag filleadh i gcurrach tar éis turas na Cruaiche. D’fhág siad Leitir Mealláin thart ar a ceathair a chlog maidin an Luain le go mbeadh Seosamh in am chun an scoil a oscailt. Níor thángthas ar na coirp riamh. Tá cuntas Dhónail ar an tragóid in Ó thrá anoir an-inspéise dá thruamhéalaí é. Ní raibh ach tuairim 45 bliain d’aois ag an bhFlannagánach agus bhí an teaghlach i gcruachás go ceann i bhfad. Fuair a iníon Kitty post Eoghanachta ar ball.

I ndiaidh dó cáiliú mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí poist sealadacha aige anseo is ansiúd agus i Sligeach go háirithe: an Ghráinseach, Cliafuine, Lake View .... D’éirigh leis post buan a fháil i Scoil na Dea-Chomhairle, Droimeanach, Baile Átha Cliath; foirgneamh nua a bhí ann agus ba í an scoil náisiúnta ba mhó in Éirinn í. Cé is moite de bhliain go leith, is ann a chaithfeadh sé a shaol múinteoireachta. Is i Scoil Eoghanachta a chaith sé an bhliain go leith úd; b’amhlaidh a chuathas dian air le linn bainise glacadh leis an bpost agus ghéill sé. Bhí aiféala air an mhaidin dár gcionn ach ba fhear dá fhocal é. Nuair a d’éirigh leis filleadh ar scoil Dhroimeanaigh bhí a shinsearacht caillte aige. Bhí éirithe leis céim a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; ní raibh Laidin aige agus b’éigean dó í a fhoghlaim. Saothar an scríbhneora Gerald Griffin a bhí mar ábhar aige dá chéim mháistir. Sular éirigh sé as an múinteoireacht in aois a sheasca bliain dó is mar mhúinteoir feabhais a bhí sé ag obair; bhí spéis ar leith aige sa taobh sin den cheird agus bhí freastal déanta aige ar chúrsaí a bhain leis. Cheana féin bhíodh nuachtchainteanna á dtabhairt aige ar Radio Éireann agus ghlacadh sé páirt go rialta sa chlár Sunday Miscellany ó dheireadh na 1960idí amach. D’éag sé 9 Nollaig 1989. Phós sé Caitlín Ní Uallacháin ó Bhaile Sheáin, Co. Chill Chainnigh, 7 Aibreán 1953 agus bhí cúigear iníonacha acu.