Ó CUÍV, Brian (1916–1999) Brian Ó CUÍV 1916 1999 Baile Átha Cliath M Scoil Uí Chonaill, Sráid Richmond, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de phríomhscoláirí Gaeilge an 20ú haois; tá breis agus trí chéad tagairt dár scríobh sé in Bibliography of Irish linguistics and literature 1942-71 (1986) le Rolf Baumgarten ach níl a shaothar léinn ina iomláine liostaithe. Tá cuntas air: in The Irish Times 20 Samhain 1999; in Feasta, Nollaig 1999; agus ag Tomás Ó Concheanainn in Éigse XXXIII, 2002. I mBaile Átha Cliath 20 Samhain 1916 a rugadh an mac seo le Shán Ó Cuív[B2], iriseoir, agus a bhean Hannah O’Keeffe; bhí Shán ar dhuine de mhórphearsana Chonradh na Gaeilge sa cheathrú tosaigh den 20ú haois. Deartháireacha le Brian ba ea an tAthair Shán, scoláire Gaeilge, agus an tArd-Aighne Aindrias, agus bhí triúr deirfiúracha aige. Cuireadh oideachas air i Scoil Uí Chonaill agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Toghadh é ina rúnaí ag an gCumann Gaelach sa choláiste in 1938 agus bhí sé féin agus Ruairí de Valera, Reachtaire an Chumainn, mar ionadaithe ar Choiste an Oireachtais. Bhí sé ina léachtóir le Moch-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Breatnais i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1940-42. Ó 1942 anuas go 1953 bhí sé ag obair in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, é ina chúntoir, ina ollamh cúnta agus ina ollamh. Tar éis dó a bheith ina léachtóir le teanga agus le litríocht na Gaeilge Clasaicí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó 1953, ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach ann in 1960 agus bhí sé sa phost go 1967. D’fhill sé ar an Institiúid Ard-Léinn mar ollamh sinsearach in 1967 agus bhí ina stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh 1968-71 agus arís 1972-73.

Saothar leis is ea The Irish of West Muskerry, Co. Cork (1944); Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne i gCunndae Chorcaí (1947); Irish dialects and Irish-speaking districts (1951); Literary creation and Irish historical tradition (1964); The Irish bardic duanaire or ‘Poem Book’ (1973); The linguistic training of the Mediaeval Irish poet (1973). Chuir sé eagar ar Cath Muighe Tuireadh: the second battle of Magh Tuireadh (1945); Párliament na mban (1952); Aibidil Gaoidheilge agus caiticiosma: Seaán Ó Cearnaigh’s Irish primer of religion published in 1571 (1994). Deir Ó Concheanainn faoin eagrán den chaiticeasma sin: ‘Tá tuairisc mhaith tugtha ag Brian san eagrán seo ar phrós na Gaeilge clasaicí, tuairisc atá inchomórtais le tráchtas Thomáis Uí Raithile ina eagrán féin de Desiderius (1941).’ In eagar aige in Celtica 1, 1950 tá teagasc críostaí Fhlaithrí Uí Mhaolchonaire[B7]. Ba é an saothar deiridh uaidh clár de na lámhscríbhinní Gaeilge i Leabharlann Bhodley a foilsíodh in dhá imleabhar agus deir Ó Concheanainn faoi: ‘B’fhéidir go measfaí amach anseo ag lucht an léinn Cheiltigh agus ag staraithe na Meánaoise gurb é Catalogue of Irish language manuscripts in the Bodleian Library at Oxford and Oxford college libraries, 2001 sméar mhullaigh a shaothair.’

Sraitheanna de Léachtaí Thomáis Dáibhis a d’eagraigh sé agus a craoladh ar Radio Éireann is ea Seven centuries of Irish learning 1000-1700 (1961) agus A view of the Irish language (1969). Ba é a chuir eagar ar Aisling Meic Conglinne (1990), obair a bhí idir lámha ag Kenneth Jackson sular buaileadh tinn é. Chuir sé spéis ar leith sna hainmneacha agus sna sloinnte agus in 1986 d’fhoilsigh an Institiúid an leabhrán Aspects of Irish personal names. Aistí nótáilte leis is ea ‘The Irish language in the Early Modern period’ in A New History of Ireland, Vol. 3 (1978); ‘The Gaelic cultural movements and the new nationalism’ in The making of 1916 (1969) in eagar ag Kevin Nowlan; ‘MacNeill and the Irish language’ in The scholar revolutionary: Eoin MacNeill ... (1973) in eagar ag Martin agus Byrne; ‘The phonetic basis of classical Irish rhyme’ in Ériu 20, 1966; ‘Béaltraidisiún Chorcaí—a chúlra’ in Béaloideas 58, 1990; ‘A contemporary account in Irish of a nineteenth-century tithe affray’, cuntas le Dáibhí de Barra[B6], in Proceedings of the Royal Irish Academy 61 C, 1960-61. Bhí sé ina eagarthóir ar Celtica agus foilsíodh uimhir 21, 1990, mar fhéilscríbhinn ina onóir. Bhí sé tamall fada ina eagarthóir ar Éigse freisin.

Deirtear i gcuntas Feasta: ‘Is deimhneach go bhfuil sé le háireamh ar phríomhscoláirí Gaeilge an 20ú haois. Ba dheacair an t-eolas domhain fairsing a bhí aige ar an litríocht a cumadh sa Ghaeilge le breis agus míle bliain a shárú. Mar sin féin, bhí luí le réimsí áirithe taighde seachas a chéile le tabhairt faoi deara i measc na gcéadta saothar—idir leabhair agus ailt—a d’fhoilsigh sé. Bhain an tOllamh Ó Cuív máistreacht amach ar fhilíocht na scol, ar theanga shaothraithe agus ar mheadarachtaí casta na Gaeilge Clasaicí.’ Agus bhí an méid seo in Irish Times: ‘While Professor Ó Cuív’s work was primarly scholarly, he never lost his belief in the importance of the Irish language as a living vernacular. Nor did he ever forget the pivotal role the Gaeltacht played in its survival. Writing in one essay, he notes: “If the spark can be left alive in the Gaeltacht we can hope for success. One necessary ingredient is love for our country, for its nationhood, and for the most distinctive mark which our nation can have—its language”.’ Phós sé Emer de Valera, iníon le hÉamonn de Valera, in 1941 agus bhí naonúr clainne acu, ar duine díobh Éamon Ó Cuív TD. D’éag sé 14 Samhain 1999 agus cuireadh é i nGlas Naíon.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »