I Meán Fómhair 1914 dúirt Tomás Mac Donnchadha fúithi: “Alice Milligan, Ulster Protestant, Gaelic Leaguer, Fenian, friend of all Ireland, lover of Gaelic Catholic as of her own kith, strong in faith and in hope and in charity, clear of eye and of voice, single-minded, high, inspired and inspiring, humorous and solemn, taking encouragement and praise and blame and rebuff as they come, without thought of herself, with thought always of Ireland’s cause – Alice Milligan is the most Irish of living Irish poets, and therefore the best.” Cibé breithiúnas a thabharfaí inniu ar a cuid filíochta, tá léiriú sa chaint sin ar an gcineál measa a bhí uirthi mar dhuine in 1914. Tá sí ar an bhfíorbheagán ban a bhféadfaí réamhchonraitheoirí agus, go deimhin, réamh-Shinn Féinithe a thabhairt orthu.

Rugadh Alice Letitia Milligan ar 14 Meán Fómhair 1866 san Ómaigh i gContae Thír Eoghain. Seaton Forest Milligan, fear gnó rafar, ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann, fear a raibh ardspéis i stair agus i seandálaíocht aige, a hathair. Scríobh sé Glimpses of Erin (1888), cnuasach a bhfuil cuid de dhéantús Alice ann. Charlotte Burns ó Dhún Geanainn a máthair. De bhunadh Meitidisteach an bheirt acu. Sa chlann acu freisin bhí Charlotte Milligan Fox a rugadh ar 17 Márta 1864 agus a d’éag ar 25 Márta 1916 (údar Annals of the Irish harpers), Dr Ernest Milligan, W. H. Milligan (a scríobh Sons of the Sea Kings agus an t-úrscéal The dynamite drummer i gcomhpháirt le Alice), agus Charles F. Milligan.

Chaith sí tamall ag freastal ar scoil phríobháideach san Ómaigh. Bhí teagmhálacha aici leis an náisiúnachas ó thús: traidisiún gur mháirseáil a sin-seanathair agus cúigear mac leis go dtí Cath Aontroma leis na reibiliúnaigh in 1798; seanuncail aici, Armour Alcorn, feirmeoir a labhraíodh Gaeilge lena chuid oibrithe; buachaill a bhí ar aimsir ag muintir Mhaolagáin, “a veritable Rory of the Hills.” Ach ar scoil san Ómaigh di agus sa Choláiste Meitidisteach i mBéal Feirste b’fhurasta do na tionchair sin dul ar neamhní. “Ireland dear! through the length of my childhood lonely,/ Throughout the toilsome hours of my schooling days,/ No mention of thee was made unto me, save only/ By speakers in heedless scorn or in harsh dispraise.”

Bhí sí tamall i gColáiste Mhag Aoidh i nDoire agus ann a cháiligh sí mar mheánmhúinteoir. Ann freisin a d’fhoghlaim sí conas drámaí a léiriú. Bhí gaol ag an aisteoir Shakespeareach cáiliúil, John McCulloch, Meiriceánach, le duine de na múinteoirí ann, Miss McKillop, agus thugadh sé cuairt ar an gcoláiste agus thugadh ceadail ann. Bhí sí ag staidéar ar an stair i gColáiste an Rí, Londain, faoin scoláire J.R. Gardiner ina dhiaidh sin.

Tuairim an ama seo chuaigh saothar finnscealaíochta Standish James O’Grady, History of Ireland (1878–81), i gcion uirthi. Clochmhíle eile ina saol gur thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge Phádraig Uí Shéaghdha (‘Conán Maol’) i mBéal Feirste i mBealtaine 1893. An bhliain dár gcionn bhunaigh sí féin agus Eithne Nic Sheáin (‘Ethna Carbery’) an míosachán The Northern Patriot i gcomhpháirt le Club Náisiúnta Oibrithe Bhéal Feirste. Nuair a tharla easaontas idir an bheirt acu agus an Club bhunaigh siad an iris Shan Van Vocht ina áit (1896–99). Ba é guth Chonradh na Gaeilge go neamhoifigiúil é. Chuir siad deireadh leis nuair a thosaigh páipéar Airt Uí Ghríofa, The United Irishman.

Bhuaigh sí an chéad duais sa roinn don aiste Bhéarla “How to popularise the Irish language” ag an gcéad Oireachtas in 1897. Bhí sí ina rúnaí eagair ag Coiste Chomóradh ’98 i gCúige Uladh. Comhthoghadh ina ball de choiste Fheis Uladh í in Iúil 1900. Bhí baint mhór aici leis an dráma Gaeilge (“dealbh-chluth”) Naomh Pádraig ag Teamhair a chuir an Conradh ar siúl i Halla Naomh Muire i mBéal Feirste ar 17 Márta 1899 agus ar Luan Cásca i Halla Cholm Cille i nDoire. Bhí páirt “gallóglaigh” ag a deartháir Ernest ann. Ag tagairt do léiriú na ndrámaí Aodh Ó Néill agus Eilís agus an bhean déirce dúirt An Claidheamh Soluis ar 1 Feabhra 1902: “The scenery and dresses for which Miss Milligan was responsible were as perfect as one could expect from the designer of the ‘Gaelic Tableaux’.” Théadh sí timpeall ar chraobhacha an Chonartha ag leachtóireacht ar stair na hÉireann le cabhair laindéir draíochta agus sleamhnáin.

Ó 1892 amach bhí sí ag scríobh drámaí i mBéarla don Irish Literary Theatre, úrscéalta, agus beathaisnéis Wolfe Tone. Bhí leabhair de chuid na hÉireann á ndíol aici ina siopa ar Shráid Dhásain, Baile Átha Cliath, timpeall 1920. Foilsíodh tuairim 200 dá cuid dánta idir 1888 agus 1923. Tá cuntas ar a saothar liteartha ag Henry Mangan in Poems (1954). D’fhoilsigh Colourpoint Press beathaisnéis: Alice: a life of Alice Milligan (1994) le Sheila Turner Johnston. Ón bhfoilsitheoir céanna tháinig The harper of the only God: a selection of poetry by Alice Milligan (1993). Pléitear a saol agus a saothar freisin in Alice Milligan and the Irish cultural revival (2012) le Catherine Morris. Is léir ar na dánta deiridh a scríobh sí gur ghoill an Cogadh Cathartha go mór uirthi. Is beag má d’fhoilsigh sí dán nua ar bith i ndiaidh 1923.

In 1941 bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh uirthi. D’éag sí ar 13 Aibreán 1953 agus tá sí curtha i reilig Dhroim Rátha in aice leis an Ómaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú