WAGNER, Heinrich (1923-1988) Heinrich WAGNER 1923 1988 M Kantonales Gymnasium, Zürich, an Eilvéis Ollscoil Zürich, an Eilvéis bailitheoir béaloidis [B9] scoláire bailitheoir béaloidis scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntais ar a shaol is a shaothar in: Studia Celtica XXIV/XXV, 1989/90 ag Emrys Evans; in Études Celtiques XXVI, 1989 ag Séamus Mac Mathúna; in Zeitschrift für celtische Philologie 43, 1989 ag Karl Horst Schmidt; in Celtica XX, 1988 ag Brian Ó Cuív [q.v.]; in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh 2, 1988 ag Malachy McKenna; ag A.J. Hughes in Donegal Annual, 1988 mar a bhfuil cur síos ar a thréimhsí i dTír Chonaill go háirithe; ag Gearóid Stockman in Ainm IV, 1989-90; ag Seán Ó hEochaidh [q.v.] in Miscellanea Celtica in memoriam Heinrich Wagner (1997) in eagar ag Séamus Mac Mathúna agus Ailbhe Ó Corráin; in Léachtaí Cholm Cille XLIII, 2013 ag Ailbhe Ó Corráin chomh maith. Is é cuntas Uí Eochaidh is faide agus, b’fhéidir, is taitneamhaí díobh sa mhéid go bhfuil béim ann ar chumas grinn agus ar dhaonnacht Wagner. In Béaloideas 72, 2004 (‘The scholar and the storyteller: Heinrich Wagner’s collections from Peig Sayers’) tá cur síos ag Bo Almqvist ar an tréimhse a chaith an scoláire i nDún Chaoin in 1946.

Ba é an duine ba cháiliúla é de scoláirí Gaeilge na Mór-roinne sa dara leath den 20ú haois. Is mar seo a bhreathnaigh Ó Cuív air: ‘. . . the most outstanding Celtic scholar to have come to us from abroad and to have settled among us.’ An chomaoin is mó a chuir sé ar Éirinn is ea Linguistic atlas and survey of Irish dialects (1958-69) a d’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath i gceithre imleabhar. Bhí mioneolas aige ar tuairim is trí scór teanga, dar le McKenna. Comhartha aitheantais is ea go raibh sé ina chomheagarthóir ar Zeitschrift für celtische Philologie, agus ina eagarthóir in 1970 mar chomharba ar Julius Pokorny [B3]. Chuaigh sé i gcion go mór ar ghlúnta de scoláirí óga: ‘There is no doubt but that he had a remarkable ability to fire the enthusiasm of aspiring young scholars with his total commitment to scholarship, and to open up their intellectual horizons with the awesome breadth of his knowledge. He could also charm them with his complete lack of pomposity and his innate, unstudied courtesy. For many young scholars his was a name to conjure with’ (Evans).

In Zurich a rugadh é ar 16 Eanáir 1923. Bhí sé ar scoil sa Kantonales Gymnasium ar dtús sula ndeachaigh sé isteach in Ollscoil Zurich in 1941. Faoi Rudolf Hotzenköcherle rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht Ghearmánach agus rinne cúrsaí san fhocleolaíocht Ind-Eorpach faoi Manu Leumann. Thabhaigh sé cáil i measc mhic léinn a aimsire féin lena thapúlacht a chuireadh sé eolas ar theangacha Ind-Eorpacha; deirtí gurbh in imeacht deireadh seachtaine a d’fhoghlaim sé canúint den tSlavais. Tugann McKenna fianaise i dtaobh an bhua sin mar ba léir dó é blianta ina dhiaidh sin: ‘Wagner had an unusual talent for mastering spoken languages. I had the good fortune to conduct field-work with him in Brittany and the Basque country, and on both occasions I was struck by how quickly he picked up a conversational knowledge of the languages in question.’

I samhradh 1943 chuir sé a ainm síos do chúrsa tosaigh sa tSean-Ghaeilge a bhí á thabhairt ag Pokorny, scoláire a mbeadh mórthionchar aige ar dhul chun cinn an fhir óig; is faoi a bhí sé ag foghlaim na dteangacha Ceilteacha ar feadh trí bliana. ‘Ar an bhomaite agus a chuaigh mé isteach i dteangaidh agus i litríocht na Sean-Ghaeilge, thug mé fá dear gur rud iontach agus rud ar leith an seanchultúr Gaelach . . .. Tchítear domsa gur ag an tseanbhunadh Ghaelach atá spiorad agus cultúr ard na Meán-Aoise beo go fóill, rud atá imithe as an Eoraip uilig’ (athchló in An tUltach, Aibreán 2002 ar shliocht as alt a bhí aige san iris sin in Aibreán 1947). Shíl Pokorny agus Hotzenköcherle araon gurbh é an mac léinn ab fhearr riamh acu é. In 1945 mhol Pokorny dó dul go Dún Chaoin. I mBaile Átha Cliath dó thapaigh sé an deis chun feabhas a chur ar an mBéarla aige. Chaith sé cúig mhí i nDún Chaoin ag foghlaim Gaeilge agus bhailigh ábhar ann ó dhaoine, Peig Sayers[B5] ina measc. Foilsíodh é in Oral literature from Dunquin, Co. Kerry (1983) leis féin agus Nollaig Mac Congáil. Toradh eile is ea ‘Phonetische aus Dunquin, Co. Kerry’ (Zeitschrift für celtische Philologie 42, 1987). Thug sé cuairt ar cheantair Ghaeltachta eile agus in 1946 bhí sé i dTeileann mar ar casadh air Seán Ó hEochaidh, bailitheoir béaloidis; dlúthchairde ba ea iad as sin amach. Is minic a bhí sé sa dúiche sin i rith 1946-48 agus b’fhearr leis cloí feasta le canúint na háite sin de rogha ar chanúint Chiarraí. Ó hEochaidh agus é féin a chuir Seanchainnt Theilinn (1955) ar fáil. In 1959 foilsíodh a thuairisc uirthi, Gaeilge Theilinn, saothar a gcuirtear mórthábhacht leis toisc a bhfuil taifeadtha ann go cuimsitheach de chaint nach bhfuil le cloisteáil anois. I nGaeilge a scríobh sé an leabhar toisc gurbh é Comhaltas Uladh a thug deontas £100 dó le dul ina bhun; Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a choinnigh airgead leis chun dlús a chur leis. Deir Ó Cuív gur Gaeilge is mó a labhraíodh sé lena chomhghleacaithe.

Bronnadh D.Phil. (magna cum laude) air in 1948. Sa bhliain chéanna sin ag comhdháil teangeolaithe i bPáras phléigh sé le Brian Ó Cuív [q.v.] agus le Gearóid Ó Murchadha [B2] an phráinn a bhí le hatlas teangeolaíoch na hÉireann a thionscnamh. Tá tuairisc aige in Éigse, geimhreadh 1948 ar a raibh déanta den chineál sin oibre ar fud na hEorpa. ‘Indeed an Irish atlas is a much more urgent task, as it is here a matter of recording a language which is undoubtedly doomed to extinction.’ Tá sé paiseanta anseo is ansiúd san aiste sin: ‘The Irish Folklore Commission is working at full pressure to secure the rich harvest offered by the old dying race of shanachie before it is garnered by the rival harverster, Death. It is a work of great urgency and hence of great value, a race against death and irreparable loss. This is equally true of neo-Irish dialect research. The transitional stage of Ireland today renders an immediate beginning essential.’ Agus arís: ‘An Irish linguistic atlas is indispensable for the study of European culture and could contribute to it in the same way as the work of the Irish Folklore Commission has contributed to the cultural history of Europe.’ ‘Cinneadh ag cruinniú in Institiúid Ardléinn i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1949 go bhfágfaí cúram an atlais agus na suirbhéireachta faoi lámha cumasacha Heinrich . . .’ (Hughes). Is i rith laethanta saoire an earraigh agus an tsamhraidh amháin a bhíodh deis aige dul i mbun na hoibre sin. Sa réamhrá leis an gcéad imleabhar cuireann sé síos ar an dua agus an deacracht a bhain leis; ó dhaoine idir seachtó agus 95 bliain d’aois i gceantair aistreánacha, cuid acu bodhar nó dall, cuid eile nár labhair an teanga le tamall fada, is mó a bhí eolas iontaofa le fáil; ar dhaoine nach raibh léamh na Gaeilge acu amháin a bhí a aird. ‘Wagner’s irritation with criticism [i dtaobh an atlais] stemmed partly from his conviction that the work would not have been done at all had he himself not carried it out. Given that the language was in a state of advancing regression and decay throughout most of the country, he realized the necessity of acting swiftly and effectively in order to salvage as much as possible for future generations of what he called “the ruins of a language”. He saw this monumental task through to a successful conclusion!’ (Mac Mathúna ). Deir Stockman: ‘Ábhar oibre do mheitheal scoláirí a bhí san Atlas seo ach d’éirigh le Wagner an t-iomlán a chur i gcrích é féin. Thug sé cuairt ar 87 baile in Éirinn a raibh Gaeilge á labhairt iontu, ar oileán Mhanann agus ar Albain agus chuir sé 1175 ceist ar dhuine i ngach ceantar le eolas a chruinniú ar chanúintí na Gaeilge.’ I léirmheas in Scéala Éireann 27 Feabhra 1959 deir Brian Ó Cuiv[q.v.]: ‘I know no other scholar with the necessary determination and energy to plan and carry out such a work in so brief a time.’

In 1949-51 bhí sé ag obair mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus tháinig go mór faoi thionchar an scoláire Ernst Lewy ann. ‘Under Lewy’s gentle guidance Wagner added Finno-Ugric, Caucasian and Basque to his linguistic repertoire. He was, moreover, particularly impressed and inspired by Lewy’s work in linguistic typology, work which reinforced his own ideas—inter alia the belief in a Hamito-Semitic, or Hamito-Semitic type, substratum in Insular Celtic—that had had their genesis in his earlier studies with Pokorny’ (Evans). As na tuiscintí sin a tháinig Das Verbum in den Sprachen der britischen Inseln (1959).

Ó 1951 go 1953 bhí sé ina ollamh leis an bhfocleolaíocht Ghearmánach in Ollscoil Utrecht agus ceapadh é ina ollamh leis an ábhar céanna in Ollscoil Basel ina dhiaidh sin. Ó 1958 go ceann 21 bliain bhí sé ina ollamh le Ceiltis agus leis an bhFocleolaíocht Chomparáideach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Bhí sé ina Chonsal Oinigh ag an Eilvéis sa chathair. Samhradh éigin roimh 1964 chaith sé tamall sa Laplainn ag foghlaim na Laplainnise ach bhí cúiseanna gearáin aige: bhíodh sé leath-ite ag corrmhíoltóga i gcaoi gurbh éigin dó a bheith ag síorchaitheamh tobac mar chosaint orthu; níor fhéad sé dul i dtaithí laethanta fada samhraidh na Laplainne ná foighneamh le pobal ólséantach na tíre sin! Ach toghadh é an bhliain dár gcionn ina chomhalta den Société Finno-Ougrienne i ngeall ar an obair a bhí déanta aige.

Bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt. Celt. oinigh air in 1979. Sa bhliain sin freisin ghlac sé le cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh chun a bheith mar ollamh acu. Toghadh é mar Ollamh Oinigh le Gaeilge in Ollscoil Aberystwyth in 1986 ach faoin am sin ní ligfeadh an drochshláinte dó cuairt a thabhairt ar an mBreatain Bheag. Is iad na leabhair agus na hailt eile dá chuid a luaitear go minic: Studies in the origins of the Celts and of early Celtic civilisation (1971); Das Hethitische vom Standpunkte der typologischen Sprachgeographie (1985); ‘The typological background of the ergative construction’ (Proceedings of the Royal Irish Academy 78C, 3, 1978). Tuairim leathchéad páipéar i dtaobh gnéithe den fhocleolaíocht Cheilteach agus Chomparáideach a d’fhoilsigh sé. Bhí i gceist aige graiméar comparáideach na dteangacha Ceilteacha a scríobh. Bhí mialóma á fhulaingt aige ó 1982 agus d’éag sé i mBaile Átha Cliath 11 Meán Fómhair 1988. Phós sé Marjorie Keogh ó Dhumhach Thrá, Baile Átha Cliath, in 1951. Cuireadh é i mBóthar na Bruíne. Thug Micí Mac Gabhann[B1] cuntas an-gheanúil ar an scoláire óg in Rotha mór an tsaoil: ‘Bhí sé mar dhuine againn féin anseo, agus stócach ní ba dheise agus ní ba thíriúla char chaith oíche riamh ar m’urlár. Chaith sé a chroí agus a intinn go hiomlán lena ghnoithe agus chomh luath is a ligfeá focal amach as do bhéal bhí sé scríofa síos aige ar an dóigh cheanainn chéanna a gcanfá é. Shílfeá gur ag scríobh ceoil a bhíodh sé. Bhí dhá ní a raibh sé trom orthu: an codladh agus an toit. Nuair a rachadh sé fá chónaí in am luí agus a thitfeadh sé thart, thosódh an tsrannfach aige agus chan a dhath a bhéarfadh sé i do cheann ach marbhthóirneach a bheadh i bhfad ó bhaile. Bhí sé chomh trom ar a thoit agus gur mhinic go raibh an seomra a raibh sé ag obair ann mar bheifí ag dó ceilpe ann le a mhéad is bhíodh de thoit tobaca ann. Bhí gar eile aige . . . agus ba é sin nach gcuala mé focal cam ná crotach amach as a bhéal ón lá a tháinig sé chun tí gur imigh sé. Creidim nach bhfeicim é go deo arís, ach cibé talamh a mbeidh sé ann beidh scoith an Ghaeilgeora agus scoláire ann’ (i gcló ag Hughes). San am ar bhuail Stockman leis i dTeileann sna 1950idí shnámhadh sé anonn go Port an Chabhlaigh agus anall roimh a bhricfeasta: ‘Tamall gairid ina dhiaidh sin chonaic mé uaim é ag tórramh Sheáin Mhic Airt[B3] . . . agus chonacthas domh gur mhó de lúthchleasaí é ná d’fhear léinn.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »